YouVersion Logo
Search Icon

Míocá 6

6
An Chúis in Aghaidh Iosrael
Aighneas idir an Tiarna agus Iosrael
1Éistigí anois lena bhfuil le rá ag an Tiarna:
Éirigh agus agair do chúis i bhfianaise na sléibhte;
cloiseadh na cnoic do ghuth.
2Éistigí, a shléibhte,
leis an gcúiseamh a dhéanann an Tiarna;
tugaigí cluas, a bhunsraitheanna an domhain.
Óir tá cúis dlí ar bun ag an Tiarna in aghaidh a phobail
agus tá sé ag aighneas le hIosrael.
3“A phobal liom, céard a rinne mé ort?
Cén chaoi ar chuir mé tuirse ort?
Tabhair freagra orm.
4Óir is mise a thug suas as críocha na hÉigipte thú;
mise a dʼfhuascail thú as teach na daoirse.
Chuir mé Maois os do chionn
agus Árón agus Miriám in éineacht leis.
5Cuimhnigh ansin ar a raibh beartaithe ag Bálác, rí Mhóáb,
agus ar an bhfreagra a thug Balám mac Bheór air
agus tú ag gluaiseacht ó Shitím go Gilgeál
chun go dtuigfidh tú na gníomhartha slánaitheacha a rinne mé.”
6“Créad leis a dtiocfaidh mé os comhair an Tiarna
nó a sléachtfaidh mé do Dhia neimhe?
An dtiocfaidh mé os a chomhair le híobartaigh lándóite
nó le laonna aon bhliana?
7Ar mhaith leis na mílte reithe
nó deich míle de shruthanna ola?
An ofrálfaidh mé dó an mac is sine liom mar chúiteamh i mo chionta,
toradh mo choirp in éiric peacaí mʼanama?”
8Míníodh duit, a dhuine, céard is maith
agus céard a iarrann an Tiarna ort.
Níl uaidh ach seo: an ceart a dhéanamh,
buanghrá a chothú
agus siúl go humhal i bhfochair do Dhé.
Daortar Éigeart agus Caimiléireacht
9Éist! Tá an Tiarna ag glaoch ar an gcathair
(is den chríonnacht dʼainm a eaglú).
Éistigí, a threibh agus a chomhairle na cathrach sin,
10An amhlaidh a chaithfidh mé an taisceadh éagórach
agus an buiséal gann mallaithe a cheadú freisin?
11An amhlaidh a chaithfidh mé saorbhreith a thabhairt
ar lucht na scálaí éagothroma
agus an mhála de mheáchain mhealltacha?
12a bhfuil a lucht saibhris lán den fhoréigean
agus a mbíonn a háitritheoirí ag insint bréag
(is mealltach í an teanga atá ina mbéal acu).
13Ní amhlaidh go deimhin! Ach tosóidh mé ar thú a bhualadh
agus ar scaoll a chur ionat de dheasca do pheacaí.
14Íosfaidh tú ach ní bheidh do dhóthain agat
agus beidh sceimhle ocrais i do ghoile.
Cuirfidh tú nithe i dtaisce ach ní shábhálfaidh tú dada
agus fiú má éiríonn leat rud éigin a shábháil
fágfaidh mise ag an gclaíomh é.
15Cuirfidh tú síol ach ní bhainfidh tú fómhar;
satlóidh tú caora olóige
ach ní ungfaidh tú thú féin leis an ola choíche;
pasálfaidh tú caora fíniúna
ach ní ólfaidh tú braon den fhíon.
16Choimeád tú reachtanna Omraí
agus gnásanna uile theaghlach Acháb
agus is í a gcomhairle siúd a lean tú.
Dá dheasca sin déanfaidh mé fothrach díot
agus beidh dʼáitritheoirí ina gceap magaidh
agus beidh orthu cur suas le maslaí na náisiún.

Currently Selected:

Míocá 6: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in