Míocá 7
7
Caoineadh an Fháidh
1Mo léan! Táimse mar a bheinn
dá mbeadh na torthaí bailithe
agus fómhar na bhfíniúna thart;
níl caor ar bith le hithe
agus na fígí luatha a bhfuil dúil agam iontu
níl ceann díobh ar fáil níos mó.
2Tá an dea-dhuine imithe ar ceal ón tír;
níl aon fhear ionraic i measc an phobail;
bíonn siad go léir in oirchill na fola
agus téann gach duine díobh ar thóir a bhráthar.
3Tá a lámha oilte ar an olc a dhéanamh;
bíonn síntiús éigin á lorg ag an ardfheidhmeannach
agus is féidir an breitheamh a cheannach le breab
agus labhraíonn an fear tiarnais de réir a mhéine féin.
Mo chreach! Camann siad an dlí.
4Is cosúil le dris fhiáin an chuid is fearr acu;
is cuma nó fál sceach na daoine is ionraice orthu.
Ach tá lá [a] bhfiosraithe ag teacht
agus is ansin is ea a bheidh mearbhall orthu.
5Ná cuirigí muinín as bhur gcomharsana;
ná téigí ar iontaoibh bhur gcairde.
Cosain doirse do bhéil ar do bhean chéile.
6Óir tugann an mac easonóir dá athair
agus éiríonn an iníon suas in aghaidh a máthar
agus an banchliamhain in aghaidh máthar a céile
agus is lucht a theaghlaigh féin is naimhde do dhuine.
7Ach i dtaca liom féin de is ar an Tiarna a bhím ag brath;
cuirim mo dhóchas i nDia mo Shlánaitheoir
agus éistfidh mo Dhia liom.
Dóchas dʼAinneoin Dóláis
8Ná bíodh lúcháir ort, a namhaid liom, mar gheall ormsa;
fiú má mhairim sa dorchadas is é an Tiarna féin mo sholas.
9Caithfidh mé cur suas le fearg an Tiarna
–mar pheacaigh mé ina choinne–
go dtí go n‑agraíonn sé mo chúis
agus go seasann sé ceart dom.
Treoróidh sé mé chun an tsolais
agus feicfidh mé na gníomhartha slánaitheacha a dhéanann sé.
10Feicfidh mo namhaid é seo
agus déanfar ceap magaidh den té a dúirt liomsa:
“Cá bhfuil do Dhia?”
Bainfidh mé lán na súl aisti;
gabhfar de chosa inti anois
mar lathach na sráideanna.
Ré Nua Rathúnais
11Tá an lá a n‑atógfar do bhallaí ag teacht;
an lá sin leathnófar do chríocha.
12An lá sin tiocfar chugat
ón Asaír go dtí an Éigipt,
ón Tuír go dtí an Abhainn,
ó mhuir go muir agus ó shliabh go sliabh.
13Agus beidh an tír agus a háitritheoirí ina n‑ábhar uafáis
de dheasca a ndrochghníomhartha.
Guí an Phobail
14Seol do phobal chun féaraigh le do bhata,
an tréad atá ina oidhreacht agat,
a lonnaíonn ina aonar sa choill i lár na mbánta.
Cuir ar féarach iad i mBáiseán agus i nGileád
mar a mbídís san am fadó.
15[Taispeáin dúinn] éachtaí mar a rinne tú agus tú ag imeacht as an Éigipt.
16Feicfidh na náisiúin iad
agus beidh ceann faoi orthu dá mhéad a gcumhacht.
Cuirfidh siad a lámha lena mbéal
agus beidh bodhaire ina gcluasa.
17Lífidh siad an deannach ar nós nathracha nimhe,
ar nós péisteanna na talún.
Tiocfaidh siad amach as a ndúnta
agus iad ar aon bharr creatha le heagla romhat, ár dTiarna Dia.
18Cén Dia atá cosúil leatsa?
Óir tógann tú peacaí chun siúil
agus maitheann tú a gcionta dʼfhuílleach dʼoidhreachta;
ní buan í do chuid feirge
agus is áil leat an buanghrá.
19Déanfaidh tú trócaire orainn arís;
gabhfaidh tú de chosa inár bpeacaí
agus caithfidh tú ár gcionta go léir
isteach i nduibheagán na farraige.
20Léirigh do dhílseacht do Iacób
agus do bhuanghrá dʼAbrahám
faoi mar a mhionnaigh tú dár sinsir riamh anall.
Currently Selected:
Míocá 7: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

:
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.