YouVersion Logo
Search Icon

Dainéil (Gr) 1

1
Eachtraí
Dainéil agus a Thriúr Compánach ag Fónamh do Nabúcadnazar
1Sa tríú bliain de réimeas Iahóiácaím, rí Iúdá, tháinig Nabúcadnazar, rí na Bablóine, go Iarúsailéim agus chuir léigear air. 2Thug an Tiarna Iahóiácaím, rí Iúdá, ar láimh dó agus cuid de shoithí theach Dé chomh maith; agus thug sé leis go Sionár iad seo, go teach a dhé féin, agus chuir sé na soithí i dtaisce a dhéithe féin. 3D'ordaigh an rí ansin do mháistir a choillteán, Aispeanaz, cuid de mhuintir Iosrael a thoghadh, de chlann an rí agus de na teaghlaigh uaisle, 4ógáin gan ainimh, álainn ina scéimh agus oilte i ngach dán, le bua eagna agus le tuiscint ar léann, agus é ar a gcumas fónamh i bpálás an rí; agus teanga na gCaildéach a mhúineadh dóibh seo. 5Dháil an rí orthu lón gach lae den bhia blasta ó bhord an rí agus den fhíon a d'óladh sé féin. Bhí siad le hoiliúint ar feadh trí bliana, agus, i gceann na haimsire sin, le freastal ar an rí. 6Ina measc seo bhí Dainéil, Hanainias, Míséil, agus Azairiá de threibh Iúdá. 7Thug máistir na gcoillteán ainmneacha orthu: ar Dhainéil thug sé Béiltiseazar, ar Hanainiá Seadrac, ar Mhíséil Méiseac, ar Azairiá Aibéid Neagó.
8Ach bheartaigh Dainéil nach dtruailleodh sé é féin le bia blasta an rí ná leis an bhfíon a bhí á ól aige; d'iarr sé, uime sin, ar mháistir na gcoillteán a cheadú dó nach dtruailleodh sé é féin. 9Thug Dia do Dhainéil bua fabhair agus cineáltais ó mháistir na gcoillteán. 10Dúirt máistir na gcoillteán le Dainéil: “Is eagal liom an rí a shocraigh bia agus deoch daoibh mar go bhfeicfeadh sé go mbeadh sibh i gcló níos measa ná na hógáin comhaois daoibh. Ba bhaol do mo cheann an rí agaibh.” 11Labhair Dainéil leis an stíobhard a chuir máistir na gcoillteán i bhfeighil Dhainéil, Haniainiá, Mhíséil agus Azairiá: 12“Promhaigh do shearbhóntaí ar feadh deich lá, impím ort; tugtar glasraí mar bhia dúinn agus uisce le hól. 13Déan ár gceannaithe agus ceannaithe na n‑ógán a itheann bia blasta an rí a iniúchadh, agus déan le do sheirbhísigh beart de réir mar a fheicfidh tú.” 14Ghéill sé dóibh sa ghnó seo agus phromhaigh sé iad ar feadh deich lá. 15I gceann an deich lá chonacthas gurbh fhearr a ndealramh, agus gur mhó an cothú feola a bhí orthu, ná ar na hogáin uile a d'ith bia blasta an rí. 16Thóg an stíobhard uathu dá bhrí sin a mbia blasta agus an fíon a bhí le hól acu agus dháil orthu na glasraí.
17Dála an cheathrar ógánach seo, bhronn Dia orthu eolas agus clisteacht san uile fhoghlaim agus eagna; agus bhí tuiscint ag Dainéil ar fhíseanna agus ar aislingí de gach sort. 18Nuair a tháinig an t‑am a d'ordaigh an rí iad a thabhairt ina láthair, thug máistir na gcoillteán isteach os comhair Nabúcadnazar iad. 19Labhair an rí leo, agus ina measc uile ní bhfuarthas neach mar Dhainéil, Hanainiá, Míséil agus Azairiá. Uime sin d'fhóin siad don rí. 20I ngach cúis eagna agus tuisceana dár chuir sé faoina mbráid fuair sé iad níos fearr faoi dheich ná lucht draíochta agus asarlaíochta uile a ríochta. 21D'fhan an scéal amhlaidh ag Dainéil go dtí an chéad bhliain de réimeas Chíorais.

Currently Selected:

Dainéil (Gr) 1: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy