1
Na Sailm 91:2
An tSaltair, nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)
OC1965G
Déarfaiḋ mé leis an Tiarna, Is tú mo ḋóċas, agus mo ḋaingean: mo Ḋia, is as a ḃeiḋ mo ṁuinín.
Compara
Explorar Na Sailm 91:2
2
Na Sailm 91:1
Cibé a ṁaireann faoi ċuṁdaċ an Té is Airde: fanfaiḋ sé faoi scáil an Uileċuṁaċtaiġ.
Explorar Na Sailm 91:1
3
Na Sailm 91:15
Glaofaiḋ sé orm, agus éistfiḋ mise leis: is deiṁin go mbím ina láṫair i mbuaireaṁ; fuasclóiḋ mé é, agus onóróiḋ mé é.
Explorar Na Sailm 91:15
4
Na Sailm 91:11
Óir ordóiḋ sé dá aingil i do ṫaoḃ: ḃeiṫ do do ċuṁdaċ gaċ bealaċ dá mbíonn tú.
Explorar Na Sailm 91:11
5
Na Sailm 91:4
Cosnóiḋ sé faoina sciaṫáin ṫú, agus ní baol duit faoina ċleití: beiḋ a ḋílseaċt agus a ḟírinne agat mar sciaṫ agus mar ḋídean.
Explorar Na Sailm 91:4
6
Na Sailm 91:9-10
Óir is tú, a Ṫiarna, mo ḋóċas: is ró‑ard a ċuir tú do ṫeaċ cosanta. Doċar ní ṫarlóiḋ duit: ná ní ṫiocfaiḋ plá de ċoṁair do ṫí.
Explorar Na Sailm 91:9-10
7
Na Sailm 91:3
Óir fuasclóiḋ sé ṫú ó ḋol an ḟiagaí: agus ón bplá urġránna.
Explorar Na Sailm 91:3
8
Na Sailm 91:7
Titfiḋ míle le do ṫaoḃ, agus deiċ míle ar do láiṁ ḋeas: aċ ní ṫiocfaiḋ sé i do ċoṁair.
Explorar Na Sailm 91:7
9
Na Sailm 91:5-6
Ní heagal duit an t‑uafás a ḃíos ag siúl san oíċe: ná an saiġead a eitlíos sa lá. Ní heagal duit an ṗlá a ṡiúlas sa dorċadas: ná an aicíd a ḋéanas scrios i lár an lae.
Explorar Na Sailm 91:5-6