Nahúm 2
2
1Féach, tá teachtaire ag brostú thar dhroim na sléibhte
agus é ag fógairt na síochána.
Ceiliúir do chuid féilte, a Iúdá;
comhlíon do mhóideanna.
Óir ní ghluaisfidh an bithiúnach tríot arís
mar tá sé scriosta go hiomlán.
2Tá millteoir ag teacht i do choinne,
Cuir an dún faoi chosaint;
déan faire ghéar ar an mbóthar;
cóirigh thú féin chun catha;
cruinnigh do neart go léir.
3Tá an Tiarna ag athbheochan niamhracht Iacóib
agus niamhracht Iosrael chomh maith
dʼainneoin gur scrios na scriostóirí iad
agus gur mhill siad a gcraobhacha.
Cinniúint Nínivé
Scartáil Nínivé
4Tá sciatha a laochra dearg
agus tá a shaighdiúirí faoi éide chraorag.
Tá cruach na gcarbad ag spréacharnach mar thine
agus iad á gcur in eagar catha;
tá flosc chun troda ar an eachra.
5Gluaiseann na carbaid go fraochta trí na sráideanna;
ropann siad ó áit go háit sna cearnóga.
Is cosúil le tóirsí iad
agus iad ag rith anonn agus anall
mar splancacha tintrí.
6Glaonn sé ar a chuid oifigeach;
imeacht tuisleach atá fúthu
agus iad ar a slí chuige.
Réabann siad chun cinn
in aghaidh an bhalla;
cheana féin tá an sceallbholg
suite go daingean ina áit.
7Tá na geataí chun na n‑aibhneacha ar oscailt
agus gach duine dá bhfuil sa phálás
imithe chun scaoill.
8Ardaítear an dealbh chun siúil
chun í a thabhairt go tír iasachta;
tá a cuid banóglach
ag ligean osnaí uathu mar chorracú colm
agus ag bualadh a n‑ucht le teann díomá.
9Is cuma Nínivé nó taiscumar
a bhfuil an t‑uisce ag rith as.
“Stadaigí, stadaigí!”
Ach ní chasann duine ná deoraí ar ais.
10“Sladaigí an t‑airgead!
Sladaigí an t‑ór!”
Tá saibhreas gan áireamh ann,
flúirse den uile shaghas maoine.
11Slad, creachadh, léirscrios!
Croíthe á leá le heagla!
Glúine ag bualadh le chéile!
Áranna ar aon bharr amháin creatha!
Aghaidheanna ar dhath an bháis!
Bagairt ar Leon na hAsaíre
12Cá bhfuil pluais na leon,
uachais na leon óg?
Nuair a dʼimíodh an leon amach,
dʼfhanadh an leon baineann
agus na coileáin istigh
agus ní chuirfí isteach orthu,
13Stróiceadh an leon go leor creiche dá choileáin
agus thachtadh sé a sáith di dá leoin bhaineanna.
Líonadh sé a uaimheanna lena chreach,
agus a phluaiseanna le conablaigh stróicthe.
14Féach, táimse i dʼaghaidh,
a deir Tiarna na Slua.
Cuirfidh mé do charbaid trí thine
agus ídeoidh an claíomh do leoin óga.
Cuirfidh mé críoch
le do chuid creachadóireachta sa tír
agus ní chloisfear glór do theachtairí níos mó.
Currently Selected:
Nahúm 2: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.
Nahúm 2
2
1Féach, tá teachtaire ag brostú thar dhroim na sléibhte
agus é ag fógairt na síochána.
Ceiliúir do chuid féilte, a Iúdá;
comhlíon do mhóideanna.
Óir ní ghluaisfidh an bithiúnach tríot arís
mar tá sé scriosta go hiomlán.
2Tá millteoir ag teacht i do choinne,
Cuir an dún faoi chosaint;
déan faire ghéar ar an mbóthar;
cóirigh thú féin chun catha;
cruinnigh do neart go léir.
3Tá an Tiarna ag athbheochan niamhracht Iacóib
agus niamhracht Iosrael chomh maith
dʼainneoin gur scrios na scriostóirí iad
agus gur mhill siad a gcraobhacha.
Cinniúint Nínivé
Scartáil Nínivé
4Tá sciatha a laochra dearg
agus tá a shaighdiúirí faoi éide chraorag.
Tá cruach na gcarbad ag spréacharnach mar thine
agus iad á gcur in eagar catha;
tá flosc chun troda ar an eachra.
5Gluaiseann na carbaid go fraochta trí na sráideanna;
ropann siad ó áit go háit sna cearnóga.
Is cosúil le tóirsí iad
agus iad ag rith anonn agus anall
mar splancacha tintrí.
6Glaonn sé ar a chuid oifigeach;
imeacht tuisleach atá fúthu
agus iad ar a slí chuige.
Réabann siad chun cinn
in aghaidh an bhalla;
cheana féin tá an sceallbholg
suite go daingean ina áit.
7Tá na geataí chun na n‑aibhneacha ar oscailt
agus gach duine dá bhfuil sa phálás
imithe chun scaoill.
8Ardaítear an dealbh chun siúil
chun í a thabhairt go tír iasachta;
tá a cuid banóglach
ag ligean osnaí uathu mar chorracú colm
agus ag bualadh a n‑ucht le teann díomá.
9Is cuma Nínivé nó taiscumar
a bhfuil an t‑uisce ag rith as.
“Stadaigí, stadaigí!”
Ach ní chasann duine ná deoraí ar ais.
10“Sladaigí an t‑airgead!
Sladaigí an t‑ór!”
Tá saibhreas gan áireamh ann,
flúirse den uile shaghas maoine.
11Slad, creachadh, léirscrios!
Croíthe á leá le heagla!
Glúine ag bualadh le chéile!
Áranna ar aon bharr amháin creatha!
Aghaidheanna ar dhath an bháis!
Bagairt ar Leon na hAsaíre
12Cá bhfuil pluais na leon,
uachais na leon óg?
Nuair a dʼimíodh an leon amach,
dʼfhanadh an leon baineann
agus na coileáin istigh
agus ní chuirfí isteach orthu,
13Stróiceadh an leon go leor creiche dá choileáin
agus thachtadh sé a sáith di dá leoin bhaineanna.
Líonadh sé a uaimheanna lena chreach,
agus a phluaiseanna le conablaigh stróicthe.
14Féach, táimse i dʼaghaidh,
a deir Tiarna na Slua.
Cuirfidh mé do charbaid trí thine
agus ídeoidh an claíomh do leoin óga.
Cuirfidh mé críoch
le do chuid creachadóireachta sa tír
agus ní chloisfear glór do theachtairí níos mó.
Currently Selected:
:
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.