YouVersion Logo
Search Icon

Eoin 13

13
Íosa ag Ní Cosa a Dheisceabal
1Roimh fhéile na Cásca, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a uair tagtha chun imeacht as an saol seo go dtí an tAthair, agus ó thug sé grá dá mhuintir féin a bhí ar an saol, thug sé grá thar na bearta dóibh feasta. 2Le linn an tsuipéir agus tar éis don diabhal a chur ina chroí ag Iúdás, mac Shíomóin Isceiriót, go mbraithfeadh sé é - 3ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach uile ní tugtha isteach ina lámha dó, ag an Athair, agus gur ó Dhia a ghabh sé amach, agus gur ar Dhia a bhí a thriall, 4d'éirigh sé ón suipéar, agus leag sé uaidh a chuid éadaigh, agus cheangail sé tuáille faoina choim. 5Ansin chuir sé uisce sa bháisín agus thosaigh ag ní cosa na ndeisceabal agus á dtiormú leis an tuáille a bhí faoina choim. 6Tháinig sé chomh fada le Síomón Peadar agus dúirt seisean leis: “Tusa a ní mo chos-sa, a Thiarna!” 7D'fhreagair Íosa é: “Ní fios duit anois cad tá ar siúl agam,” ar sé leis, “ach tuigfidh tú ar ball é.” 8Dúirt Peadar leis: “Ní nífidh tú mo chosa-sa choíche!” D'fhreagair Íosa é: “Mura ndéanfaidh mé thú a ní, ní bheidh aon chuid agat díom.” 9Dúirt Síomón Peadar leis: “A Thiarna, ní amháin mo chosa, ach nigh fós mo lámha agus mo cheann!” 10Dúirt Íosa leis: “Duine tar éis a fholctha, ní gá dó a ní [ach a chosa]; tá sé glan go hiomlán. Agus tá sibhse glan, ach níl gach duine agaibh glan.” 11Mar bhí a fhios aige cé a bhí chun é bhrath; sin é an fáth a ndúirt sé: “Níl gach duine agaibh glan.”
12Ansin, tar éis dó a gcosa a ní, agus a chuid éadaigh a chur air, shuigh sé chun boird arís agus dúirt sé leo: “An dtuigeann sibh cad tá déanta agam daoibh? 13Deir sibh: ‘A Mháistir’ liom agus ‘A Thiarna’, agus is le ceart é, óir is mé sin. 14Má rinne mise bhur gcosa a ní agus gur mé bhur dTiarna agus bhur Máistir, ba chóir daoibhse chomh maith cosa a chéile a ní. 15Tá sampla tugtha agam daoibh, faoi mar atá déanta agam daoibhse, go ndéanfadh sibhse mar an gcéanna.
16Amen, Amen, a deirim libh,
níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir,
ná níl aspal níos mó ná an té a chuir uaidh é.
17Má tá a fhíos agaibh na nithe sín, is méanar daoibh
má dhéanann sibh iad.
18“Nílim ag labhairt oraibh go léir, óir aithním na daoine a thogh mé, ach chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr: ‘An té a d'ith arán liom, d'ardaigh sé a sháil i mo choinne.’
19Táim á insint sin daoibh anois,
roimh ré, sula dtarlaíonn sé,
i dtreo, nuair a tharlaíonn sé,
go gcreidfidh sibh gur mise é.
20Amen, Amen, a deirim libh,
an té a ghlacann aon duine a chuirfidh mise uaim,
is mise a ghlacann sé;
agus an té a ghlacann mise,
glacann sé an té a chuir uaidh mé.”
Feall
21Ar rá na cainte sin d'Íosa, tháinig suaitheadh spioraid air, thug fianaise agus dúirt: “Amen, Amen, a deirim libh, déanfaidh duine agaibh mé a bhrath.” 22D'fhéach na deisceabail ar a chéile ansin agus iad in amhras i dtaobh cé air ar labhair sé. 23Bhí ina luí agus a cheann in ucht Íosa, duine dá dheisceabail a raibh grá ag Íosa dó. 24Rinne Síomón Peadar comharthaí sóirt leis sin dá bhrí sin agus dúirt: “Fiafraigh cé hé a deir sé.” 25Luigh seisean mar sin ar bhrollach Íosa agus dúirt leis: “Cé hé féin, a Thiarna?” 26D'fhreagair Íosa dá bhrí sin: “An té dá dtabharfaidh mise an bruan aráin a thumfaidh mé, sin é é.” Ansin thum sé an bruan agus thug sé do Iúdás mac Shíomóin Isceiriót é. 27Ansin díreach i ndiaidh an bhruain, chuaigh Sátan isteach ann. Dúirt Íosa leis dá bhrí sin: “A bhfuil agat á dhéanamh, déan go tapa é!” 28Ní raibh a fhios ag aon duine den chuideachta ag an mbord cad chuige a dúirt sé é sin leis; 29óir shíl cuid acu, ós rud é go raibh an sparán ag Iúdás, go raibh Íosa á rá léis: “Ceannaigh a bhfuil de dhíth orainn don fhéile; nó rud éigin a thabhairt do na boicht.” 30Thóg seisean an bruan dá bhrí sin agus d'imigh sé amach gan mhoill. Bhí an oíche ann. 31Nuair a d'imigh sé amach, dúirt Íosa:
“Tá glóir faighte ag Mac an Duine anois,
agus tá glóir faighte ag Dia ann.
32Má fuair Dia glóir ann,
tabharfaidh Dia glóir dósan ann féin,
agus tabharfaidh sé glóir dó gan mhoill.
Comhráite Deiridh
33A chlann ó, is gearr eile atá agam in bhur bhfochair.
Beidh sibh ar mo lorg,
agus faoi mar a dúirt mé leis na Giúdaigh,
deirim libhse arís:
‘An áit ina bhfuilimse ag dul
ní féidir daoibhse teacht.’
34Tá aithne nua á tabhairt agam daoibh,
go dtabharfadh sibh grá dá chéile;
faoi mar a thug mise grá daoibhse,
go dtabharfadh sibhse grá dá chéile.
35As sin a bheidh a fhios ag cách gur deisceabail liomsa sibh
má bhíonn grá agaibh dá chéile.”
36Dúirt Síomón Peadar leis: “A Thiarna, cá bhfuil tú ag dul?” D'fhreagair Íosa é: “Mar a bhfuilimse ag dul, ní féidir duitse mé a leanúint anois, ach leanfaidh tú mé níos déanaí.” 37Dúirt Peadar leis: “A Thiarna, cad chuige nach féidir dom thú a leanúint anois? Tabharfaidh mé m'anam ar do shon.” 38D'fhreagair Íosa: “An dtabharfaidh tú d'anam ar mo shon? Amen, Amen, a deirim leat ní ghlaofaidh an coileach sula séanfaidh tú mé trí huaire!

Currently Selected:

Eoin 13: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy