YouVersion Logo
Search Icon

Habacúc 3

3
Caintic Habacúc
1Guí Habacúc, an fáidh; de réir fhonn na gcaointe.
Réamhghuí
2Tá cloiste agam, a Thiarna, i dtaobh dʼéachtaí;
a Thiarna, cuireann do chuid oibre eagla orm.
Déan arís í lenár linn féin; lenár linn féin
nocht dúinn í athuair.
Dʼainneoin tú a bheith suaite le fearg
cuimhnigh ar an trócaire a dhéanamh.
Nochtann an Tiarna ó Cheantar Shíonái
3Tá Dia ag teacht as Téamán,
agus an tAon Naofa ó Shliabh Phárán. Selah
Folaíonn a mhaorgacht na spéartha
agus líontar an talamh dá ghlóir.
4Is cosúil leis an solas a dhealramh;
as a lámha bladhmann gathanna gealáin.
Is ansin atá a chumhacht faoi cheilt.
5Ar a aghaidh amach gabhann an phlá;
tá an fiabhras ag gluaiseacht lena shála.
6Nuair a sheasann sé critheann an talamh.
Le leagan a shúl croitear na náisiúin.
Bogtar na sléibhte síoraí óna n‑áit;
cromann na beanna bithbhuana síos,
a sheanbhealaí riamh anall.
7Feicim bothanna Chúiseáin ar lár,
agus pailliúin Thír Mhidián ar crith.
An Nádúr ina Chíor Thuathail
8An bhfuil tú i bhfeirg leis na haibhneacha, a Thiarna?
An in aghaidh na mara a lasann do chonfadh,
go dtagann tú ag marcaíocht ar do chapaill,
nó ar scuaine de do charbaid chaithréimeacha?
9Tógann tú do bhogha as a chumhdach:
cuireann tú saigheada lena shreang. Selah
Scoilteann tú an talamh le srutháin.
10Nuair a fheiceann na sléibhte thú, creathnaíonn siad.
Scuabann na tuilte tréana ar aghaidh.
Ligeann an duibheagán búir;
ardaíonn sé a lámha chun neimhe.
11Fanann an ghrian agus an ghealach ina n‑áitreabh
ó sholas do shaighead eitilte
agus ó loinnir do ghathanna ruithnigh.
Bua an Tiarna ar a Naimhde
12Réabann tú tríd an domhan go fraochmhar;
satlaíonn tú ar na náisiúin le corp feirge.
13Gabhann tú amach chun do phobal a shábháil,
chun dʼungthach féin a shlánú.
Tá barr theach an drochdhuine briste agat
agus a bhunsraith nochta go dtí an charraig. Selah
14Le do shaigheada pollann tú ceann a laochra,
a thagann dár scaipeadh [le gártha áthais,]
amhail is go raibh siad chun ainniseoir éigin
a dhíothú go danartha ina n‑uachais.
15Pasálann tú an mhuir le do chapaill
trí bhorradh na n‑uiscí doimhne.
Urraim agus Dóchas
16Tá cloiste agam; tá mo chroí corraithe;
critheann mo bheola leis an nglór;
leathnaíonn críonlobhadh trí mo chnámha
agus lúbann mo chosa fúm.
Fanaim go ciúin le lá na buartha
atá le breacadh ar lucht ár n‑ionsaithe.
17Óir ní thiocfaidh an crann fígí i mbláth;
ní bheidh caor le fáil ar na fíniúna;
rachaidh de thoradh an chrainn olóige;
ní thabharfaidh na goirt aon bhia;
ní fhágfar caora sa chró
nó bó ar bith sa bhuaile.
18Ach lúcháirfidh mise sa Tiarna,
déanfaidh mé gairdeas i nDia, mo Shlánaitheoir.
19Is é an Tiarna Dia mo neart;
tugann sé dom luathchosa eilite;
cuireann sé mé ag céimniú
go daingean buach ar na harda.
Do stiúrthóir an chóir: ar ghléasanna téadacha.

Currently Selected:

Habacúc 3: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Habacúc 3