Síorach 1
1
Réamhrá ón Aistritheoir
1 Is iomaí teagasc éachtach a tugadh dúinn tríd an dlí agus na fáithe, 2 Agus tríd an muintir eile a lean iad. 3 Arb ábhar molta iad ag Iosrael ar son eolais agus eagna. 4 Ní leor go mbeadh an dream a léann na scrioptúir oilte orthu, 5 Ach ba chóir go mbeadh ar a gcumas cabhair a thabhairt do dhaoine lasmuigh, 6 Le caint agus le scríobh. 7 Thug mo sheanathair, Íosa, é féin suas go háirithe 8 Do léamh an dlí 9 agus na bhfáithe, 10 Agus leabhair eile na sinsear; 11 Fuair sé máistríocht fhónta orthu 12 Ionas go ndeachaigh sé chun cinn agus gur scríobh sé ábhar a raibh baint aige le teagasc agus eagna, 13 I dtreo go gcuirfeadh lucht tóraíochta an léinn eolas air seo freisin. 14 Agus gur fearr a rachaidís ar aghaidh ag maireachtáil de réir an dlí. 15 Iarrtar oraibh, dá bhrí sin, 16 An leabhar seo a léamh, 17 Le dea-thoil agus le spéis, 18 Agus a bheith tuisceanach 19 Sna háiteanna ina ndealraíonn sé 20 Go ndeachaigh dínn leagan cainte a aistriú d'ainneoin ár ndichill. 21 Óir ní féidir leagan lánsásúil a sholáthar 22 De nithe a cuireadh in iúl san Eabhrais ar dtús nuair a aistrítear go teanga eile iad. 23 Ní hé sin amháin é 24 Ach an dlí agus na fáithe, 25 Agus an chuid eile de na leabhair, 26 Tá difir nach suarach idir iad agus mar a cuireadh in iúl iad go bunúsach. 27 Nuair a tháinig mé chun na hÉigipte, 28 San ochtú bliain tríochad de réimeas Shoghníomhaigh rí agus gur chaith mé tréimhse ann, 29 Leag mé lámh ar shaothar a raibh teagasc thar an gcoitiantacht ann; 30 Tuigeadh dom go raibh sé fíor-riachtanach go gcaithfinn dua agus díograis ag aistriú an leabhair seo inár ndiaidh; 31 Chaith mé cáiréis agus léann leis, 32 I rith an ama sin 33 D'fhonn an leabhar a chríochnú agus a fhoilsiú, 34 Ar mhaithe go háirithe leo siúd atá ag cur fúthu thar lear, agus ar mian leo teagasc a fháil, 35 Agus iad féin a chur in oiriúint, maidir le béasa, do mhaireachtáil de réir an dlí.
Seanráite
Currently Selected:
Síorach 1: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.