YouVersion Logo
Search Icon

Eiféisigh 3

3
1Is mar sin atá mise, Pól, i mo phríosúnach ar son Íosa Críost thar bhur gceann atá in bhur nGintlithe. 2Cuirim i gcás gur chuala sibh go bhfuil mé i mo mhaor ag Dia lena ghrásta a roinnt oraibh, 3agus gur nochtadh an rúndiamhair dom i dtaispeáint, mar atá scríofa agam i mbeagán briathra. 4Nuair a bheas sé léite agaibh, aithneoidh sibh an tuiscint atá agam ar rúndiamhair sin Chríost, 5nár nochtadh dʼaon mhac máthar dʼaon ghlúin romhainn mar nocht an Spiorad anois í dá aspail agus dá fháithe naofa; 6is é sin, go bhfuil na Gintlithe ina gcomhoidhrí agus ina gcomhbhaill den aon chorp, agus go bhfuil comh-sheilbh acu sa ghealltanas i soiscéal Íosa Críost.
7Rinneadh ministir díom leis an soiscéal sin a fhreastal de réir ghrásta Dé a oibríodh ionam trína chumhacht. 8Dá shuaraí mé i mease a bhfuil de naoimh ann, is dom a tugadh an grásta seo, go mbeinn ag craobhscaoileadh shaibhreas dochuimsithe Chríost i mease na nGintlithe, 9agus le hamharc a thabhairt don Ádhamhchlann uile ar chóras na rúndiamhaire sin a bhí á ceilt i nDia a chruthaigh gach uile ní; 10agus go mba tríd an eaglais a nochtfaí ileagna Dé dá bhfuil in údarás agus i gcumhacht in ard na bhflaitheas. 11Tharla sin uile de réir an chuspóra shíoraí atá curtha in éifeacht aige in Íosa Críost ár dTiarna, 12a mbíonn misneach agus muinín againn trínár gcreideamh ann le dul isteach ina láthair. 13Táim ag iarraidh oraibh mar sin gan drochmhisneach a bheith oraibh i dtaobh a bhfuil le fulaingt agam ar bhur son, ar chóra daoibh maíomh as.
14Dá bhrí sin feacaim mo ghlúine roimh an Athair úd, 15óna n-ainmnítear gach athaireacht teaghlaigh ar neamh agus ar talamh, 16go ndeona sé daoibh de réir shaibhreas a ghlóire bheith do bhur neartú le cumhacht a Spioraid in bhur gcroíthe istigh, 17agus Críost a bheith ina chónaí in bhur gcroíthe tríd an gcreideamh; agus sibh a bheith fréamhaithe bunaithe sa ghrá, 18agus tuiscint a bheith agaibh in aontacht leis na naoimh uile ar cad é an leithead agus an fad agus an airde agus an doimhne, 19le heolas a chur ar an ngrá sin Chríostʼatá os cionn gach eolais, ionas go mbeidh líonmhaireacht uile Dé do bhur líonadh. 20Agus anois, ó tá an té sin ag obair ionainn, ar féidir leis i bhfad níos mó a dhéanamh ná is féidir linne cuimhneamh air ná a iarraidh, 21bíodh glóir aige san eaglais agus in Íosa Críost ó ghlúin go glúin agus go saol na saol. Áiméan.

Currently Selected:

Eiféisigh 3: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in