YouVersion Logo
Search Icon

Matha 1

1
Íosa, Mac Dháiví...
1Leabhar ghinealach Íosa Críost, mac Dháiví, mac Abrahám. 2Ghin Abrahám Íosác; ghin Íosác Iacób; ghin Iacób Iúdá agus a dheartháireacha; 3ghin Iúdá Fearas agus Zára ó Thámár; ghin Fearas Easróm; ghin Easróm Áram; 4ghin Áram Aimineadab; ghin Aimineadab Náiseon; ghin Náiseon Salmón; 5ghin Salmón Boaz ó Ráchab; ghin Boaz Ióibeid ó Rút; ghin Ióibeid Iseái; 6ghin Iseái Dáiví rí.
Ghin Dáiví Solamh ó bhean Úirías; 7ghin Solamh Róbóam; ghin Róbóam Aibiá; ghin Aibiá Ásaf; 8ghin Ásaf Iósáfat; ghin Iósáfat Iórám; ghin Iórám Ózáias; 9ghin Ózáias Iótám; ghin Iótám Áchaz; ghin Áchaz Eizichias; 10ghin Eizichias Manasaes; ghin Manasaes Amós; ghin Amós Iósáias; 11ghin Iósáias Iachónáias agus a dheartháireacha le linn bhroid na Bablóine.
12Tar éis bhroid na Bablóine, ghin Iachónáias Salaitiéil; ghin Salaitiéil Zoróbaibeil; 13ghin Zoróbaibeil Aibiúd; ghin Aibiúd Eiliáicím; ghin Eiliáicím Azór; 14ghin Azór Sadóc; ghin Sadóc Aichím; ghin Aichím Eiliúd; 15ghin Eiliúd Eiliazar; ghin Eiliazar Matan; ghin Matan Iacób; 16ghin Iacób Iósaef, fear céile Mhuire ónar rugadh Íosa ar a dtugtar Críost.
17A bhfuil de ghlúine ann dá bhrí sin: ó Abrahám go dtí Dáiví, ceithre glúine déag; ó Dháiví go dtí broid na Bablóine, ceithre glúine déag; agus ó bhroid na Bablóine go dtí Críost, ceithre glúine déag.
...a Gabhadh ón Spiorad Naomh,
a Rugadh ó Mhuire Ógh
18Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le Iósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh. 19Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal. 20Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin do i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é. 21Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.” 22Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh:
23“Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac
agus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,”
- ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn. 24Dhúisigh Iósaef agus d'éirigh, agus rinne mar d'ordaigh aingeal an Tiarna dó: 25 a bhean a thabhairt abhaile leis. Ach ní raibh cuid aige di nó gur rug sí mac, agus thug sé Íosa mar ainm air.

Currently Selected:

Matha 1: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy