YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 15

15
Caibidil XV
Priomh-chomhairle na neasbul ag Ierusalem, ioma ttimchillghearradh.
1Agus ar dteachd do dhruing áirighe a núas ó thír Iudaighe do theaguisgeadar na bráithre, ag radh, Muna dtimcheallghearrthar sibh do réir reachda Mháoisi, ní héidir bhur slánughadh. 2Uime sin tair éis Pól agus Barnabas conspóid agus diosbóireachd nar bheag do dhéanamh na naghaidh, dorduigheadar Pól agus Barnabas, agus cuid eile dhíobhsab, do dhul súas go Híarusalem chum na nabsdal agus na sinnsear a dtimcheall na ceasda so. 3Agus ar na séoladh do neagluis, do ghabhadar tré Pheníce agus Shamária, ag innisin fhillte na Gcineadhach: agus do chuireadar lúthgháir mhór ar ná bráithribh uile.
4Agus ar dteachd go Hiarusalém dhóibh, do ghabhadar a neagluis, agus na habsduil agus na sinnsir chuca íad, agus dinniseadarsan méud na nitheann do rinne Día thríothadh. 5Gidheadh déirghe dream áirighe deiriceachd na Bphairsíneach do chreid, ag rádh, Go ccaithfidh a ttimcheallghearradh, agus a chur dfíachuibh orrtha dligheadh Mháoisi choimhéud.
6Ar a nadhbharsin tangadar na habsduil agus na seinnsir ar áonball dféuchuinn a dtimcheall a neithse. 7Agus ar ndéunamh móráin diosbóireachda dhóibh, déirigh Peadar súas, agus a dubhairt sé ríu, A fheara agus a bhraithreacha, atá a fhios aguibhsi gur thog Día eadruinne fada ó shin, go gcluinfidis na Cineadhacha briathar an tsoisgéil as mo bhéalsa, agus go gcreidfidís. 8Agus do rinne Día, dar ab aithne na croidhthe, fínné dhóibhsion, ag tabhuirt an Spiorad Náoimh dhóibh, chomhmaithlinne; 9Agus ní dhearna sé éidirdhéalughadh ar bith eadruinne agus íad, ag glanadh a gcróidheadh lé creideamh. 10Uime sin a nois créud fá bhfuiltí ag cur chathúighthe ar Dhía, ag cur chuinge ar mhuinéuluinbh na ndeisciobal, nar fhéudadar ar naithreacha ná sinn féin iomchar? 11Achd creidmíd go sláinéochthar sinn comhmaith léosan, tré ghrasuibh an Thighearna Iósa Chríosd.
12Ann sin do thochdadar an chuideachda uile, agus tugadar éisdeachd do Bharnabas agus do Phól, ag innisin créad é méud na gcomharthadh agus na míorbhuileadh do rinne Día thríothadh féin eidir na Cineadhachuibh.
13Agus ar sgur dha dtagra dhóibh, do fhreaguir Séumus, ag rádh, A fheara agus a bhráithreacha, éisdigh riumsa: 14Dinnis Siomón dáoibh cionnus dféuch Dia ó thosach, chum pobail do bhuáin as na Cíneadhachnibh dhá ainm féin. 15Agus tigid bríathra na bhfaidheadh leis an nisi; do réir mar atá sgríobhtha, 16Fillfidh mé na dhiáigh so, agus tóigéubhuidh mé súas a rís tábernacuil Dháibhi, atá ar dtuitim; agus cóiréochaidh mé an ní do thuit de, agus cuirfidh mé súas é a rís: 17Do chum go níarrfaidís an chuid eile do na dáoinibh an Tighearna, agus na huile Chineadhacha, ar a ngoirthear mainm, a deir an Tighearna noch do ní na neithesi uile. 18Atá fios a oinreacha féin uile ó thosach an tsáogháil ag Día. 19Uime sin measuimsi, nach cóir míshuáimhneas do chur air a ndreim do na Cineadhachuibh, dfill chum Dé: 20Achd as insgríobhtha chuca, iad féin do sheachna ar thruáillighthibh na niodhal, agus ar stríopthachus, agus ó ní tachduighthe, agus ó fhuil. 21Oír atáid ag Maóisi ó na seanaimsireachuibh a nall dáoine do nía sheanmórughadh a ngach áon chathruigh, ann sna sinagóguibh ann a léughthar gacha sábbóid é.
22Ann sin do chonncas do na habsdalaibh agus do na sinnsearaibh, maille ris a neagluis uile, dáoine toghtha dhíobh féin do chur go Hantíochia lé Pól agus lé Barnabas; eadhon, Iúdas dar comhainm Barnabas, agus Sílas, dáoine oirrdheirc eidir na bráithreachuibh: 23Ag sgríobhadh leithreacha ríu mar so; Beatha agus sláinte ó na heasbuluibh agus ó na seinnsearuibh agus ó na bráithribh chum na mbráthar do na Cineadhachuibh átá a Naintíochia agus a Síria agus a Cilícia: 24Dó bhrígh go gcúalamar, go ndeachadar dáoine áirighe úáinne noch do bhuaidhir sibhse lé briathruibh, agus do chláochluidh bhur ninntinne, dá rádh ribh, Bheith ar bhur dtimcheallghearradh, agus an reachd do choimhéud: dá nach dtugamar a leitheid sin dáithne: 25Do chonncas dúinn, air tteachd déuntoil a gceann a chéile, dáoine tóghtha do chur chugaibhsi má ráon ré ar mbráithribh grádhacha Barnabas agus Pól, 26Daóine thug a nanmanna féin ar son anma ar Dtighearna Iósa Críosd. 27Ar a nadhbharsin do chuireamar chuguibh Iúdas agus Sílas, noch ínnéosas na neithesi as béul mar an gcéudna. 28Oír do chonncas don Spiorad Náomh, agus dúinne, gan ni as mó dúalach do chur oruibh ná na neithe ríachdanachaso; 29Go seachna sibh féin ar neithibh do níthear ofráil diodhaluibh, agus ar fhuil, agus ar ní tachduighe, agus ar striopthachus: má chongbhuithí sibh féin úatha so, is maith do dhéuntáoi. Slán libh.
30Agus ar na léigeansan air siubhal, tangadar go Hantíochia: agus ar gcruinniughadh don phobal a gceann a chéile, túgadar an leitir úatha: 31Agus an tan do léigheadarsan an leitir, do ghabh gáirdeachus íad tres an ccomhfurtachd. 32Mar an gcéadna ar mbeith do Iúdas agus do Shílas, na bhfaidhibh, do theaguisgeadar agus do neartuigheadar, na bráithre lé mórán briathar. 33Agus tair éis íad fhuireach ann sin ar feadh tamuill, do leigeadar na bráithre íad a siothcháin úatha chum na nabsdal. 34Achd do chonncas do Shilás comhnuighe ann sin. 35Achd do fhan Pól agus Barnabas fós a Naintíochia, ag teagusg agus ag soisgéulughadh bhreithre an Tighearna, máráon fós ré mórán eile.
36Achd a ndiáigh láetheadh áirighe a dubhairt Pól ré Barnabas, Filleam dféuchain ar mbráithreach atá ann gach áon chathruigh ann a ndearnamar bríathar an Tighearna do sheanmóir, cionnus atáid síad. 37Agus do shanntuigh Barnabas Eóin dá ngoirthear Marcus, do bhreith léo. 38Achd níor bháill lé Pól an té, dó chúaidh úatha as Pamphília, agus nach deachaidh ríu chum na hoibre, do bhreith na gcuideachda. 39Uime sin do éirigh easáonta eatorra, a gcrúth gur sgaradar ré chéile: achd rug Barnabas Marcus leis, agus do chúaidh sé a luing go Cíprus; 40Achd dó thógh Pól Silas dó féin, agus do imthigh sé roimhe, ar na chur ar comairce ghrás Dé do na bráithribh.
41Agus do shiobhail sé ar feadh Shíria agus Chilícia, ag coimhneartughadh na néagluiseadh.

Currently Selected:

Gníomhartha 15: Bedell

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in