Marcus 13
13
Caibidil XIII
Is fioghair, scrios Ierusalem, 24 ar dheire an domhain.
1Agus an tan do chuáidh sé a mach as an tteampoll, a dubhairt neach dhá dheisciobluibh féin ris, A Mhaighisdir, féuch créd é an sórt clochsa agus créd é an sórt fairgnithe so! 2Agus ar bhfreagra Diosa a dubhairt sé ris, An bhfaiceann tú na hoibreacha móraso? ní fúicfidhear cloch ar muin chloiche dhíobhso, nach sgarfuidhear ó cheile.
3Agus ar mbeith na shuidhe dhó ar shlíabh na Noluigheadh as comhair an teampuill, do fhiafruigh Peadar agus Séumas agus Eóin agus Aindrías ós íseall de, 4Innis dúine, gá tráth theigéumhuid na neithe so? agus créd é an comhartha bhías an tan chriochnóchthar na neithe so uile? 5Agus ag fregra dhóibh do thionnsgain Iósa a rádh, Tabhruidh dá bhur naire nach meallfuidh éinneach sibh: 6Oír tiucfuid mórán am ainmsi, ag rádh, Gur misi é; agus meallfuid mórán. 7Achd an tan do chluinfidhe coguidh agus túarasgbhála cogthadh, ná bíodh trioblóid aruibh: óir is éigin íad so do theachd: achd ní deireadh é fós. 8Oír éiréochuidh cineadh a naghaidh cinidh, agus ríoghachd a naghaidh ríoghachda: agus bíaidh crith talmhan a nionaduibh iomdha, agus biáidh gorta agus buáidhreadh ann: ag so tosach amhgar.
9Achd tabhruidhsi bhur naire ribh féin: óir béuruid síad sibh a láthair coimhthionól; sgiúrsfuidhear sna sinagogibh sibh: agus béarthar sibh a bhfíadhnuisi úachdaran agus ríogh ar mo shonsa mar fhíadhnuisi dhóibh. 10Agus is éigin an soisgéul do sheanmóir do na huile chineadhachuibh ar tús. 11Agus an tan bhéuruid síad a láimh, agus thabhrid súas sibh, na biodh na rochás oruibh roimhe láímh créd a déurtháoi, agus ná smúainidh air: achd gidh bé ní do bhéarthar ar a núairsin díbh, abruidh é: oír ní sibhsi labhrus, achd an Spiorad Náomh. 12Achd cheana do bhéura an dearbhráthair an dearbhráthair éile chum báis, agus an tathair an mac; agus éireochuid an chlann a naghaidh a naithreach agus a maithreach, agus cuirfid chum báis íad. 13Agus biaidh fúath ag gach uile dhuine dháoibh ar son manmaso: achd gidh bé anfus go búan go deireadh, as é shlánéochar.
14Achd an tan do chífidhe adhfhuathmhuireachd an léirsgris, air ar labhair Daniel an fáidh, na sheasamh ann sa nionad nár chóir, (tuigeadh an té léaghas,) ann sin teitheadh a mbíaidh a ttír Iúdaighe fá na sléibhtibh. 15Achd an té bhias air mhullach an tighe, na tigeadh sé a núas ann a thigh, agus ná himigheadh sé a sdeach, do thógbháil neíthe ar bith as a thigh: 16Agus an té bhías ar an mhachaire, ná casadh sé tar a ais, do thógbháil a éuduigh. 17Achd budh trúagh dó na mnáibh torrcha, agus do na mnáibh do bhéura cíocha úatha ann sna laéthibh sin! 18Achd guidhidhsi gan bhar dteitheadh do bheith ann sa gheimhreadh. 19Oír biáidh annsna laéthibhsin amhgar, amhail nach raibh a leithéid ann ó thús cruthaighe na neitheadh do chruthaigh Día go soithe so, agus nách bía go bráth. 20Agus muna ngearruigheadh an Tighearna na laéthe úd, ní rachadh éin fhéoil as: achd ar son na ndáoine toghtha, do thogh sé, do ghearraidh sé na laéthe úd. 21Agus ann sin dá nabra neach ar bith ribh, Féuch, a tá Críosd ann so; nó, féuch, a tá sé ann súd; na creididh é. 22Oír éiréochuid Críosdanna fallsa agus faidhe fallsa, agus do dhéunuid comharthuidhe agus míormhuile, do mhealladh, na ndáoine toghtha féin, dá madh éidir é. 23Achd tabhruidhsi bhar naire ribh: féuch, dinnis mé dhíbh gach uile ní roimh a naimsir.
24Achd ann sna laéthibhsin, tar éis a námhghair úd, dorchóchthar an ghrían, agus ní thiobhra an ghealach a soillso féin úaithe. 25Agus tuitfid réultanna neimhe, agus béid na cumhachda a tá ann sna neamhaibh ar crith. 26Agus ann sin do chifid síad Mac an duine ag teachd ann sna néulluibh maille ré cumhachdaibh móra agus ré glóir. 27Agus cuirfidh sé a aingil an tansin, agus cruinnéochuidh sé a dháoine toghtha fein ó na ceithre gáothaibh, ó leithimeal na talmhan go leithimeal neimhe.
28Agus foghlomuidh cosamlachd ón chrann fíge; An tráth bhíos a ghéag máoth, agus fhásas a dhuilleabhar, a tá a fhios agaibh gur ab fogus an samhradh: 29Agus mar an gcéudna sibhsi, an tan do chífidhe ná neithesi ar na ndéanamh, bíodh a fhios agaibh go bhfuil sé a ngar dháoibh, ann sna doírsibh. 30A deirimsi ribh go fírinneach, nach racha an dínesi thoruinn, nó go ndéuntar na neithesi uile. 31Rachuidh neamh agus talamh thort: achd ní rachaid mo bhríathrasa thort go bráth.
32Achd ni bhfuil fios an láoi úd, ná na húaire ag neach ar bith, ná fós, ag na hainglibh a tá ar neamh, ná ag an Mac, achd ag a Nathair. 33Féuchuidh, déanuidh faire agus urnuighe: oir ní bhfuil a fhios agaibh gá tráth thiocfas a naimsir úd. 34Amhail duine ag dul a gcoigcrích, dfág a thigh, agus tug cumhachda dhá shearbhfhóghantuibh, agus a obair féin do gach áonduine, agus do aithín dá dhoirséoir faire do dhéanamh. 35Ar a nadhbharsin déannuidhsi fáire: (oír ní bhfuil a dhios aguibh gá ham thiocfas fear an tighe, an tráth nóna, nó a meadhón oidhche, nó a ngairm an choiligh, nó air maidin:) 36Deagla ar dteachd go hobann dó go bhfuigheadh sé sibhsi bhar gcodladh. 37Agus na neithe a deirim ribhsi a deirím ré a nuile dhuine iád: Déunidh faire.
Currently Selected:
Marcus 13: Bedell
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

: