2 Coraintigh 12:6-7
2 Coraintigh 12:6-7 OC1970
Siúd is nach ndéanfaidh mé amadán díom féin ag maíomh as, ó nach mbeidh á insint agam ach lomchnámh na fírinne. Ach fanfaidh mé i mo thost, ar eagla meas iomarcach thar a bhfuil le feiceáil ionam nó le cluinstin uaim a bheith ag aon duine orm. Agus de gheall ar mé a choinneáil ó bheith ró-ardmheanmnach as méid na bhfís-eanna, bronnadh dealg i mbeo orm, a bhí mar theachtaire ó Shátan, do mo chrá, le mo choinneáil ó bheith ró-thógtha.





