YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 14

14
Íorpaiseach á Leigheas
1Nuair a chuaigh sé ag caitheamh a choda lá sabóide i dteach dhuine de chinn urra na bhFairísineach, iad seo a bhí ann, bhí siad ag faire go géar air. 2Agus bhí, os a chomhair amach, fear a raibh íorpais air. 3Labhair Íosa leis na dlíodóirí agus leis na Fairisínigh: “An dleathach leigheas a dhéanamh lá saboide,” ar sé, “nó an mídhleathach?” 4Ach d'fhan siad ina dtost. Thóg sé é agus leigheas é agus scaoil uaidh é. 5Agus dúirt sé leo: “An bhfuil aon duine agaibh a dtitfidh a mhac nó a dhamh sa tobar agus nach dtarraingeoidh amach láithreach é lá na sabóide?” 6Agus níorbh fhéidir dóibh freagra a thabhairt ar an méid sin.
An Áit is Ísle
7Dúirt sé parabal leo siúd a fuair an cuireadh, ar a shonrú dó mar a thoghaidís na chéad áiteanna; dúirt sé leo: 8“Nuair a thabharfaidh duine éigin cuireadh chun bainise duit, ná téigh i do luí sa chéad áit, le heagla go mbeadh cuireadh ag duine eile uaidh ba mhó le rá ná thú, 9agus go dtiocfaidh an té a thug an cuireadh duit féin agus dó sin, á rá leat: ‘Tabhair áit dó seo,’ agus go gcaithfeá ansin agus ceann faoi ort an áit is ísle a ghabháil. 10Ach nuair a gheobhaidh tú cuireadh, tar agus lig fút san áit is ísle, sa chaoi, nuair a thiocfaidh an té a thug an cuireadh duit, go ndéarfaidh sé leat: ‘A chara, gabh níos faide suas’; ansin beidh onóir ann duit i láthair chách a bhíonn ag bord leat. 11Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin, ardófar é.”
12Dúirt sé freisin leis an té a thug an cuireadh dó: “Nuair a bhíonn meán lae nó dinnéar á thabhairt agat, ná cuir gairm ar do chairde ná ar do bhráithre ná ar do ghaolta ná ar do chomharsana saibhre, le heagla go dtabharfaidís sin cuireadh duitse ar a seal agus go ndíolfaí an comhar leat. 13Ach nuair a bhíonn fleá agat á tabhairt, tabhair cuireadh do bhoicht, do mhairtínigh, do bhacaigh, do dhaill; 14agus beidh sonas ort, de bhrí nach bhfuil teacht acu ar é a chúiteamh leat; óir cúiteofar leat é in aiséirí na bhfíréan.”
Parabal an Dinnéir Mhóir
15Duine díobh seo a bhí ag bord leis, ar chloisteáil an méid sin dó, dúirt sé leis: “Is méanar don té a chaitheann a chuid i ríocht Dé!” 16Dúirt sé leis: “Bhí fear ann agus dinnéar mór aige á thabhairt, agus thug sé cuireadh dá lán. 17Chuir sé a sheirbhíseach uaidh ar uair an dinnéir á rá leo seo a fuair an cuireadh: ‘Tagaigí, mar tá sé reidh anois.’ 18Agus thosaigh siad uile mar a chéile á leithscéalú féin. Dúirt an chéad duine leis: ‘Tá feirm ceannaithe agam, agus is éigean dom dul amach á feiceáil; iarraim ort mo leithscéal a ghabháil.’ 19Dúirt duine eile: ‘Tá cúig cuingireacha damh ceannaithe agam, agus táim ag dul á dtriail; iarraim ort mo leithscéal a ghabháil.’ 20Agus dúirt duine eile: ‘Táim tar éis pósta, agus dá bhrí sin ní fhéadaim dul.’ 21Tháinig an seirbhíseach ar ais agus d'inis an méid sin dá mháistir. Dúirt fear an tí lena sheirbhíseach ansin, agus fearg air: ‘Amach leat gan stad faoi shráideanna agus faoi chabhsaí na cathrach, agus seol isteach anseo na boicht agus na mairtínigh agus na daill agus na bacaigh.’ 22Dúirt an seirbhíseach: ‘A mháistir, tá ar ordaigh tú déanta, ach tá slí fós ann.’ 23Agus dúirt an máistir leis an seirbhíseach: ‘Téigh amach ar na bóithre agus le hais na bhfál, agus cuir d'fhiacha orthu teacht isteach, ionas go mbeidh mo theach lán. 24Óir deirim libh, na fir úd a fuair an cuireadh, ní bhlaisfidh aon duine acu mo dhinnéar.’ ”
Na Coinníollacha ar a Leantar Críost
25Bhí sluaite móra á thionlacan, agus d'iompaigh sé agus dúirt leo: 26“Má thagann aon duine chugam agus gan fuath a bheith aige dá athair agus dá mháthair agus dá bhean agus dá chlann agus dá dheartháireacha agus dá dheirfiúracha, agus fiú amháin dá anam féin, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam. 27Cibé nach ndéanann a chros a iompar agus teacht i mo dhiaidh, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam. 28Óir cé agaibh arb áil leis túr a thógáil, nach suífidh síos ar dtús agus an costas a mheas, féachaint an acmhainn dó é a chríochnú? 29Le heagla, tar éis dó bonn a leagan agus gan air a chumas é a thabhairt chun críche, go dtosódh an lucht féachana ag fonóid faoi á rá: 30‘Thosaigh an duine seo ag tógáil agus níor chumas dó é thabhairt chun críche!’ 31Nó cén rí, agus é ag dul i ngleic cogaidh le rí eile, nach suífidh síos ar dtús ag déanamh comhairle, féachaint an bhféadfaidh sé dul, líon deich míle, faoina dhéin siúd atá ag déanamh air agus fiche míle aige? 32Agus mura bhféadann, le linn dó siúd bheith i bhfad uaidh, cuireann sé teachtaí chuige ag iarraidh coinníollacha síochána. 33A dhála sin díreach, gach duine agaibhse nach dtréigeann a mhaoin uile ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam. 34Óir is maith an rud salann, ach má éiríonn an salann féin leamh, cad a dhéanfaidh anlann dó? 35Níl sé oiriúnach don talamh ná don charn aoiligh: é chaitheamh amach a dhéantar. An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh!”

Currently Selected:

Lúcás 14: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy