Genesis 1
1
Caibidil I.
Cruthughadh an domhúin uile a sé laithibh.
1Ar ttús do chruthaidh Día neamh agus talamh. 2Agus do bhí an talamh gan fhoirm, agus folamh; agus do bhí dorchadus ar aghaidh an aigéin. Agus do chorruigh spiorad Dé ar aghaidh na nuisgeadh. 3Agus a dubhairt Dia, Bíodh solus ann: agus do bhí an solus ann. 4Agus do chonnairc Día an solus: gur mhaith é, agus do roinn Día idir an solus agus an dorchadus. 5Agus do ghoir Día don tsolus lá, agus don dorchadus do ghoir sé oidhche. Agus do budh í an nóin agus an mhaidean an chéud lá. 6Agus a dubhairt Día, Biodh fiormament a meadhón na nuisgeadh, agus roinneadh na huisgeadha ó na huisgeadhuibh. 7Agus do rinne Día an fhiormament, agus do roinn na huisgeadha faói an bhfiormament ó na huisgeadhuibh ós cionn na fiormamente: agus do bhí mar sin. 8Agus do ghoir Día don fhiormament neamh. Agus do budh é an nóin agus an mhaidean an dara lá. 9Agus a dubhairt Día, Cruinnighthear na huisgeadha atá fáoi neamh a néunáit, agus léigthear an úir tirm leis: agus do bhí mar sin. 10Agus do ghoir Día don úir thirm talamh, agus do chruinnighthibh na nuisgeadh do ghoir sé fairge; agus do chonnairc Día gur mhaith sin. 11Agus a dubhairt Día, Tugadh an talamh féur, agus an luibh as a ttig síol, agus crann toraidh do bheir toradh do réir a chinéil, a mbí a shíol ann féin ar an ttalamh; agus do bhí mar sin. 12Agus tug an talamh mínfhéur, agus luibh do bheir síol do réir a chinéil, agus crann do bheir toradh, noch ann a raibh a shíol do réir a chinéil; agus do chonnairc Día gur mhaith sin. 13Agus do budh é an nóin agus an mhaidean an treas lá. 14Agus a dubhairt Día, Bíodh lochrainn a bhfiormament neimhe do roinn eidir an lá agus a noidhche; agus bídís ar son chomharthaibh, agus ar son aimsearuibh, agus ar son laithibh, agus bliaghnuibh: 15Agus bidís mar shoillsibh a bhfiormament neimhe, do thabhairt soluis ar an ttalamh; agus do bhí mar sin. 16Agus do rinne Día dhá lóchrann mhóra; an lóchrann as mó do ríaghladh an laói, agus an lóchrann as lugha do ríaghladh na hoidhche: agus na réulta mar an cceadna. 17Agus do shuighe Día íad a bhfiormament neimhe, do thabhairt soluis ar an ttalamh. 18Agus do ríaghladh ar an ló, agus ar an oidhche, agus do roinn idir an tsolus agus an dorchadus; agus do chonnairc Día gur mhaith sin. 19Agus do budh é an nóin agus an mhaidean an ceathramhadh lá. 20Agus a dubhairt Dia, Tugaidís na huisgeadha amach go líonmhur an créatuir corruigheach ann a bhfuil anam, agus éunlaith fhéadfas eiteadh ós cionn na talmhan a bhfiormament shoilléir neimhe. 21Agus do chruthaidh Día míola móra, agus gach uile chréutúir beó chorruigheas, noch tugadar na huisgeadha uatha go líonmhur do réir a ccinéil, agus gach uile éun sgiathánach do réir a chinéil; agus do chonnairc Día gur mhaith sin. 22Agus do bheannaigh Día íad, ag rádh, Bíodh sibh tórrthach agus firlíonaidh, agus lionaidh na huisgeadha ann sna fairgibh, agus líonadh an éunlaith ar an ttalamh. 23Agus do budh é an nóin agus an mhaidean an cúigéadh lá. 24Agus a dubhairt Día, Tugadh an talamh úadha créutúir beó do réir a chinéil, áirnéis, agus gach ní shnámhus an talamh, agus ainmhidhe na talmhan do réir a chinéil; agus do bhí mar sin. 25Agus do rinne Día ainmhidhe na talmhan do réir a gcinéil, agus áirnéis do réir a ccineil, agus gach ní shnámhus air an ttalamh, do réir a chinéil; agus do chonnairc Día gur mhaith sin. 26Agus a dubhairt Día, Déunam an duine ann ar ndeilbh féin, do réir ar ccosamhlachda féin, agus bíodh tighearnus aige ós cionn éisg na fairge, agus ós cionn éunlath an aiéir, agus ós cionn na háirnéisi, agus ós ciónn na talmhan uile, agus ós cionn ann uile neithe shnamhuigheach shnámhus ar an ttalamh. 27Mar sin do chruthaidh Día an duine an a iomháigh féin, a níomháigh Dé do chruthaidh sé é; feardha agus bannda do chruthaidh sé íad. 28Agus do bheannuigh Día íad, agus a dubhairt Día ríu, Bíodh sibh tórrthach, agus méuduighidh, agus líonaidh an talamh, agus cuiridh fúibh é: agus bíodh tighearnus aguibh ós cionn éisg na fairge, agus ós cionn eúnlaith an aéir, agus ós cionn an uile neithe chorruigheas ar an ttalamh. 29Agus a dubhairt Día, Féuch, tug mé dhíbh gach uile luibh do bheir síol da bhfuil ar druim na talmhan, agus gach uile chrann, an a bhfuil toradh croinn do bheir síol; biáidh sé na bhíadh dhibh. 30Agus dá gach uile bheitheach ar an ttalamh, agus dá gach uile éun sa naieir, agus dá gach aoinní shnámhus ar an ttalamh, ann a bhfuil anam, tug mé gach uile luibh ghlas mar bhíadh: agus do bhí mar sin. 31Agus do chonnairc Día gach áoinní dá ndéarna sé, agus, féuch, do bhí go romhaith: agus do budh é an nóin agus an mhaidean an seiseadh lá.
Currently Selected:
Genesis 1: Bedell
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
Geineasas 1
1
An Cruthú: An Chéad Insint
1I dtús báire chruthaigh Dia neamh agus talamh. 2Fásach folamh a ba ea an talamh agus bhí dorchadas ar aghaidh an duibheagáin, agus bhí gaoth Dé ag séideadh os cionn na n‑uiscí. 3Dúirt Dia: “Bíodh solas ann,” agus bhí an solas ann. 4Chonaic Dia gur mhaith é an solas, agus scar Dia an solas ón dorchadas. 5Thug Dia “lá” ar an solas agus “oíche” ar an dorchadas. Ba shin an chéad lá, an nóin agus an mhaidin.
6Dúirt Dia: “Bíodh firmimint i lár na n‑uiscí agus scaradh sí na huiscí óna chéile.” 7Rinne Dia an fhirmimint agus scar sé na huiscí a bhí faoin bhfirmimint ó na huiscí a bhí os a cionn. Agus bhí sin amhlaidh. 8Thug Dia “neamh” ar an bhfirmimint. Ba shin an dara lá, an nóin agus an mhaidin.
9Dúirt Dia: “Tagadh na huiscí go léir atá faoi neamh le chéile san aon áit amháin, agus bíodh an talamh tirim le feiceáil.” Agus bhí sin amhlaidh. 10Agus thug Dia “tír” ar an talamh tirim, agus “farraigí” ar na huiscí le chéile. Chonaic Dia gur mhaith sin.
11Dúirt Dia: “Tugadh an talamh an fásra uaidh: An lusra lena shíol, an crann toraidh lena shíol ina thoradh, gach ceann de réir a chineáil ar an talamh.” Agus bhí sin amhlaidh. 12Thug an talamh an fásra uaidh: lusraí lena síol de réir a gcineáil, crainn toraidh lena síol ina dtoradh, de réir a gcineáil. Chonaic Dia gur mhaith sin. 13Ba shin an tríú lá, an nóin agus an mhaidin.
14Dúirt Dia: “Bíodh soilse i bhfirmimint neimhe chun an lá a scaradh ón oíche, agus bídís mar chomharthaí, do shéasúir, do laethe agus do bhlianta. 15Bídís ina soilse i bhfirmimint neimhe ag taitneamh ar an talamh.” Agus bhí sin amhlaidh. 16Rinne Dia dhá sholas mhóra, an solas is mó chun an lá a rialú agus an solas is lú chun an oíche a rialú, agus na réaltaí mar an gcéanna. 17Chuir Dia i bhfirmimint neimhe iad le taitneamh ar an talamh, 18chun an lá agus an oíche a rialú agus an solas a scaradh ón dorchadas. Chonaic Dia gur mhaith sin. 19Ba shin an ceathrú lá, an nóin agus an mhaidin.
20Dúirt Dia: “Bíodh rath ar na huiscí le hiomad dúl beo, agus bíodh éanlaith ar eitilt os cionn na talún faoi fhirmimint neimhe.” 21Chruthaigh Dia na míola móra agus gach uile dhúil chorraitheach bheo de réir a chineáil a chin ó rath na n‑uiscí, agus an uile chineál éin a eitlíonn. Chonaic Dia gur mhaith sin. 22Bheannaigh Dia iad á rá: “Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire, agus líonaigí uiscí na bhfarraigí; agus téadh an éanlaith i líonmhaire ar talamh.” 23Ba shin an cúigiú lá, an nóin agus an mhaidin.
24Dúirt Dia: “Tugadh an talamh uaidh gach uile dhúil bheo de réir a chineáil, eallach, péisteanna agus ainmhithe allta.” Agus bhí sin amhlaidh. 25Rinne Dia an uile chineál ainmhí allta, an uile chineál eallaigh, an uile chineál péiste. Chonaic Dia gur mhaith sin.
26Dúirt Dia: “Déanaimis an duine ar ár ndeilbh féin, ar ár gcosúlacht féin, agus bíodh tiarnas acu ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir, ar an eallach, ar an talamh go léir, agus ar na péisteanna go léir a shníonn ar an talamh.”
27Chruthaigh Dia an duine ar a dheilbh féin,
ar dheilbh Dé is ea a chruthaigh sé é.
Fireann agus baineann is ea a chruthaigh sé iad.
28Agus bheannaigh Dia iad á rá leo: “Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh agus cuirigí smacht air. Bíodh tiarnas agaibh ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir agus ar an uile dhúil bheo a chorraíonn ar talamh.” 29Dúirt Dia: “Féach! Thugas daoibh gach uile lus le síol dá bhfuil ar chlár na talún, agus gach uile chrann le síol ina dtoradh; iadsan a bheidh ina mbia agaibh. 30Mar bhia ag na hainmhithe allta go léir, ag éanlaith an aeir go léir, agus ag na péisteanna go léir a bhogann ar talamh tugaim glas gach fáis.” Agus bhí sin amhlaidh. 31Chonaic Dia gach a ndearna sé agus, féach! bhí sé go sármhaith. Ba shin an séú lá, an nóin agus an mhaidin.
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.