Eiféisigh 2
2
1Bheoigh sé sibh, a bhí marbh ag na peacaí agus ag na míghníomhartha 2a chleacht sibh nuair a chuaigh sibh le cúrsa an tsaoil seo, agus a lean sibh ardfhlaith chumhachta an aeir, an sprid seo a bhíos ar obair i mic na michomhairle. 3Bhi an t-am ann a rabhamar féin go léir orthu siúd, ag géilleadh dʼainmhianta na colainne, agus ag déanamh gach uile ní a thoiligh ár gcorp nó ár n-intinn, agus ar an ábhar sin bhíomar mar an chuid eile den chine daonna, inár gclann feirge Dé ó nádúr. 4Ach ós saibhir Dia i dtrócaire, agus ó ba mhór a ghrá dúinn, 5cé gur thug ár gcoireanna ár mbás, bheoigh sé sinn in éineacht le Críost (trí chreideamh a slánaíodh sibh), 6agus thóg sé ar an aiséirí sinn in éineacht leis, agus chuir sé inár suí sinn leis in airde neimhe raaraon le hÍosa an Críost, 7ionas go mbeadh saibhreas dothomhaiste a ghrásta á thaispeáint sna haoiseanna a bhí le teacht sa mhaith a rinne sé orainn in Íosa an Críost. 8Mar is le grásta trí chreideamh a slánaíodh sibh; ní uaibh é, ach ina bhronntanas ó Dhia— 9nlor saothraíodh é, ar eagla a bheith le maíomh ag aon duine. 10Mar is sinne saothar Dé, a chruthaigh sé in Íosa Críost le haghaidh na ndea-oibreacha a bhí ullmhaithe aige dúinn roimh ré, ionas go gcleachtfaimis iad.
11Cuimhnígí mar sin ar an am a chuaigh thart. Is Gintlithe sibh de réir folaíochta. An dream a bhfuil ainm an timpeallghearrtha (láimhdhéanta chollaí) orthu, thug siad an neamh-thimpeallghearradh oraibh. 12Bhi sibh scartha ó Chríost, dealaithe ó chomhlathas Iosrael, gan aithne agaibh ar chúnaint na ngealltanas, agus sibh gan dóchas ná Dia agaibh ar an domhan. 13Ach anois, de thairbhe Íosa an Críost, tugadh i gcóngar trína fhuil sibh a bhí roimhe sin i gcéin. 14Is é féin ár síocháin, a rinne aon den dís, agus a leag claí an chónaimhdis, 15mar ba é a chuir dlí na n-aitheanta agus na n-orduithe ar ceal ina chorp féin, agus a chruthaigh ina phearsa féin an t-aon duine úrnua amháin in ionad na díse, agus a rinne an tslocháin eatarthu, 16ag athaontú na díse le Dia in aon chorp tríd an gcrois, agus ag cur an naimhdeasa chun báis. 17Agus is é a tháinig a chraobhscaoileadh na síochána daoibhse a bhí i gcéin agus dóibh siúd a bhí i gcóngar; 18ós tríd a bhíos cead cainte leis an Athair ag an dís againn trí aon Spiorad amháin. 19Ní strainséirí ná coimthígh sibh feasta, ach comhshaoránaigh leis na naoimh in áitreabh Dé. 20Is iad na haspail agus na fáithe bhur mbun, agus is é Íosa Críost an chloch chúinne, 21ina mbíonn an foirgneamh uile á thógáil agus á tháthú ina theampall naofa sa Tiarna, 22agus is cuid dá chlocha sibhse, agus é ina áras cónaithe ag Dia sa Spiorad.
Currently Selected:
Eiféisigh 2: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland

: