Gníomhartha 20
20
Caibidil XX
Pol ar togbhail Eutichus an bhás, 17 agus ar gairm sinnsear na Hephesuis go Miletum chuir sé tréd Dé mur úalach uirrthe, agus ghabh cead dibh.
1Agus tar éis na ceannairce do chosg, do ghoir Pól na deisciobail chuige, agus air ngabháil a cheada ríu, da thríall sé dul úatha go Macedónia. 2Agus ar ndul trés na críochuibhsin dó, agus ar na dteagusg lé hiomad briathar, táinic sé don Ghréig, 3Agus ar mbeith dhó trí mhí ann sin. Ar gcur lúigheacháin do na Iúdaighibh air, mar do bhi faói dul a luing go Síria, do chuir sé roímhe filleadh tar a ais go Macedónia. 4Agus do chuáidh ris na chuideachda gus a Násia Sopater ó Bheréa; agus do luchd Tessalónica, Aristarchus agus Secundus; agus Gáius ó chathruigh na Deirbe, agus Timotéus; agus do luchd na Hasia, Tichicus agus Trophimus. 5Do imthigheadar so romhainne dfanadar rinn a Dtróas.
6Achd do chúamairne a luing ó Philippi tar éis láethe a naráin gan laibhín, agus tangamar chucasan go Tróas a gcionn chúig lá; agus dfanamair ann sin ar feadh seachdmhuíne. 7Agus an céud lá don tseachdmhuin, ar gcruinniughadh do na deisciobluibh a gceann a chéile, do bhriseadh arain, do bhrigh go raibh fáoi Phól imtheachd úatha lá ar na mhárach; do rinne sé seanmóir go meadhón oidhche. 8Agus do bhádar mórán lóchrann a séomra árd, ann ar chruinnigheadar a gceann a chéile.
9Agus do shuidh ogánach áirighe dár bhainm Eutichus ar fuinneóig, air dtuitim na chodladh go trom: agus ar mbeith do Phól a bhfad ag déunamh seanmóra, air na shárughadh tré chodladh, do thuit sé síos ón treas lota, agus do tógbhadh súas marbh é. 10Agus ar ndul do Phól síos, do luigh sé air agus ar na fhásgadh ris dó, a dubhairt sé, Na bíodh buáidhreadh ar bith oruibh; óir atá a anum ann. 11Agus ar ndul do Phól súas do bhris sé arán, agus a duáidh sé, agus do rinne sé comhrádh fada, go dtáinic máidin, dimthigh sé ann sin. 12Agus tugadarsan an tóganach léo na bheáthuigh, agus níor bheag a ngáirdeachus.
13Achd ar ndul a luing dhúinne do shéolamar go Hassós, ar chor go mbéuramis Pól linn as: oír is mar sin dórduigh sé é, chum go nimtheachadh sé féin da chóis. 14Agus a núair thárla sé oruinn a Nassos, ar na bhreith linn dúinn, tangamar go Mitiléne. 15Agus ag séoladh dhúinn as sin, tangamar lá ar na mhárach as comhair Chiós; agus an lá na dhiáigh tangamar a dtir a Sámos, agus dfanamar a Dtrogillium, agus tangamar lá ar na mhárach go Milétum. 16Oír do chuir Pól roimhe seóladh ré táobh Ephesus, deagla go gcuirfidhe moill ar bith air ann sa Násia: oír do bhí deithfir air, chum da madh éidir dhó é, go mbíadh sé a Níarusalém fa Chingcís.
17Agus ag cur feasa úadha ó Mhilétum go Hephesus, do ghoir sé sinnsir na heagluisi. 18Agus mar thangadar chuige, a dubhairt sé ríu, Atá a fhios aguibhsi, cionnus do bhí misi bhur bhfochuir ann gach uile aimsir, ón chéud la tháinic mé do Násia, 19Ag déunamh seírbhisi don Tighearna maille ré gach uile úmhlachd intinne, agus maille ré mórán déur, agus cathaighe, noch do éirigh dhamh do bhrígh chéilge na Niúdaigheadh: 20Agus nár chongnaimh mé ní ar bith go folaightheach dár fhóguin, gan a fhoillsiughadh dhíbh, agus gan bhur dteagasg go puiblidhe, agus ó thígh go tígh, 21Ag déunamh fíadhnuisi do na Iúduighibh agus do na Gréugachuibh, fá fhilleadh chum Dé a naithrighe, agus a gcreideamh ar Dtighearna Iósa Críosd. 22Agus féuch, a nois, atáim ag dul go Híarusalém ceanguilte a spioruid, gan a fhios agum créd theigéumhus dhamh ann: 23Achd amháin go ndéunann an Spiorad Náomh fíadhnuisi ann gach uile chathruigh dhamh, ag rádh go bhfuilid geimhleacha agus míoshuaimhneas ag fúireach leam. 24Achd ní bhfuil cás agam a néinni, agus ní bhfuil cion agam ar manum féin, achd go dti dhíom mo thuras, agus an miniosdrálachd fuáir mé ón Dtighearna Iósa do choimhlíonadh maille ré gáirdeachus, ré fíadhnuise dhéunamh do dhóisgéul ghrás Dé. 25Agus féuch, a nois, atá a fhios agam, nach bhfaicfidh éunduine aguibhsi, air ar shiobhail mé ag seanmóir ríoghachda Dé, maghaidh ó so amach. 26Ar a nadhbharsin cuirim a fhíadhnuisi oruibhse a niugh, go bhfuilim glan ó fhuil na nuile dháoine. 27Oír níor sheachain mé comhairle Dé fhoillsiughadh dhíbh go hiomlán.
28Ar a nadhbharsin tabhruidh bhur naire dhíbh féin, agus don tréud uile, ar a ndearna an Spiorad Náomh easbuig dhíbh, do bhéathughadh eagluíse Dé, noch do cheannaigh sé lé na fhuil féin. 29Oír atá a fhios so agamsa, tar éis misi imtheachd go dtiocfuid madruigh allta ghéura bhur measg, nach coigeóla an tréd. 30Agus fós éireóchuid dáoine dhíbh féin, noch laibheórus neithe sáobha, chum deisciobal do tharruing na ndiáigh. 31Ar a nadhbharsin déunaidh faire, agus cuimhnighidh, nár sguir misi ar feadh thrí mbliadhan ag teagusg gach áon díbh do ló agus doidhche maille ré déuruibh.
32Agus a nois, a bhráithréacha, cuirim sibh ar cumairce Dé, agus bhríathar a ghrás, noch fhéudas bhur dtógbháil súas, agus oíghreachd do thabhuirt díbh a bhfochair na nuile náomh. 33Níor shanntaigh mé airgead, ná ór, ná éudach dhuine ar bhith. 34Is aithne dhíbhsi féin, gur ab íad na lámhasa do sholáthair dhamh gach ní dhá raibh na riáchdanus orum féin, agus ar a raibh am fhochair. 35Do fhoíllsigh mé dhíbh ann sna huile neithibh, gur ab ag sáothrughadh mar so is cóir dháoibh cungnamh leis ná hanbhfannuibh, agus bríathra an Tighearna Iósa do chuimhniughadh, mar a dubhairt sé, Is mó as beannaighe ní do thabhuirt ná do ghlacadh.
36Agus an tan a dubhairt sé na bríathraso, agá léigean féin ar a ghlúinibh, do rinne ré urnaighe maille riúsan uile. 37Ann sin do ghuileadar uile go mór, agus ag luighe ar mhuinéul Phóil, do phógadar é, 38Ag deanamh tuirse go mormhór fan mbréithir a dubhairt sé, Nach bhfaicfidís a aghaidh ó sin súas. Agus do chúadar leis gus an luing.
Currently Selected:
Gníomhartha 20: Bedell
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)