Eiféisigh 1
1
1Pól, atá ina dhuine dʼaspail Íosa Críost le toil Dé, Ag beannú do na naoimh, a chomhchreidmhigh dílse in Íosa Críost:
2Go raibh an grásta agus an tsíocháin agaibh ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.
3Moladh le Dia, Athair ár dTiama Íosa Críost. Is é a thug gach beannacht spioradálta dúinn dá bhfuil ar neamh in airde, nuair a thug sé Críost dúinn. 4Mar bhíomar tofa mar rogha aige i gCríost, le bheith naofa gan ainimh os a chomhair, san am sular bunaíodh an domhan. 5Bhíomar ceaptha aige ina ghrá le bheith inár gclann mhac aige trí Íosa Críost, ba é sin ba thoil agus ba mhian leis, 6chun glóir na ngrást a roinn sé go fial linn ina Mhac ionúin. 7Is trí fhuil a Mhic a fuasclaíodh sinn, agus a mhaitear ár míghníomhartha, 8mar bʼfhial agus bʼfhairsing é lena ghrásta. 9Is é a nocht dúinn rúndiamhair a thola agus ileagnaíocht a thuisceana, de réir an chuspóra a léirigh sé i gCríost, 10a bhí lena cur i bhfeidhm in am trátha, lena bhfuil ann ar neamh agus ar talamh a chur le chéile faoina cheannas.
11Is é atá i ndán agus i ndúchas dúinn i gcuspóir an té a chuireas a chomhairle uile i gcrích, 12ár mbeatha a chaitheamh chun a ghlóire, ó chuireamar ár ndóchas i gCríost ar dtús. 13Agus ó chuala sibhse briathar na fírinne, soiscéal bhur slánaithe, agus a chreid sibh i gCríost, cuireadh séala oraibh freisin i gCríost leis an Spiorad Naomh a bhí geallta daoibh, 14atá mar urra againn ar an oidhreacht go dtí go rachaimid ina seilbh, le moladh a ghlóire a mhéadú.
15Ar an ábhar sin, ó chuala mé iomrá ar bhur gcreideamh sa Tiama Íosa agus ar bhur ngrá do na naoimh uile, 16ní bhíonn stad orm ach ag tabhairt buíochais ar bhur son, agus ag cuimhneamh oraibh i mʼumaithe, 17go dtuga Dia ár dTiarna Íosa Críost, Athair na glóire, sprid a thabharfas eolas air daoibh agus tuiscint agaibh air, 18agus go ndéana sé soiléir do bhur gcroíthe, le heolas a fháil ar an dóchas sin ar ghlaoigh sé chuige sibh, agus ar shaibhreas a oidhreachta glórmhaire i mease na naomh, 19agus ar a chumhacht gan chuimse i mease lucht an chreidimh sin ar díobh sinn, de réir oibriú a mhórchumhachta 20a chuir sé i gcrích i gCríost, nuair a dʼardaigh sé as mease na marbh é, agus nuair a chuir sé ina shui ar a láimh dheas in airdí neimhe é, 21i bhfad os cionn gach rialach agus údaráis agus cumhachta agus tiamais dá bhfuil ann agus gach ainm dá n-ainmnítear san aois seo nó san aois atá chugainn; 22tá gach ní curtha faoi chosa Chríost ag Dia. Tá ceann na heaglaise san uile ní déanta aige de. 23Is í an eaglais a chorp, agus is inti a fhaightear iomláine an té a líonas an ollchruinne.
Currently Selected:
Eiféisigh 1: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland