YouVersion Logo
Search Icon

Eizicéil 1

1
An Ghairm
Am agus Áit
1Sa tríochadú bliain, ar an gcúigiú lá den cheathrú mí, nuair a bhí mé i measc na ndeoraithe ar bhruach na habhann Ceabár, d'oscail na flaithis agus chonaic mé físeanna ó Dhia. 2Ar an gcúigiú lá den mhí - ba í sin an cúigiú bliain a chaith Iahóiácaím rí ar deoraíocht 3tháinig briathar an Tiarna chuig Eizicéil sagart, mac Bhúizí, i dtír na gCaildéach ar bhruach na habhann Ceabár. Ba ansin a tháinig lámh an Tiarna orm.
Fís Charbad an Tiarna
4D'amharc mé uaim. Bhí stoirm ghaoithe ag séideadh aduaidh, néal mór agus solas uime, tine ag spréacharnach gan stad, agus i lár na tine mar a bheadh prás ag drithliú. 5I lár báire chonaic mé mar a bheadh ceithre ainmhí ann agus an chuma seo a leanas orthu: bhí déanamh duine orthu, 6ceithre aghaidh ar gach aon cheann acu agus ceithre sciathán ar gach aon cheann. 7Bhí a gcosa díreach agus a gcrúba mar a bheadh crúba gamhna ann, ag drithliú mar phrás snasta. 8Faoina sciatháin ar na ceithre thaobh bhí lámha duine acu. Bhí a n‑aghaidheanna agus a sciatháin ag an gceathrar mar seo: 9theagmhaigh a sciatháin lena chéile; ghluais gach ceann acu caol díreach roimhe gan claonadh óna chúrsa. 10Maidir le cuma a n‑aghaidheanna bhí aghaidh duine ag gach ceann acu ar tosach, bhí aghaidh leoin ag an gceathrar ar dheis, aghaidh tairbh ag an gceathrar ar chlé agus aghaidh iolair ag an gceathrar ar chúl. 11Sin mar a bhí a n‑aghaidheanna. Bhí a sciatháin spréite suas; dhá sciathán ag gach ainmhí a theagmhaigh lena chéile agus dhá sciathán a chlúdaigh a chorp. 12Chuaigh siad go léir díreach rompu aon áit ar thiomáin an spiorad iad, gan claonadh óna gcúrsa. 13Istigh i measc na n‑ainmhithe bhí rud éigin a raibh cosúlacht aibhleog air, nó cosúlacht tóirsí ag preabadh anonn agus anall idir na hainmhithe; ba gheal í an tine agus tintreach ag scalladh aisti. 14Agus phreab na hainmhithe anonn agus anall amhail splanc thintrí.
15D'amharc mé ar na hainmhithe: bhí roth ar an talamh le hais gach ainmhí acu, roth amháin le hais gach ainmhí faoi leith den cheathrar. 16Maidir le cuma na rothaí agus a ndéanamh bhí a gcuma mar dhrithliú criosailít. Bhí an chuma chéanna ar an gceathrar agus iad déanta mar a bheadh roth amháin i lár rotha eile. 17Ag gluaiseacht dóibh d'imigh siad i dtreo aon cheann de cheithre aird gan claonadh óna gcúrsa. 18Dhealraigh na fleascanna bheith an-mhór nuair a d'fhéach mé orthu agus bhí súile sna fleascanna thart timpeall. 19Nuair a ghluaiseadh na hainmhithe ghluaiseadh na rothaí lena n‑ais; agus nuair a d'éiríodh na hainmhithe ón talamh d'éiríodh na rothaí ón talamh. 20Aon áit a dtéadh an spiorad théidís-sean, agus d'éiríodh na rothaí leo de bhrí go raibh spiorad na n‑ainmhithe sna rothaí. 21Nuair a ghluaiseadh na hainmhithe ghluaisidís-sean, nuair a stadaidís stadaidís-sean, nuair a d'éiridís ón talamh d'éiríodh na rothaí mar aon leo, de bhrí go raibh spiorad na n‑ainmhithe sna rothaí. 22Os cionn chloigne na n‑ainmhithe bhí mar a bheadh firmimint ann, ag soilsiú mar chriostal, agus é ag déanamh stua os a gcionn. 23Faoin bhfirmimint seo bhí a sciatháin spréite amach i dtreo a chéile agus bhí dhá sciathán ag gach ainmhí ag clúdach a choirp. 24Ag imeacht dóibh, chuala mé fuaim a sciathán amhail coipeadh uiscí, amhail glór an Uilechumhachtaigh, torann clampair amhail torann slua. Ar stad dóibh, lig siad a sciatháin síos, 25agus bhí gleo ann (os cionn na firmiminte, lastuas dá gcloigne; ar stad dóibh, lig siad a sciatháin síos).
26Os cionn na firmiminte thuas bhí mar a bheadh ríchathaoir ann cosúil le saifír, agus ina shuí os cionn na ríchathaoireach seo bhí neach i gcosúlacht fir. 27In airde ó chosúlacht a leasraigh bhí mar a bheadh prás ag drithliú, cosúil le tine faoi iamh mórthimpeall; agus anuas ó chosúlacht a leasraigh chonaic mé mar a bheadh tine agus drithliú mórthimpeall. 28An drithliú seo mórthimpeall bhí sé amhail an bogha a bhíonn sa néal lá báistí. Sin mar a dhealraigh glóir an Tiarna. Agus ar a feiceáil dom shléacht mé go talamh agus chuala mé guth ag caint.

Currently Selected:

Eizicéil 1: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy