YouVersion Logo
Search Icon

Habacúc 1

1
Comhrá idir an Tiarna agus an Fáidh
1Oracal a fuair Habacúc, an fáidh, i bhfís.
An Chéad Chasaoid
2Cá fhad eile, a Thiarna, a bheidh mé ag glaoch ort
agus nach n‑éistfidh tú liom
nó ag éamh “Foréigean!”
agus nach bhfuasclóidh tú sinn?
3Cad chuige nach dtaispeánann tú dom
ach an urchóid amháin?
Cén fáth a mbíonn tú féin
ag breathnú ar an ansmacht ar nós cuma liom?
Déantar slad agus foréigean os mo chomhair
agus is minic a bhíonn achrann agus aighneas ann.
4Sin é an fáth a ndéantar faillí sa dlí
agus nach bhfeictear an chóir
á déanamh choíche.
Óir faigheann an drochdhuine
an ceann is fearr ar an bhfíréan
agus dá dheasca sin cuirtear an chóir as a riocht.
An Chéad Oracal
5Féachaigí ar na náisiúin agus breathnaígí orthu,
agus bíodh ionadh agus alltacht oraibh.
Óir tá obair á déanamh le bhur linn
nach gcreidfeadh sibh é dá n‑inseofaí daoibh é.
6Óir, féach, tá na Caildéigh á múscailt agam,
an cine fíochmhar fraochmhar úd,
a ghluaiseann thar chlár na talún
chun seilbh a ghabháil ar áiteanna nach leo féin iad.
7Cine uamhnach uafásach is ea iad
a dtagann a ndlíthe agus a n‑ardcheannas uathu féin amháin.
8Tá a gcapaill níos mire ná liopaird;
is fíochmhaire iad ná mic tíre na steipe.
Siúd ar aghaidh lena n‑eachra ar cosa in airde;
is ó áit i bhfad ar shiúl a thagann siad,
ar nós iolair a thugann ruathar anuas
chun a chreach a alpadh.
9Chun foréigean a dhéanamh
a thagann siad go léir;
tá dianteas a n‑aghaidheanna mar an ghaoth anoir;
cruinníonn siad cimí le chéile mar ghaineamh.
10Is cine iad a dhéanann fonóid faoi ríthe,
agus gáire faoi phrionsaí,
agus beag is fiú den uile dhún.
Carnann siad cré ina dtimpeall
agus gabhann siad seilbh orthu.
11Ach ansin athraíonn an ghaoth
agus titeann sí chun suaimhnis.
[Déanann sé siúd] dia beag dá neart féin.
An Dara Casaoid
12Nach bhfuil tú ann riamh anall, a Thiarna,
A Dhia liom, m'Aon Naofa,
nach bhfaigheann bás choíche?
Tá an pobal seo ceaptha agat ar son an chirt;
chuir tú ar bun é, a charraig,
chun díoltas a imirt.
13Tá do shúile róghlan le bheith ag féachaint ar an olc;
ní féidir duit breathnú ar an ansmacht.
Cén fáth, mar sin, a ndearcann tú ar nós cuma liom ar lucht an fhill
agus a bhfanann tú i do thost nuair a alpann an drochdhuine
duine eile atá níos fíréanta ná é féin?
14Caitheann tú leis an gcine daonna mar éisc na mara
nó mar phéisteanna gan mháistir.
15Beireann an pobal seo ar chách le duán;
tarraingíonn siad isteach iad lena líon;
cruinníonn siad le chéile iad lena saighean;
ansin bíonn áthas agus lúcháir orthu.
16Dá thoradh sin ofrálann siad íobairt dá líon,
agus dónn siad túis dá saighean;
mar, a bhuíochas orthu siúd,
bíonn saol na bhfuíoll acu agus flúirse bia.
17An amhlaidh, mar sin, a leanfaidh siad orthu
ag folmhú a lín gan stad
agus ag marú na náisiún gan trua?

Currently Selected:

Habacúc 1: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy