YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 16

16
An Rógaire Maoir
1Dúirt sé lena dheisceabail freisin: “Bhí fear saibhir ann a raibh maor aige, agus gearánadh é seo leis go raibh sé ag scaipeadh a mhaoine. 2Chuir sé fios air agus dúirt leis: ‘Cad é seo a chluinim mar gheall ort? Tabhair cuntas uait i do mhaoirseacht, óir ní féidir thú a bheith i do mhaor feasta.’ 3Ansin dúirt an maor ina aigne: ‘Cad a dhéanfaidh mé, óir tá mo mháistir ag baint na maoirseachta díom? Níl neart ionam chun rómhair, ba nár liom dul le déirc. 4Tá a fhios agam cad a dhéanfaidh mé, ionas, nuair a bheidh mé briste as an maoirseacht, go nglacfaidh siad isteach ina dtithe mé.’ 5Ghlaoigh sé chuige gach aon duine dá raibh i bhfiacha ag a mháistir, agus dúirt leis an gcéad duine: ‘Cé mhéad atá ag mo mháistir ort?’ 6Dúirt seisean: ‘Tá céad bairille ola.’ Dúirt sé leis: ‘Tóg do bhille, suigh síos, agus scríobh go tapa caoga.’ 7Ansin dúirt sé le duine eile: ‘Cé mhéad atá amuigh ortsa?’ Dúirt seisean: ‘Tá céad ceathrú arbhair.’ Dúirt sé leis: ‘Tóg do bhille agus scríobh ochtó.’ 8Agus mhol an máistir an maor mímhacánta mar go ndearna sé go géarchúiseach é; óir bíonn clann an tsaoil seo níos géarchúisí lena leithéidí féin ná clann an tsolais. 9Agus deirim féin libh, déanaigí cairde daoibh féin leis an airgead mímhacánta, ionas, nuair a chlisfidh sé, go nglacfaidh siad isteach sibh sna bothanna síoraí. 10An té a bhíonn iontaofa faoin mbeagán, bíonn sé iontaofa faoin mórán freisin; agus an té a bhíonn mímhacánta faoin mbeagán, bíonn sé mímhacánta faoin mórán freisin. 11Dá bhrí sin, mura raibh sibh iontaofa faoin airgead mímhacánta, cé a thaobhóidh libh an saibhreas fírinneach? 12Agus mura raibh sibh iontaofa faoin rud a bhí ar iasacht agaibh, cé thabharfaidh daoibh an rud is libh de sheilbh dhílis? 13Ní féidir do sclábha ar bith dhá mháistir a riaradh, óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuim den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t‑airgead.”
14Bhí na Fairisínigh, a thug grá don airgead, ag éisteacht leis an méid sin uile agus bhí siad ag dranngháire faoi. 15Agus dúirt sé leo: “Is sibhse an dream a chuireann ríocht na bhfíréan oraibh féin i láthair daoine, ach is eol do Dhia bhur gcroíthe, óir an rud a bhíonn ardmheasúil dar le daoine, is ábhar déistine é i láthair Dé.
16“Bhí an dlí agus na fáithe ann go dtí aimsir Eoin: ó shin i leith tá dea-scéal ríocht Dé á fhógairt, agus gach aon duine ag brú a shlí isteach inti le foréigean. 17Ach is fusa neamh agus talamh a imeacht ná aon ghiota amháin den dlí a dhul ar lár.
18“Gach aon duine a scaoileann uaidh a bhean agus a phósann bean eile, déanann sé adhaltranas, agus an té a phósann bean a scaoileadh óna fear, déanann sé adhaltranas.
An Fear Saibhir agus Lazaras
19“Bhí fear saibhir ann a mbíodh corcra agus sról rómhín mar éadach air, agus é go taibhseach gach lá ag bord aoibhinn. 20Agus bhíodh duine bocht darbh ainm Lazaras ina luí le hais a gheata agus screamh othras air 21agus arbh é ba mhian leis a shá a fháil den sprúilleach a thiteadh ó bhord an fhir shaibhir; agus fós, bhíodh na gadhair féin ag teacht ag lí na n‑othras aige. 22Ach ansin fuair an duine bocht bás, agus iompraíodh ag na haingil é go hucht Abrahám. Fuair an fear saibhir bás freisin agus adhlacadh é. 23Agus in ifreann dó, d'ardaigh sé a shúile agus é i bpiolóidí, agus chonaic Abrahám i bhfad uaidh agus Lazaras ina ucht. 24Agus ghlaoigh sé amach: ‘A athair Abrahám,’ ar sé, ‘bíodh trua agat dom, agus cuir Lazaras go dtomfadh sé barr a mhéire in uisce agus go bhfuaródh mo theanga, óir táim do mo chrá sa lasair seo.’ 25Ach dúirt Abrahám: ‘Cuimhnigh, a mhic, go bhfuair tusa do chuid féin de na dea-nithe le linn do bheatha, agus mar an gcéanna go bhfuair Lazaras na drochnithe. Ach anois tá seisean á shólású abhus, agus tusa do do chrá. 26Agus ina éagmais sin uile, tá duibheagán mór suite daingean idir sinne agus sibh, ionas nach féidir leo seo arb áil leo é dul anonn chugaibh agus nach ngabhtar anall trasna chugainne.’ 27Dúirt seisean: ‘Iarraim ort más ea, a athair, é chur go dtí teach m'athar - 28óir tá cúigear dearthár agam - chun go dtabharfadh sé fios an scéil dóibh d'eagla go dtiocfaidís sin freisin san áit seo na bpiolóidí.’ 29Dúirt Abrahám: ‘Tá Maois acu agus na fáithe; éistidís leo sin.’ 30Dúirt sé: ‘Ní hea, a athair Abrahám, ach má théann duine ó na mairbh chucu déanfaidh siad aithrí.’ 31Ach dúirt sé leis: ‘Mura n‑éisteann siad le Maois agus leis na fáithe, ní mó a ghéillfidh siad má éiríonn duine ó mhairbh.’ ”

Currently Selected:

Lúcás 16: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy