YouVersion Logo
Search Icon

Galátaigh 5

5
1Rinne Críost sinne a shaoradh ionas go mbeadh an tSaoirse againn; mar sin seasaigí an fód, agus ná humhlaígí arís do chuing na daoirse.
2Mise, Pól, atá anois á rá libh, nach mbeidh aon bhun-táiste agaibh as Críost má ghlacann sibh timpeallghearradh. 3Dearbhaím athuair don uile dhuine a ghlacann timpeallghearradh, go bhfuil dʼoibleagáid air an dlí uile a choinneáil. 4A dhream úd atá i bhfáth le bhur bhfíréanú tríd an dlí, tá sibh scartha ó Chríost; tá tite agaibh as staid na ngrást. 5Mar is tríd an Spiorad, agus is leis an gcreideamh, a bhímíd ag fuireach le dóchas na fíréantachta. 6Mar nuair a bhíonn tú taobh istigh den Chríost, de Íosa, níl aon éifeacht sa timpeallghearradh ná sa neamh-thimpeall-ghearradh, ach sa chreideamh a oibríonn tríd an ngrá. 7Bhí sibh ag teacht chun tosaigh go maith; cé a chuir cosc oraibh ó umhlú don fhírinne? 8Ní ón té a ghair oraibh a thagann sí, an tuairim sin a bhfuil sibh chomh cinnte fúithi. 9Ach dá laghad an laibhín borrann sé ar fud an taois uile. 10Tá muinín as an Tiama agam nach mbeidh sibh ar athrach intinne liom; agus an té atá do bhur mbuaireamh caithfidh sé teacht leis an mbreith a thabharfar air, cibé é féin. 11Ach a bhráithre, más ní é go mbímse go fóill ag fógairt an timpeallghearrtha, cad chuige a gcuirtear géarleanúint orm go fóill? Más amhlaidh atá, atá deireadh le ceap tuisle na Croise. 12An dream sin a rinne bhur suaith-eadh, ba é a gceart iad á gcoilleadh féin!
13Is chun na saoirse a glaodh sibh, a bhráithre; ach ná bainigí úsáid as an tsaoirse sin mar chaoi don cholainn, ach le bheith grámhar garach dá chéile. 14Mar comhlíontar an dlí iomlán san aon bhriathar seo amháin, “Tugaigí grá don chomharsa mar an grá a bhíos agaibh daoibh féin.” 15Ach má bhíonn sibh ag creimeadh is ag ithe a chéile, bígí ar bhur gcoimeád dʼeagla go mbeadh sibh do bhur n-ídiú ag a chéile.
16Ach is é a deirim libh, siúlaigí de réir an Spioraid, agus ná géilligí dʼainmhianta na colainne. 17Mar bíonn ainmhianta na colainne ag cur in éadan an Spioraid, agus mianta an Spioraid ag cur in éadan na colainne, mar tagann siad seo crosach ar a chéile, le bac a chur oraibh ó dhéanamh mar is mian libh. 18Ach más é an Spiorad a bhíos ag déanamh eolais daoibh, níl sibh faoi chuing an dlí. 19Anois níl amhras ann cad iad oibreacha na colainne: is iad an striapachas, an neamhghlaine, an ainriantacht, 20an t-íoladhradh, an saobhchreideamh, an naimhdeas, an t-imreasán, an t-éad, an íhearg, an leithleas, an easaontacht, an clampar, 21an formad, an t-ólachán, an phótaireacht, agus a leithéidí eile. Tugaim daoibh an rabhadh úd a thug mé daoibh roimhe, nach mbeidh lucht cleachta na ngníomhartha sin ina n-oidhrí choíche ar ríocht Dé. 22Ach is é an toradh a thugann an Spiorad an grá, an suairceas, an tsíocháin, 23an íhoighne, an cineáltas, an mhaitheas, an dílseacht, an chneastacht, an tsriantacht; is nithe iad sin nach bhfuil aon dlí ina n-aghaidh. 24Agus an dream is le hÍosa Críost, tá an cholainn agus a háilíos agus a hantoil céasta acu.
25Más ón Spiorad a fhaighimid ár mbeatha, go mba é an Spiorad ár réalta eolais inár siúlta. 26Ná bímis mórchúiseach, ná cuirimis cathuithe ar a chéile, ná ná bímis ag éad lena chéile.

Currently Selected:

Galátaigh 5: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in