Eoin 14:1-6
Eoin 14:1-6 ABN
Ná bíodh buaireamh ar bhur gcroí: creideann sibh i nDia; creidigí ionamsa leis. Is iomaí áras i dteach mʼAthar. Mura mbeadh, dʼinseoinn daoibh é. Óir táim ag dul ag cur áite i gcóir daoibh, agus má théim agus áit a chur i gcóir daoibh, tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé sibh chugam féin; i dtreo, an áit ina mbeidh mise, go mbeidh sibhse chomh maith. Tá eolas na slí agaibh mar a bhfuilim ag dul.” Dúirt Tomás leis: “A Thiarna, ní eol dúinn cá bhfuil tú ag dul agus cén chaoi is féidir dúinn eolas na slí a bheith againn?” Dúirt Íosa leis: “Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.













