Nahúm 3
3
Bagairt ar Nínivé
1Is mairg do chathair na fola,
atá lomlán de chamastaíl agus líonta le creach
agus nach bhfuil teorainn leis an slad
a dhéanann sí,
2Bloscadh fuipeanna, tormáil rothaí,
capaill ar cosa in airde, carbaid ar léim lúith!
3Eachra ag ionsaí, claimhte ag bladhmadh,
sleánna ag drithliú...
sluaite gonta, na mílte marbh,
coirp gan áireamh
a bhaineann tuisle as cách!
4De dheasca oll-líon na ngníomhartha striapachais
a rinne an striapach ghrástúil sciamhach,
atá oilte ar orthanna draíochta,
agus a chuir daoirse ar na náisiúin
lena cuid striapachais
agus ar chiníocha lena horthanna draíochta,
5féach, táimse i dʼaghaidh,
a deir Tiarna na Slua.
Tógfaidh mé suas do sciortaí
chomh hard le dʼaghaidh
agus taispeánfaidh mé
do nochtacht do na náisiúin
agus do náire do na ríochtaí.
6Caithfidh mé cac ort,
náireoidh mé thú
agus déanfaidh mé seó bóthair díot.
7Agus gach uile dhuine a bhreathnóidh ort,
teithfidh sé uait, á rá:
“Tá Nínivé léirscriosta!”
Cé a chaoinfidh í?
Cad as a bhfaighidh mé sólásaithe di?
Sampla na Teibhe
8An bhfuil tusa níos fearr ná an Teibh,
cathair a bhí suite ar bhruach na hAbhann?
(Bhí uiscí ina timpeall)
Bhí an fharraige aici mar urbhalla
agus na huiscí mar bhábhún.
9Bʼiad an Aetóip agus an Éigipt a neart.
(Ní raibh aon teorainneacha aici.)
Bʼiad Pút agus an Libe a comhghuaillithe.
10Ach ina dhiaidh sin féin
tugadh chun siúil í;
dʼimigh sí léi i mbraighdeanas;
rinneadh deargár ar a páistí chomh maith
ag cúinní na sráideanna uile;
cuireadh a daoine uaisle ar chrainn
agus ceanglaíodh a fir cháiliúla le slabhraí.
11Cuirfear thusa ar meisce freisin
agus beidh tú ar mearbhall céille.
Caithfidh tusa tearmann a lorg
ón namhaid chomh maith.
Ní Tairbhe Cóir Chosanta
12Tá do dhúnta go léir cosúil le crainn fígí
atá ag tabhairt fígí luatha uathu;
má chroitear iad titfidh na torthaí
isteach i mbéal an alpaire.
13Féach ar do thrupaí,
níl iontu ach mná.
Tá geataí do thíre
ar dianleathadh roimh do naimhde,
agus do bharraí comhla loiscthe ag tine.
14Tarraing uisce le haghaidh an léigir;
neartaigh do dhúnta;
satail ar an láib;
pasáil an chré;
beir greim ar an múnla brící.
15Ansin loiscfidh an tine thú;
ciorróidh an claíomh thú;
(ídeoidh sé thú mar a dhéanfadh an lócaiste).
Déan thú féin chomh líonmhar leis an lócaiste;
déan thú féin chomh hiomadúil leis an dreoilín teaspaigh.
16Cuir le do chuid trádálaithe
chun go mba líonmhaire iad ná réaltaí neimhe;
leathann na lócaistí a sciatháin
agus eitlíonn siad leo;
17bíodh do chosantóirí mar dhreoilíní teaspaigh
agus do scríobhaithe chomh tiubh le saithe feithidí,
a thuirlingíonn ar na ballaí lá fuar.
Ach nuair a éiríonn an ghrian,
imíonn siad as radharc
agus ní bhíonn a fhios ag aon duine
cá mbíonn siad.
Caoineadh
18Faraor! Cad é mar a chodlaíonn do chuid aoirí,
(a rí na hAsaíre)!
Cad é mar atá do laochra
i dtoirchim suain!
Tá do mhuintir scaipthe ar na sléibhte
agus níl aon duine ann chun iad a chruinniú arís.
19Níl aon legheas ar do lot;
is marfach í do chneá.
An uile dhuine a chloiseann do scéal,
buaileann sé bosa mar gheall ort.
Óir cé air nár luigh
do dhanarthacht gan staonadh?
Currently Selected:
Nahúm 3: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.