Gníomhartha 16
16
Caibidil XVI
Siobhal agus sáothair Phóil. 14 Croidhe Lidia ar na osgladh 34 agus coimhéuduigh an phríosuin ag creideamh a Ndía.
1Ann sinn táinic sé go Derbe agus go Listra: agus, féuch, do bhí deisciobal áirighe ann sin, dar bhainm Timotéus, mac mhná áirighe, dheaghchreidmhighe don chineadh, Iúduidhe; agus bá Gréugach a athair: 2Ar a dtugadar na bráithre do bhí a Listra agus a Níconium teisd mhaith. 3Do ghabh fonn Pól an fearso do bhreith leis na chuideachda; agus ar na bhreith leis dó do thincheallghearr sé é ar son na Níudaidheadh do bhí ann sna háitibh sin: óir do bhí a fhios acá uile gur Ghréugach a athair. 4Agus mar do shiobhladar ar na caithreachaibh, tugadar dhóibh ré a gcoimhéud nahórdaighthe, do órduigheadar na habsduil agus na sinnsir do bhí a Niarusalém. 5Uime sin do bhádar na heagluiseadha ar na ndaingnuighadh ann sa chreideamh, agus do bhí a nuimhir ag méudughadh gach éun lá.
6Agus ar ngabháil tré Phrígia agus tré chrích na Galátia dhóibh, do thoirmisg an Spiorad Náomh íad an bhríathar do labhairt sá Násia, 7Agus ar dteachd go Mísia dhóibh, do chúireadar rómpa dul go Bitínia: achd níor fhulaing Spiorad Iósa dhóibh. 8Ar a nadhbharsin ar ngabháil tré Mhísia dhóibh do chúadar síos go Tróas. 9Agus do chonncas do Phóla dtaidhbhsi sa noidhche; Duine áiríghe ó Mhacedónia na sheasamh, dá ghuidhe, agus ag rádh, Tárr go Macedónia, agus tabhuir cabhuir dhúinne. 10Agus mar do chonnuircsé an taidhbhsi, do shantuigheamar ar an mball dull go Macedónia, óir do thuigeamar gur bhé an Tighearna do ghoir sinn chum an tsoisgéil do sheanmóir dhóibh.
11Uime sin ag seóladh dhúinn ó Thróas, tangamar go díreach go Samotrácia, agus lá ar na mhárach go Neápolis; 12Agus ann sinn go Philippi, príomhchathuir na coda sin don Mhacedónia, agus colamhuin: agus dfanamar ann sa chathruigh sin suim áirighe do laethibh. 13Agus do chúamar a mach as an gcathruigh lá na sábboide chois a tsrothá, mar a ngnáthuighthí urnaighe do dhéunamh; agus ar suidhe dhúinn ann sin, do labhramar re mnaibh do bhí ar cruinniughadh ann.
14Agus bean áirighe dár bhainm Lídia, reacadóir purpuir, a gcathruigh na Dtiatirach, noch do onóruigheadh Día, déisd sí rinn: ag ar osgail an Tighearna a cróidhe, chum aire do thabhuirt do na neithibh a dubhairt Pól. 15Agus ar ngabháil bhaisdidh, dhi féin agus do luchd a tighe, do ghuidh sí sinn, ag rádh, Má mheasdáoi go bhfuilim díleas don Tighearna, tigidh, do dhéunamh comhnuidhe dom thigh. Agus do choimhéigni sí sinn.
16Agus tárla, ag dul dhúinn do dhéunamh urnaighe, go dtárla cailín áirighe oruinn agá raibh spiorad faisdine, fuair fábhaltus mór dá tighearnuibh féin lé fáisdine do dhéunamh: 17Do lean sí so Pól agus sinne, agus do éigh sí, ag rádh, Is seirbhísigh don Día ro árd na dáoinesi, moch shoisgéulas dáoibh slighe na sláinte. 18Agus do rinne sí so mórán do laéthibh. Achd do ghoill sin, ar Phól, agus dfill sé air ais agus a dubhairt sé ris a spiorud, Aithnighim dhíot a nainm Iósa Críosd teachd amach aisde. Agus ar a núair sin do imthigh an spiorad aisde.
19Agus an tan do chunncadar a tighearnuidhesi gur imthigh muinighin a bfábhaltuis féin, do chuireadar lámh a Bpól agus a Sílas, agus rugadar léó don mhargadh íad chum na núachdarán, 20Agus ar na dtairgsin do na húachdaránuibh, a dubhradar, Búaidhrid na dáoinesi ar gcathuirne, óir is dón chineadh Iúdaidhe íad, 21Agus múinid síad órduighe, nach dleisdeanach dhúinne do ghabháil, na do leanmhuin, dó bhrígh gur Romhánuigh sinn. 22Agus do éiridh an pobal a náoinfheachd na naghuidh: agus ar réubadh a néuduigheadh do na hoifigibh, do áithneadar gabháil do shlatuibh orrtha. 23Agus ar ngabháil orrtha go romhór dhóibh, do chuireadar a bpríosún íad, dá áithne dfear coimhéuda an phríosúin a gcoimhéud go ró dhaingean: 24Agus ar bhfagháil na háithne sin dósan, do theilg sé íad ann sá phríosún dob fhaide a steach, agus do dhaingnígh sé a gcosa a gceap.
25Agus a dtimcheall mheadhóin oidhche ar ndeunamh urnaighe do Phól agus do Shílas, do chanadar salm dadhmholadh Dé: agus do chúaladar na príosúnuigh íad. 26Agus go hobann do éirigh crith mór talmhun ann, a gcrúth go raibh fúindiment an phríosuin ar bogadh: agus ar an mball do bhádar na doirrsi uile osguilti, agus a ngeimhleacha uile sgáoilte. 27Agus ar músgladh do choimhéuduidhe an phríosuin, agus ar bhfaicsin doirrseadh an phríosúin osguilte dhó, ar dtarruing a chloidhimh amach, do smúain sé é féin do mharbhadh, óir do sháoil sé gur éulóigheadar na braighde. 28Achd do éigh Pol do ghúth mhór, ag rádh, Na déuna olc ar bith dhuit féin: óir atámaóidne uile ann so. 29Agus ar ngairm ar sholus dósan, do sháith sé a steach, agus ar mbeith dhó ar coimhchrich, do thuit sé síos a bhfiadhnuise Phóil and Shílais, 30Agus ar na mbreith leis amach dhó, a dubhairt sé, A mhaighisdríghe, créd chaithfeas misi dheunamh do chum go slainéochtháoi mé? 31Agus a dubhradarsan, Creid ann sa Tighearna Iósa Críosd, agus sláineochthar thú féin, agus do thigh. 32Agus do rinneadar bríathar an Tighearna do sheanmóir dhó féin, agus dá ráibh ann a thigh uile. 33Agus a nuáir sin féin do noidhche go ghlac se íad, agus do nigh sé a ccréachda; agus ar an mball do ghlac sé féin, agus a thigh uile baisdeadh. 34Agus ar na mbreith leis dó dhá thigh féin, do chuir sé bhiadh na bhfíadhnuisi, agus do rinne sé gairdeachus, é féin agus a thigh uile ag creideamh a Ndía.
35Achd ar néirighe don lá, do chuireadar na húachdaráin máoir úatha, da rádh, Léig na daóine sin amach. 36Agus dinnis coimhéuduidhe an phriosúin na briathraso do Phól, Chuireadar na húachdaráin fios úatha bhur léigean amach: uime sin siobhluidh romhuibh a nois, agus ímthighidh a síothchain. 37Achd do fhreaguir Pól doibhsean, Tar éis gabháil oruinn go puibllidhe agus sinn neímhchiontach, agus ar Rómhanachuibh, do theilgeadar a bpríosún sinn; agus an né budh áil léo a nois ar gcur amach ós íseal? ní headh go firinneach; achd teigid féin agus beirid amach sinn. 38Agus dinniseadar na maóir na bríathraso do na húachdaránuibh: agus do ghabh eagla íadsan, an tan do chúaladar gur Rómhanuigh íad. 39Agus ar dteachd dóibh do chuireadar impidhe orrtha, agus ar na dtabhuirt amach, do guidheadar íad fá imtheachd amach as an gcathruidh.
40Agus ar nimtheachd as an bpriosún dóibhsion, do chúadar a steach go Lídia: agus ar bhfaicsin na mbríathar, tugadar comhfhurtachd dóibh, agus do imthigheadar rompa.
Currently Selected:
Gníomhartha 16: Bedell
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)