YouVersion Logo
Search Icon

Galátaigh 4

4
1Is é atá á rá agam, nach mbíonn an t-oidhre, chomh fada agus a bhíonn sé in aois an linbh, aon phioc níos fearr ná daor, cé gurb é sealbhóir na dúiche uile é; 2ach is amhlaidh a bhíonn sé faoi chaomhnóirí agus faoi iontaobhaithe go dtí go dtaga an lá cairde atá ceaptha ag an Athair. 3Bʼionann scéal dúinne; nuair a bhíomar inár leanaí, bhíomar i ndaoirse ag spridí bundúileacha na cruinne. 4Ach in am agus i dtráth, chuir Dia a Mhac uaidh, á bhreith ó bhroinn mná, faoi chuing an dlí, 5a cheannach an dreama a bhí faoi chuing an dlí, ionas go nglacfadh sé linn mar chlann mhac uchtaithe. 6Agus ó tharla sibh in bhur mic aige, tá Spiorad a Mhic curtha inár gcroíthe ag Dia, a bhíos ag glaoch “Abba, a Athair!” 7Mar sin ní bhíonn tú níos faide i do dhaor ag Dia, ach i do mhac, agus ós mac tú is oidhre tú.
8Roimhe sin, nuair nárbh aithnid daoibh Dia, bhí sibh i ndaoirse acu siúd ba neamhdhéithe ó nádúr; 9agus anois gurb aithnid daoibh Dia, nó lena rá go ceart, anois go bhfuil aithne ag Dia oraibh, conas a fhéadann sibh casadh ar bhur gcúl chuig lag-spridí dearóile bundúileacha, le fonn bheith in bhur ndaoir acu athuair? 10Bíonn sibh ag coimeád laethanta, agus míonna agus séasúr agus blianta! 11Is eagal liom go bhfuil an saothar a chuir mé orm libh gan éifeacht.
12A bhráithre, táim á chur dʼimpí oraibh bheith mar atáim, ó tháinig dom bheith mar tá sibhse. Ní dhearna sibh aon éagóir orm. 13Is feasach daoibh gur de thairbhe breoiteachta corportha a chuaigh mé chugaibh an chéad uair a sheanmóireacht an tsoiscéil daoibh; 14agus cé gurbh fhulaingt daoibh é mé a bheith ar an gcaoi sin, níor lúide bhur meas orm, ach is amhlaidh a ghlac sibh liom mar a ghlacfadh sibh le haingeal Dé, nó leis an gCríost, le hÍosa é féin. 15Cá bhfuil an tsástacht sin a bhí oraibh an uair úd? Mar mise i mbannaí daoibh, go bpiocfadh sibh na súile as bhur gcinn lena dtabhairt dom dá mbʼfhéidir é. 16An bhfuil meas namhad agaibh orm, as siocair go mbím ag insint na fírinne daoibh? 17Bíonn siad ag déanamh a mhór díbh, ach ní mar mhaithe libh; níl uathu ach sibh a dhealú uainne, ionas go ndéana sibh a mhór díobh. 18Is maith an rud é i gcónaí a mhór a dhéanamh de dhuine má tá sé lena leas, agus ní hamháin nuair a bhímse in bhur gcuideachta. 19Is sibh mo chlann bheag leanaí, agus tá mise mar a bheinn in aistear clainne uaibh athuair, go dtí go ndeilbhítear Críost ionaibh. 20Ba mhaith liom bheith in bhur láthair anois, agus mo phort a athrú, mar táim mearaithe mar gheall oraibh. 21A dhream úd ar mhian libh bheith faoi chuing an dlí, an éisteann sibh lena ndeir an dlí? 22Mar tá sé scríofa go raibh dís mhac ag Abracham, duine acu ó chumhal agus duine acu ó bhean shaor. 23Ní raibh breith mhac na cumhaile ach corportha, ach tharla breith mhac na mná saoire trí ghealltanas. 24Tá fáithchiall leis seo: is iad an bheirt bhan an dá chúnant. Bean acu ó Shliabh Sínáí, a bheir clann don daoirse; is í Hagar í, 25agus is ionann Hagar agus Sliabh Sínáí san Araib; agus freagraíonn sí don Iarúsailéim atá anois ann, atá i ndaoirse, í féin agus a clann. 26Ach is saor í an Iarúsailéim thuas, agus is í ár máthair í. 27Mar tá sé scríofa,
“Bíodh áthas ort a bhean aimrid nach mbeireann;
lig amach do racht agus tóg gáir, a bhean nach bhfuil in aistear clainne;
mar is iomadúla iad clann na mná tréigthe
ná clann na mná a bhfuil fear aid.”
28Anois, a bhráithre, is clann ghealltanais sinn, dála Íosóg. 29Ach san am úd dhéanadh an té a rugadh go corportha géarleanúint ar an té a rugadh de réir an Spioraid, agus bíonn an scéal céanna acu anois. 30Ach cad é sin a deir an scrioptúr? “Cuir an tóir ar an gcumhal agus ar an mac sin aici; mar ní bheidh an oidhreacht ag mac na cumhaile in éineacht le mac na mná saoire.” 31Is soiléir as sin, a bhráithre, nach sinn clann na cumhaile, ach gur sinn clann na mná saoire.

Currently Selected:

Galátaigh 4: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in