YouVersion Logo
Search Icon

Eoin 12

12
An tUngadh i mBéatáine
1Sé lá roimh an gCáisc tháinig Íosa go Béatáine mar a raibh Lazaras a d'ardaigh Íosa ó mhairbh. 2Thug siad dinnéar dó ansiúd, dá bhrí sin, agus bhí Marta ag freastal agus Lazaras ar an gcuideachta leis ag an mbord. 3Ansin thóg Máire punt meáchain d'ola an-luachmhar, nard dílis, agus rinne sí cosa Íosa a ungadh leis agus iad a chuimilt lena gruaig. Líon an teach de bholadh cumhra na hola. 4Ach dúirt duine dá dheisceabail, Iúdás ó Isceiriót, an fear a bhí ar tí a bhraite: 5“Cad chuige nár díoladh an ola seo ar thrí chéad déanar agus é a thabhairt do na boicht?” 6Ach dúirt sé é sin, ní mar go raibh aon aird aige ar na boicht ach gur ghadaí é agus go mbíodh an sparán aige agus go mbíodh sé ag tarraingt as a gcuirtí ann. 7Dúirt Íosa ansin: “Lig di chun go gcoimeádfaidh sí é i gcomhair lá m'adhlactha. 8Óir bíonn na boicht agaibh i gcónaí in bhur measc, ach ní bhímse agaibh i gcónaí.” 9Agus bhí a fhios ag slua mór de na Giúdaigh go raibh sé ann agus tháinig siad, ní amháin mar gheall ar Íosa, ach chun go bhfeicfidís Lazaras a d'ardaigh sé ó mhairbh. 10Bheartaigh na hardsagairt ansin Lazaras a chur chun báis chomh maith 11mar go raibh a lán de na Giúdaigh ag imeacht agus ag creidiúint in Íosa dá bharr.
An Imrím Chaithréimeach
12Lá arna mhárach, an slua mór a tháinig don fhéile, nuair a chuala siad go raibh Íosa ag teacht go Iarúsailéim, 13thóg siad craobhacha pailme agus amach leo ina choinne, agus na gártha á gcur suas acu: “Hósana! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna, sea, rí Iosrael.” 14Agus fuair Íosa asal óg agus shuigh air mar atá scríofa: 15“Na bíodh eagla ort, a iníon Shíón; féach, tá do rí ag teacht agus é ina shuí ar shearrach asail.” 16Nior thuig a dheisceabail na nithe ar dtús ach nuair a glóiríodh Íosa, ansin is ea a chuimhnigh siad air go raibh na nithe seo scríofa agus go ndearna siad na nithe sin leis. 17An slua, dá bhrí sin, a bhí ina fhochair nuair a ghlaoigh sé Lazaras as an tuama agus a thóg sé é ó mhairbh, bhí siad ag tabhairt fianaise uathu. 18Is dá bharrsan chomh maith a tháinig an slua amach ina choinne, de bhrí gur chuala siad go ndearna sé an mhíorúilt sin. 19Dúirt na Fairisínigh le chéile ansin: “Féach, ní aon tairbhe dúinn aon ní atá ar siúl againn. Tá an saol mór imithe ina dhiaidh!”
Tairngreacht
20Bhí Gréagaigh áirithe ar na daoine a chuaigh suas go Iarúsailéim chun adhradh a dhéanamh lá na féile. 21Tháinig siadsan mar sin go dtí Pilib, an fear ó Bhéatsáide na Gailíle, agus d'iarr siad achainí air: “A thiarna, ba mhaith linn Íosa a fheiceáil,” ar siad. 22Tháinig Pilib agus d'inis sé d'Aindrias é, agus ansin tháinig Aindrias agus Pilib agus d'inis siad d'Íosa é. 23D'fhreagair Íosa iad agus dúirt:
“Tá an uair tagtha
chun go ndéanfaí Mac an Duine a ghlóiriú.
24Amen, Amen, a deirim libh,
an gráinne arbhair a thit sa talamh,
mura bhfaigheann sé bás, fanann sé leis féin amháin.
Ach má fhaigheann sé bás,
tugann sé toradh mór uaidh.
25An té a thugann grá dá anam féin,
caillfidh sé é,
agus an té a thugann fuath dá anam féin ar an saol seo,
déanfaidh sé é a choimeád chun na beatha síoraí.
26Má dhéanann aon duine friothálamh ormsa,
leanadh sé mé,
agus an áit ina mbímse,
is ann a bheidh mo fhriothálaí chomh maith.
Má dhéanann aon duine friothálamh ormsa,
tabharfaidh m'Athair onóir dó.
27Tá buaireamh ar m'anam anois.
Cad déarfaidh mé?
‘A Athair, saor mé ón uair seo’?
Ach is chuige sin a tháinig mé chun na huaire seo.
28Athair, tabhair glóir do d'ainm!”
Ansin tháinig guth ó neamh: “Thug mé glóir dó, agus tabharfaidh mé glóir dó arís.” 29Arna chloisteáil don slua a bhí ina seasamh timpeall, dúirt siad gur toirneach a rinneadh; dúirt cuid acu: “Aingeal a labhair leis.” 30D'fhreagair Íosa: “Ní ar mo shonsa,” ar sé, “a tharla an guth, ach ar bhur sonsa.
31Anois atá breith á tabhairt ar an saol seo.
Anois atá prionsa an tsaoil seo le teilgean amach.
32Má ardaítear mise ón talamh
tarraingeoidh mé gach duine chugam féin.”
33Dúirt sé an méid sin á chur in iúl cén sórt báis a bhí i ndán dó a fháil. 34D'fhreagair an slua é ansin: “Chualamar ón dlí go bhfanfaidh Críost go deo, agus cén chaoi a ndeir tú nach foláir Mac an Duine a ardú? Cé hé an Mac seo an Duine?” 35Dúirt Íosa leo ansin:
“Tá an solas agaibh go fóill, tamall beag.
Déanaigí siúl fad tá an solas agaibh,
i dtreo nach mbéarfadh an dorchacht oraibh.
An té a shiúlann sa dorchacht,
níl a fhios aige cá mbíonn sé ag dul.
36Fad tá an solas agaibh creidigí sa solas
chun go mbeadh sibh in bhur gclann ag an solas.”
Labhair Íosa na nithe sin leo, agus d'imigh agus cheil é féin orthu.
Díchreideamh na nGiúdach
37Cé go ndearna sé an méid sin comharthaí os a gcomhair ní chreidfidís ann - 38ionas go gcomhlíonfaí an focal a dúirt Íseáia fáidh: “A Thiarna, cé a chreid ár scéala? Agus cé dó ar taispeánadh lámh an Tiarna?” 39Uime sin níorbh fhéidir dóibh creidiúint óir dúirt Íseáia arís: 40“Dhall sé a súile, agus chruaigh sé a gcroí, chun nach bhfeicfidís lena súile agus nach dtuigfidís lena gcroí, agus go n‑iompódh siad agus go leigheasfainn iad.” 41Dúirt Íseáia na nithe sin mar go bhfaca sé a ghlóir agus gur labhair sé air. 42San am céanna, áfach, chreid a lán de na huachtaráin féin ann, ach níor admhaigh siad é mar gheall ar na Fairisínigh le heagla go gcuirfí as an tsionagóg iad. 43Óir ba mhó acu glóir daoine ná glóir Dé. 44Ghlaoigh Íosa de ghuth ard agus dúirt:
“An té a chreideann ionamsa,
ní chreideann sé ionamsa, ach sa té a chuir uaidh mé.
45Agus an té a fheiceann mise,
feiceann sé an té a chuir uaidh mé.
46Tháinig mise, mar sholas, isteach sa saol
i dtreo, gach duine a chreideann ionamsa,
nach bhfanfadh sé sa dorchacht.
47Má chluineann aon duine mo bhriathra
agus nach gcoinneoidh sé iad,
ní mise a thugann daorbhreith air,
óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol
a tháinig mé,
ach chun an saol a shaoradh.
48An té a dhiúltaíonn domsa,
agus nach nglacann mo bhriathra,
tá aige an té a thabharfaidh daorbhreith air.
An briathar féin a labhair mé,
tabharfaidh sé sin daorbhreith air an lá deireanach.
49Óir ní uaim féin a labhair mé,
ach an tAthair féin a chuir uaidh mé,
thug seisean ordú dom,
cad a déarfainn agus cad a labhróinn.
50Agus tá a fhios agam gur beatha shíoraí a ordú.
Agus uime sin na nithe a labhraím,
is mar a dúirt an tAthair liom a labhraím iad.”

Currently Selected:

Eoin 12: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy