Galátaigh 6
6
1A Bhráithre, má bheirtear ar dhuine ar bith i gcoir ar bith, tógaigí an duine sin ar a bhoinn arís, an méid agaibh atá spioradálta, i sprid na cneastachta. Agus seachain thú féin ar eagla go gcuirfí cathú ort freisin. 2Iompraígí tromualaí a chéile, ós amhlaidh a chomh-líonfaidh sibh dlí Chríost. 3Mar an duine a dhéanas mór is fiú nuair nach fiú ach neamhní é, bíonn sé ag cur dalla-mullóige air féin. 4Ach scrúdaíodh gach duine a shaothar féin, ionas go n-altaí sé leis féin é gan baint den chomharsa. 5Mar caithfidh gach duine a ualach féin a iompar.
6An té a múintear an briathar dó, roinneadh sé na maitheasaí uile le hoide a mhúinte.
7Ná bíodh breall oraibh; ná síligí gur féidir magadh a dhéanamh faoi Dhia, ná a rá nach mbainfidh duine de réir mar a chaitheas sé síol. 8Mar an té a chuireas a shíol mar mhaithe le sáile a cholainne bainfidh sé an lofacht a thagann ón gcolainn; ach an té a chuireas a shíol mar mhaithe leis an Spiorad, bainfidh sé an bheatha shíoraí a thagas ón Spiorad. 9Agus ná cluintear cloíteacht orainn ag déanamh dea-ghníomhartha, mar bainfimid an fómhar in am agus i dtráth, mura gcaillimid ár misneach. 10Mar sin de, beirimis ar an bhfaill leis an dea-rud a dhéanamh a théas chun sochar na ndaoine uile, go háirithe sochar lucht aontí an chreidimh.
11Féachaigí na litreacha móra seo atá mé ag scríobh chugaibh anois, le mo láimh féin. 12Is iad an dream a bhíos i bhfáth le dea-chuma chollaí a thaispeáint a bhíos ag iarraidh a thabhairt oraibh glacadh le timpeallghearradh, ach ní dhéanann siad amhlaidh ach le teacht saor iad féin ó ghéarleanúint ar son chrois Chríost. 13Mar an dream sin a ghlacas le timpeallghearradh, ní bhíonn siad féin ag coimeád an dlí, ach is mian leo sibhse a thimpeallghearradh ionas go mbí ábhar maíte as bhur gcolainn acu. 14Ach go mbʼfhada uaim aon ábhar maíte ar bith a bheith agam, amach ón gcrois sin ár dTiarna Íosa Chríost, ar ar céasadh an saol domsa, agus ar ar céasadh mise don saol. 15Mar ní haon rud é an timpeallghearradh, ná ní haon rud é an neamh-thimpeallghearradh, ach is é an rud é nua-chruthú nádúr an duine. 16Agus bíodh an tsíocháin agus an trócaire ag an dream a shiúlann de réir na rialacha seo, ag fíor-Iosrael Dé.
17Ná bíodh aon duine feasta ag cur buartha orm; mar bím ag iompar cholm Íosa i gcraiceann mo choirp.
18Go raibh grásta ár dTiarna Íosa Críost agaibh in bhur Spiorad, a bhráithre liom. Áiméan.
Currently Selected:
Galátaigh 6: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland