YouVersion Logo
Search Icon

Eifisigh 1

1
1Mise Pól, aspal Íosa Críost de dheoin Dé ag beannú do na naoimh (in Eifeasas) atá dílis i gCríost. 2Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia, ár nAthair, agus ón Tiarna Íosa Críost.
3Moladh le Dia,
le hAthair ár dTiarna Íosa Críost,
a bhronn orainn, i gCríost,
gach tabhartas spioradálta sna flaithis.
4Roimh thúsú an domhain
roghnaigh sé sinn i gCríost
chun bheith naofa gan locht os a chomhair.
5Le barr grá dúinn
leag sé amach ó thús
de réir mhian a thola féin
go mbeimisne inár gclann aige
6trí Íosa Críost,
i dtreo go molfaí an grásta as cuimse
a roinn sé orainn go fras
ina Mhac muirneach.
7Is sa Mhac sin,
as ucht a chuid fola,
atá ár bhfuascailt faighte againne,
maithiúnas ár gcionta,
8de réir iomadúlacht an ghrásta
a roinn sé orainn go fial.
Le teann eagna agus gaoise
9nocht sé dúinn rún a thola -
de réir an chuspóra a bhí leagtha amach aige ó thús
lena chur i gcrích i gCríost,
10nuair a bheadh an t‑ionú tagtha -
mar atá, an beartas
gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh
a thabhairt le chéile faoi cheannas Chríost.
11Mar is i gCríost
a roghnaíodh sinne inár n‑oidhrí
agus a leagadh amach dúinn,
de réir intinne an té úd
a oibríonn gach ní de réir chomhairle a thola féin,
12a bheith ar na chéad daoine
a chuirfeadh a muinín i gCríost
chun moladh agus glóire Dé.
13Agus is i bpáirt leis a roghnaíodh sibhse freisin,
nuair a chuala sibhse briathar na fírinne
agus dea-scéal bhur slánaithe,
nuair a chreid sibh ann agus
gur buaileadh oraibh stampa an Spioraid Naoimh a bhí geallta.
14Is éarlais an Spiorad ar ár n‑oidhreacht
nó go bhfaighimid seilbh iomlán uirthi;
chun moladh a ghlóire.
Guí Phóil
15Sin é an fáth, ón uair a chuala mé iomrá ar an gcreideamh atá agaibhse sa Tiarna Íosa agus ar an ngrá atá agaibh do na naoimh go léir, 16nar stad mé ach ag gabháil buíochais le Dia ar bhur son agus ag cuimhneamh oraibh i m'urnaithe. 17Bím á iarraidh ar Dhia ár dTiarna Íosa Críost, ar Athair na Glóire, spiorad na heagna agus na géarchúise a thabhairt daoibh chun go gcuirfeadh sibh aithne air. 18Go soilsítear súile bhur n‑aigne ar shlí go dtuigfidh sibh cad é mar údar dóchais daoibh bhur ngairm aige agus cad é mar oidhreacht fhairsing ghlórmhar atá aige i ndán don phobal naofa 19agus ollmhaitheas na cumhachta a chuir sé i bhfeidhm ar ár son-na, creidmhigh - an chumhacht éachtach úd 20a chuir sé ag obair i gCríost nuair a thóg sé ó mhairbh é agus chuir ina shuí ar a dheis sna flaithis é 21go hard os cionn gach ceannas agus údarás agus cumhacht agus tiarnas agus os cionn gach ainm dar féidir a ainmniú ní sa saol seo amháin é ach sa saol atá le teacht chomh maith. 22Agus chuir sé gach ní faoina smacht agus cheap é, os cionn gach ní, ina cheann ar an Eaglais is corp dó 23agus arb í iomláine an té úd a líonann gach ní go hiomlán í.

Currently Selected:

Eifisigh 1: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy