YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 19

19
Caibidil XIX
Leabhair na ndraói ar na loscadh, 35 Agus do chiunaigh cleireach na Hephesuis buaidhreacdh a phobail ioma cheard chumtha na niodhal.
1Agus tárla, a nuáir do bhí Apollos a Gcorintus, gur shiobhail Pól tres na rannuibh úachdarácha agus go dtáinic sé go Hephesus: agus ar bhfagháil dheisciobal airighe dhó, 2A dubhairt sé ríu, Nar ghabhabhuir an Spiorad Náomh ó chreideabhair? Agus a dubhradarsan ris, Ní chúalamar a noiread sin féin go bhfuil Spiorad Náomh ann. 3Agus a dubhairt seision ríu, Maseadh créd ann ar baisdeadh sibh? Agus a dubhradarsan, A mbaisdeadh Eóin. 4Agus a dubhairt Pól, Go deimhin do bhaisd Eóin lé baisdeadh na haithrighe, ag rádh ris an bpobal, creideamh ann sa té do thiocfadh na dhiáigh féin, eadhon, a Níosa Críosd. 5Agus ar ná chlós so dhóibhsion, do ghabhadar baisdeadh chuca a nainm an Tighearna Iósa.
6Agus ar gcur a lámh do Phól orrtha, tháinic an Spiorad Náomh orrtha; agus do labhradar lé teangthuibh, agus do rinneadar fáidheadoireachd. 7Agus do bhádar uile a dtimcheall dá fhear dhéug. 8Agus ar ndul dósan a steach don tsinagóig, do labhuir sé go dána, ar feadh thrí míos, ag diosbóireachd agus ag cruthúghadh na neitheann bheanus ré rioghachd Dé.
9Achd an tráth do chrúaidheadar dream aca, agus nach ccreidfidis, achd go labhraidís go holc ar a tslighe sin a bhfíadhnuisi an phobúil, do imthigh Pól úatha, agus do dhealuigh sé na deisciobail, agus do bhíodh sé ag diosbóireachd gach éunlá a sgoil dhuine áirighe dár bhainm Tiránnus. 10Agus do bhi so dhá dhéunamh ar feadh dhá bhlíadhan; a gcrúth go gcúaladar a raibh ann sa Náisia uile eidir Iúduidhe agus Ghréugach, bríathar an Tighearna Iósa.
11Agus as mór na míorbhuile do rinne Día tré lámhuibh Phóil: 12A gcrúth go mbeirthí ó na chorp éudaighe lámh nó cinn chum na ndáoine tinn, agus go sgaradh a neasláinte ríu, agus go nimthighdis drochspioruide asda.
13Agus dream áirighe do na Iúduidhibh do bhíodh ag siobhal ó áit go háit ag cur spiorad fá gheasuibh, do chuireadar rompa ainm an Tighearna Iósa do ghairm ós cionn na ndáoine ann a mbíodh drochspiorúda, ag rádh, Cuirimid fá gheasuibh sibh tré Iósa do ní Pól a sheanmóir. 14Agus do bhádar móirsheisear mac ag Iúdaighe áirighe dar bhainm Scebha, úachdarán na sagart, noch do níodh so. 15Achd ar bhfreagra don drochspioraid a dubhairt sé ríu, Atá éolus ar Iósa agam, agus as aithne dhamh Pól; gidheadh cía sibhsi? 16Agus do shaith an duine ann a raibh an drochspiorad orrtha, agus ar na gcláoi dhó, do bhúadhuigh sé orrtha, a gcrúth gur theitheadar créuchdach lomnochd as an dtigh sin. 17Agus fúaradar na Iúduighe agus na Gréuguigh uile do áitrigh a Nesphesus a sgéula so; agus do ghabh eagla íad uilé. Agus do hoirrdhearcadh ainm an Tighearna Iósa. 18Agus tangadar mórán don mhuinntir do chreid, ag admháil, agus ag innsin a ngniomharthadh féin. 19Agus fós morán don mhuinntir do ghnáthuigheadh drochealadhna, tugadar a leabhuir léo, agus do dhóigheadar a bhfíadhnuisi cháich uile iad: agus dó chomháirmheadar a lúach, agus fúaradar é na dheich mile agus da fhíchead píosa airgid. 20Do fhás bríathar Dé agus rug sí búáidh chomhláidir sin.
21Agus ar gcríochnúghadh na neitheadhsa, do chuir Pól roimhe ann inntinn, tar éis dul tré Mhacedónia, agus Achaía dhó, dul go Hiarusalém, ag rádh, Tar éis mé bheith ann sin, as éigin damh an Róimh dfheachain. 22Agus ar gcur dheisi don mhuinntir do bhíodh ag minisdrálachd dó, eadhon Timotéus agus Erastus don Mhacedonia; dfan sé féin na Násia ar feadh tamuill.
23Agus fá naimsin déirigh trioblóid nár bheag a dtimcheall shligheadh an Tighearna. 24Oír do bhí ceard airgid áirighe dár bhainm Demétrius, do níodh teampuill airgid do Dhíana, agus fúair fabhálus nar bheag don luchd céirde. 25Ar gcruinniughadh dhósan a raibh ré na leithéid sin do chried, a dubhairt sé ríu, A dháoine, atá a fhios aguibh gur leis an gcéirdse do gheibhmídne ar sochar. 26Agus do chíthí agus do chluintí, gur fhill an Pólsa lé na bhríathraibh pobal mór, ní hé amháin a Nephesus, achd fós beag nach sa Násia uile, ag rádh nach Déé íad, do nithear lé lámhuibh: 27Agus ní hí ar gcéird amháin as guáis dúinn do theachd chum masla; achd fós teampall na baindée móire Díana do dhul a dtarcuisne, agus go dtiocfadh chum críche go gcuirfí ar gcúl a morrdhachdsa, noch onóruigheas a Násia agus an domhan mór uile. 28Agus ar na chlós so dhóibhsion, do líonadh íad dfeirg, agus do gháireadar, ag rádh, Is mór Díana na Nephésíanach.
29Agus do bhí an chathuir uile ar na líonadh do bhúaidhreadh: agus do thiomáineadar déuntoil go háit chruinnighthe an phobail, agus rugadar ar Ghaíus agus ar Aristarcus, Macedónaigh, comhaisdrighe Phóil. 30Agus ar na shantughadh do Phól dul a steach a measg an phobuil, níor leígeadar na deisciobail dó. 31Agus mar an gcédna do chuireadar cuid áirighe dúachdaranuibh na Hasia, do bhí na gcáirdibh aige, teachda chuige, dá íarruidh air gan dul go háit chruinnighthe an pobuil. 32Uime sin do éigh cuid díobh an nísi, agus cuid ní eile: óir do bhí an coimhthionól buaidheartha; agus ní raibh a fhios ag an gcuid na mó dhíobh créd é an tadhbhar fá dtangadar a gceann a chéile. 33Agus rugadar amach ríu as a tslúagh Alecsandar, noch do thiomáineadar na Iuduighe rompa. Agus ar sméideadh Dhalecsandar lé na láimh, ag iarruidh éisdeachda, dob áill leis an tadhbhar dinnisin don phobal. 34Agus an tan do aithnigheadar gur Iudaighe é, do thógbhadar uile gáir ag éighmhe a dtimcheall dhá uáir, Is mór Díana na Nephésíanch.
35Ann sin do chíuinaidh an cléireach an pobal, ag rádh, A luchd Ephesus, cía an duine ag nach bhfuil a fhios go nonóruigheann cathair na Nephésianach an bhaindía mhór Díana, agus a tháinic a núas o Iupiter? 36Ar a nadhbharsin ó nach bhféudann duine ar bith cur na aghuidh so, is coir dhíbhsi súaimhneas do dhéunamh, agus gan éinni dhéunamh go hóbann. 37Oír tugabhuir na dáoinesi libh, nach ar ghoid áoinní as na heagluisibh, agus nach dtug aithnis do bhur mbaindia. 38Ar a nadhbharsin má atá adhbhar ag Demétrius, agus ag luchd a cheirde atá na fhochuir, ar dhuine ar bith, atá an chúirt ar bhfaghal, agus atáid na húachdaráinn ann: éilighidis féin a chéile. 39Achd ma atá bhur gcéisd fá adhbhuruibh eile, réidhfidhear í a gcoimhthionól dlisdeanach. 40Oíratamáoíd a ngábhadh go néiléochthar sinn a cceannairce ar son an láoi a niugh, óir ní bhfuil adhbhar ar bith ann a bhféudmaid reusún do thabhuirt ar son an chruinnighesi. 41Agus an tan a dubhairt sé so, do chuir sé an choimhthionól air síubhal.

Currently Selected:

Gníomhartha 19: Bedell

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in