Gníomhartha 14
14
Caibidil XIV
Na heasbuil ag deanamh maith ag Listra, 11 tugadar an-barr onóir dhoibh áon la, 19 agus ghabhadar do chlochaibh orra la eile.
1Agus tárla a Nicónium, go ndeachadar aráon a náoinfheachd go sionagóig na Níudaigheadh, agus gur labhradar, ar ghléus gur chreideadar buidhean mhór do na Iúdaighibh agus fos do na Gréugachaibh. 2Achd na Iúdaighthe díchreidmheacha, do bhrosdaigheadar agus do líonadar daingidheachd, inntinn na Gcineadhach a naghaidh na ndearbhraithreach. 3Uime sin dfanadar aimsear fhada ag labhairt go dána sa Tighearna, noch do rinne fíadhnuise do bhréithir a ghrás féin, agus tug fá deara comharthadha agus miorbhuileadha do dhéumamh tré na lamhaibhsión. 4Agus tárla connspóid eidir luchd na caithreach: ionnus go raibh dream aca ris na Iúdaighibh, agus dream eile ris na habsdalaibh. 5Agus ar dtosughadh bruighne do na Cineadhachaibh, agus do na Híudaighthibh maille ré na núachdaránaibh, chum íadsan do mhaslúghadh, agus gabháil do chlochaibh orrtha, 6Ar na thuigsin só dhóibhsion, do theitheadar go Lístra, agus Derbe, caithreacha na Licaónia, agus don regíon ar gach táobh: 7Agus do bhádar ag seanmórughadh an tsoisgéil ann sin.
8Fá a nám sin do bhí duine áirighe a Listra na shuidhe, ag nach raibh a chosa ar a chúmas, do bhí na mhairtíneach ó bhroinn a mháthar, agus nar shiúbhail a ríamh. 9Do chualáidh sé so Pól ag labhairt: agus ar mbeith do Phól ag féuchain go gér air, agus ar mbreathnughadh dhó go raibh creidheamh aige chúm a shlánuighthe, 10A dubhairt sé do ghúth mór, Seas súas go díreach ar do chosaibh. Agus do léím seision súas, agus do shiúbhail sé.
11Agus ar bhfaicsin a neithe do rinne Pól don phóbal, do árdaigheadar a ngúth, ag rádh a dteangaidh na Licaónia, Tangadar dée a núas chugainn a gcosamhlachd dáoine. 12Agus do ghoireadar Iupiter, do Bharnabas; agus Mercúrius, do Phól, do bhrígh gur bhfearr labhartha é. 13Agus ar mbeith do shagurt Iupiter, as comhair a gcaithreach súd, ar dtabhairt tharbh agus atán ris chim na ngeatadh, bá mian leis íodhbairt do dhéunamh má ráon ris an bpóbal. 14Achd ar na chlos so do na habsdalaibh, Barnabas agus Pól, ag réubadh a gcúlaidheach dhóibh, do ritheadar a sdeach a measg an phoóbail, ag éighme, 15Agus ag rádh, A dháoine, créud fá a ndéantáoi na neithese? Oir is dáoine sinnse féin, cosmhail a bhfulangthaibh ribhse, ag soisgéulughadh dhíbh fileadh ó na neithibh diomháoineachsa chum Dé bhí, noch rínne neamh, agus talamh, agus a nfáirge, agus na huile neithe atá ionnta: 16Noch do fhulaing sna haimsiribh do chuáidh thorainn, do na huile chineadhachaibh siubhal ann a slighthibh féin. 17Bíodh nar fhág sé é féin gan fhíadhnuise, ag déunamh maitheasa, ag tabhairt feathanna dhuinn ó neamh, agus seusúir thórthaigh, ag líonadh ar gcroidheadh do bhíadh agus do gháirdeachus. 18Agus ar rádh na néitheannsa dhóibh, is ré béigean do chongbhadar an pobal, ó íodhbairt do dhéunamh dhóibh.
19Gidheadh tangadar Iúdaighe chuca ó Antíochia agus ó Icóníum, noch do chomhairligh an pobal, agus ar ngabháil do chlochaibh ar Phól, do tharruing amach as an gcathruigh é, ar na sháoilsin dóibh go raibh sé marbh. 20Achd, ar mbeith do na deisciobluibh na seasamh na thimcheall, do éirigh sé súas na sheasamh, agus do chuáidh sé a steach don chathraigh: agus ar na mhárach do imthigh sé as sin má ráon ré Barnabas go Derbe.
21Agus ar seanmórughadh an tsoisgéil don chathraigh sin doíbh, agus ar dtarruing mhóráin do dheiscioblaibh chuca, dfilleadar go Listra, agus go Hicónium, agus go Hantíochia. 22Ag neartughadh anmann na deisciobal, agá dteagusg fá amhuin sa gcreideamh, agus gur tré iomad buaidheartha as éigean dúinn dul a steach go ríoghachd Dé. 23Agus ar nórdughadh sinnsear ann gach eagluis, agus ar ndéunamh úrnaighe dhóibh maille ré trosgadh, do chuireadar ar choimhéud an Tighearna, ionar chreideadar íad.
24Agus ar ndul dhóibh thríd Phisídia, tangadar go Pamphília. 25Agus ar labhairt na bhréithre dhoibh a Bperge, do chúadar síos go Hatália: 26Agus do shéoladar as sin go Hantíochía, a náit as ar cuireadh ar coimhéud ghrás Dé íad chum na hoibre do choimhlíonadar. 27Agus ar dteachd, agus ar gcruinniúghadh na heagluise a gceann a chéile dhóibh, do fhoillsigheadar méud na neitheann do rinne Día thríothadh, agus gur osgail sé doras an chreidimh do na Cineadhachaibh. 28Agus do chomhnuigheadar aimsir fhada ann sin a bhfochair na ndeisciobail.
Currently Selected:
Gníomhartha 14: Bedell
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

: