Na Sailm 92

92
Salm 92.
Bonum est confiteri.
1Is maiṫ an ní é buíoċas a ṫaḃairt leis an Tiarna: agus molaḋ dʼAinm a ṡeinm, a Ḋia is Airde.
2Ḃeiṫ ag insint do ċarṫanaċta gráṁaire ar moċ maidine: agus dʼḟírin ne i dtráṫ na hoíċe;
3Ar uirlis deiċ dtéad, agus ar an liúit: ar ġléas ardċeoil agus ar an gcláirseaċ.
4Óir is tú, a Ṫiarna, a ċuir lúċáir orm led oibreaċa: agus is orm a ḃeiḋ an t‑áṫas ṫú a ṁolaḋ as gníoṁarṫa do láṁ.
5A Ṫiarna, cad é ċoṁ glórṁar led oibreaċa: is doṁain as cuimse iad do smaointe.
6Ní ṫugann duine díċéillí sin dá aire: ní mó a ṫuigeann amadán é.
7Nuair a ḃíonn luċt an oilc ċoṁ húrġlas leis an ḃféar, agus nuair a ḃíonn luċt cleaċtaiṫe na hurċóide go léir faoi ḃláṫ: is ansin a ḃíos scrios síoraí i ndán dóiḃ.
8Aċ is tú, a Ṫiarna: is tú go bráċ an Té is Airde.
9Óir is é an scrios atá i ndán do do naiṁde, a Ṫiarna, is é atá i ndán do do naiṁde: agus tiocfaiḋ milleaḋ ar luċt cleaċtaiṫe na hurċóide.
10Aċ ardófar mo ḃeannsa mar ḃeann aonaḋarcaiġ: ó hungaḋ mé le hola úr.
11Feicfiḋ mo ṡúil fós a mian ar mo naiṁde: agus cluinfiḋ mo ċluas a roġa rud i dtaoḃ na ndroċḋaoine a éiríos im aġaiḋ.
12Beiḋ fás na pailme faoi an ḃfíréan: agus leaṫnóiḋ sé mar ċéadras ar Ṡliaḃ Liaḃáin.
13Na crainn a cuirtear i dteaċ an Tiarna: beiḋ raṫ orṫu i dteaċ ár nʼDé.
14Méadóiḋ a dtoraḋ ag dul in aois dóiḃ: agus is iad a ḃeas téagraċ folláin.
15Go dtaispeánfaiḋ siad ċoṁ fíor agus ḃíos an Tiarna, mo ċuṁaċt: agus naċ mbíonn neaṁḟíréantaċt dá laġad ann.

S'ha seleccionat:

Na Sailm 92: OC1965G

Subratllat

Copia

Compara

Comparteix

None

Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió