Apacailipsis (Taispeántadh) 18
ABN
18
Fógraíonn an tAingeal Treascairt na Bablóine
1Ina dhiaidh seo i bhfís chonaic mé aingeal eile ag teacht anuas ó na flaithis, agus údarás mór aige, agus lonraigh an domhan lena ghlóir. 2Ghlaoigh sé in ard a ghutha á rá:
“Tá sí ar lár, ar lár, an Bhablóin Mhór!
Rinne nead lonnaithe deamhan di,
agus daingean gach spioraid mhíghlain,
agus tearmann gach éin bhréin,
[agus lóiste gach ainmhí neamhghlain] uafair;
3óir d'ól na ciníocha go léir fíon corraitheach a striapachais.
Rinne ríthe an domhain striapachas léi
Agus d'éirigh ceannaitheoirí an domhain saibhir le teann a teaspaigh.”
Glaotar chun Siúil ar Phobal Dé
4Ansin chuala guth eile ó na flaithis á rá:
“Amach libh aisti, a phobal liom,
i dtreo nach mbeadh sibh páirteach ina cionta,
agus nach mbeadh cuid dá plánna le hiompar agaibh.
5Óir shroich a cionta na flaithis
agus thug Dia a héagóra chun cuimhne.
6Díolaigí an comhar léi;
cúitígí a hoibreacha faoi dhó léi.
An cupán a mheasc sí [do dhaoine eile],
meascaigí dise é le dúbailt tomhais.
7De réir mar a bhí éirí in airde uirthi agus teaspach,
tugaigí di peannaid agus doilíos.
Óir is é a deir sí ina croí: ‘Is banríon mé i mo chathaoir;
ní baintreach mé ná ní baol dom doilíos a fheiceáil.’
8Uime sin in aon lá amháin tiocfaidh a plánna
bás agus doilíos agus gorta,
agus loscfar í le tine.
Óir is tréan é an Tiarna Dia, an té a dhaor í.”
Caoineann Pobal an Domhain an Bhablóin
9Agus ríthe an domhain, an dream a rinne striapachas léi agus teaspach, déanfaidh siad caoineadh agus lógóireacht fúithi nuair a fheicfidh siad deatach a tóiteáin; 10agus iad ina seasamh i bhfad amach uaithi le heagla a peannaide, déarfaidh siad:
“Is mairg duit, is mairg a chathair mhór,
a Bhablóin, a chathair thréan,
óir in aon uair amháin tháinig an bhreith ort.”
11Beidh ceannaitheoirí an domhain á caí agus á caoineadh mar nach gceannaíonn aon duine aon lasta leo feasta - 12lasta óir ná airgid, ná cloch lómhar, ná péarlaí, lasta línéadaigh mhín ná éadaigh chorcra, ná síoda, ná scarlóide, ná aon adhmad cumhra, ná aon ghréithe eabhair ná adhmaid mhórluaigh, ná práis, ná iarainn, ná marmair; 13ná aon chainéal, ná spíosraí, ná musc, ná miorr, ná túis; ná fíon, ná ola, ná plúr mín, na cruithneacht, ná stoc, ná caoirigh, ná capaill, ná carbaid, ná daoráin - anamacha daoine is é sin.
14“Tá fómhar mór mhiangas d'anama éalaithe uait.
Tá imeacht gan teacht déanta ag do shólaistí agus ag do ghalántacht go léir.”
15Ceannaitheoirí na nithe seo, an lucht a rinne saibhreas tríthi, beidh siad ina seasamh i bhfad amach uaithi le heagla a peannaide agus iad ag caoi agus ag olagón, 16á rá:
“Is mairg di, is mairg don chathair mhór,
í siúd a bhí gléasta i línéadach mín, i gcorcra is i scarlóid,
agus órmhaisithe le hór agus le cloch lómhar agus le péarlaí.
17Óir in aon uair amháin scriosadh an saibhreas sin uile.”
Agus gach captaen farraige, agus cách a sheolann ar muir, agus mairnéalaigh, agus an dream a shaothraíonn a mbeatha ar farraige, sheas siad i bhfad amach 18agus chaoin siad go hard nuair a chonaic siad deatach a tóiteáin á rá: “An raibh leithéid eile na cathrach móire ann?” 19Agus chaith siad luaithreach ar a gceann agus ghoil siad go hard ag caoineadh is ag olagón:
“Is mairg di, is mairg don chathair mhór,
mar ar chruinnigh lucht na loingeas go léir ar muir saibhreas de bharr a rachmais;
in aon uair amháin scriosadh í.
20A fhlaitheasa, a naomha, agus a aspala agus a fháithe,
bíodh lúcháir oraibh dá barr.
Óir thug Dia a bhreith uirthi, breith ar bhur son.”
21Ansin thóg aingeal tréan carraig mar lia mór bró agus chaith sé isteach san fharraige í á rá:
“Mar sin is ea a theilgfear an Bhablóin, an chathair mhór, chun láir d'aon iarracht,
gan fáil uirthi feasta.
22Agus ní chloisfear a thuilleadh ionat
ceol na gcruitirí, ná na gcantairí,
ná na bpíobairí ná na dtrumpadóirí.
Ní bheidh ceardaí aon cheirde,
le fáil ionat a thuilleadh;
ná ní bheidh glór an mhuilinn
le clos ionat feasta.
23Ná ní shoilseoidh solas lóchrainn
ionat a thuilleadh;
ná ní bheidh guth fir ná mná céile
le cloisteáil ionat feasta.
Óir ba iad do mhangairí flatha an domhain;
agus mealladh na ciníocha go léir le d'asarlaíocht.
24Fuarthas inti fuil na bhfáithe agus na naomh go léir
agus a bhfuil úd uile a básaíodh ar talamh.”

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

Learn More About An Bíobla Naofa 1981