YouVersion Logo
Search Icon

2 Croinicí 18

18
Conradh le hAcháb
1Bhí Iahóiseáfát faoi bhláth maoine agus onóra, agus rinne sé cleamhnas le hAcháb. 2Tar éis roinnt blianta thug sé turas ar Acháb sa tSamáir. Mharaigh Acháb líon mór caorach agus damh dó féin agus dá lucht leanúna lena áiteamh air Rámot Gileád a ionsaí. 3Chuir Acháb rí Iosrael ceist ar Iahóiseáfát rí Iúdá: “An dtiocfaidh tú liom go Rámot Gileád?” Dʼfhreagair Iahóiseáfát: “Táimse chomh hullamh chun catha leat féin, agus mo mhuintirse le do mhuintirse.”
4Ach dúirt Iahóiseáfát le rí Iosrael: “Faigh ar dtús comhairle an Tiarna.” 5Chruinnigh rí Iosrael na fáithe le chéile, dá bhrí sin, ceithre chéad díobh. “Ar chóir dúinn dul agus Rámot Gileád a ionsaí,” dʼfhiafraigh sé díobh, “nó éirí as?” “Téigh,” ar siad, “mar tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.” 6Ach dúirt Iahóiseáfát: “An bhfuil aon fháidh eile leis an Tiarna anseo againn le dul i gcomhairle leis?” 7Dʼfhreagair rí Iosrael Iahóiseáfát: “Tá aon duine amháin eile lenar féidir linn comhairle an Tiarna a fháil, ach is gráin liom é mar nach mbíonn riamh tairngreacht fhónta aige domsa, ach drochchinn i gcónaí; Míocáia mac Imleá an duine sin.” “Níor chóir don rí a leithéid sin a rá,” arsa Iahóiseáfát. 8Chuir rí Iosrael fios ar dhuine de na coillteáin dá bhrí sin agus dúirt: “Tabhair Míocáia mac Imleá chugam gan mhoill.”
9Bhí rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá ina suí ina ríchathaoireacha ina lánlibhré ag an urlár buailte ag geata na Samáire agus na fáithe go léir ag fáidheoireacht os a gcomhair. 10Bhí adharca iarainn déanta ag Zidicíá mac Chanáná dó féin. “Seo mar a deir an Tiarna:” ar sé, “ ‘Déanfaidh tú na hAramaeigh a ropadh leo seo go dtí go scriosfaidh tú iad.’ ” 11Rinne na fáithe go léir an tairngreacht chéanna: “Gluais leat go Rámot Gileád,” ar siad, “agus beir bua. Tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.”
12An teachtaire a chuaigh ag triall ar Mhíocáia, dúirt sé leis: “Seo iad na fáithe go léir ag labhairt ar aon fhocal le dea-thuar don rí. Labhairse ar aon dul leo agus déan tairngreacht fhabhrach.” 13Ach dʼfhreagair Míocáia: “Dar an Tiarna beo, cibé a déarfaidh mo Dhia, sin é an briathar a labhróidh mé.” 14Nuair a tháinig sé chun an rí, dúirt an rí: “A Mhíocáia, ar chóir dúinn dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” Dʼfhreagair sé: “Gluaisigí agus beirigí bua! Tabharfar in bhur lámha iad.” 15Ach dúirt an rí: “An minic a chaithfidh mé thú a chur faoi bhrí na mionn gan ach an fhírinne a rá liom in ainm an Tiarna?” 16Ansin labhair Míocáia:
“Chonaic mé Iosrael go léir scáinte ar na sléibhte
mar chaoirigh gan aoire,
agus dúirt an Tiarna: ‘Níl máistir orthu;
téadh gach duine abhaile faoi shíocháin.’ ”
17Ansin dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: “Nár dhúirt mé nach maith a thairngríonn sé dom riamh ach olc.” 18Lean Míocáia air: “Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar dheis agus ar a chlé. 19Dúirt an Tiarna: ‘Cé mheallfaidh Acháb chun fód a bháis ag Rámot Gileád?’ Dúirt cuid díobh seo agus a thuilleadh siúd. 20Ansin tháinig spiorad ar aghaidh agus sheas os comhair an Tiarna: ‘Déanfaidh mise é a mhealladh,’ ar sé. ‘Conas?’ arsa an Tiarna. 21Dʼfhreagair sé: ‘Imeoidh mé agus beidh mé i mo spiorad éithigh i mbéal a fháithe go léir.’ ‘Meallfaidh tú é,’ arsa an Tiarna, ‘rithfidh leat. Téigh agus déan é.’ 22Féach anois, más ea, mar a chuir an Tiarna spiorad éithigh i mbéal dʼfháithe anseo. Ach tá tubaiste fógartha ag an Tiarna i dʼaghaidh.”
23Tháinig Zidicíá mac Chanáná chun tosaigh ansin agus bhuail sé Míocáia i gcorrán a ghéill, agus dúirt: “Conas a dʼfhág spiorad an Tiarna mise le labhairt leatsa?” 24“Sin rud a gheobhaidh tú amach,” dʼfhreagair Míocáia, “an lá a theithfidh tú i seomra cúil le dul i bhfolach.” 25Dúirt rí Iosrael: “Gabhaigí Míocáia agus tugaigí ar láimh é dʼÁmón, rialtóir na cathrach, agus don phrionsa Ióáis, 26agus abraigí: ‘Seo iad orduithe an rí: Cuirigí an duine seo i bpríosún agus ná tugaigí mar chothú dó ach arán agus uisce go bhfille mé ar ais slán folláin.’ ” 27Dúirt Míocáia: “Má fhilleann tú slán folláin, níor labhair an Tiarna as mo bhéal.” (Agus dúirt sé: “Éistigí, a chiníocha go léir.”)
28Chuaigh rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá suas in aghaidh Rámot Gileád. 29Dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: “Cuirfidh mé bréagriocht orm féin agus mé ag dul sa chath, ach bíodh dʼéidí rí ortsa.” Chuir rí Iosrael bréagriocht air féin agus chuaigh isteach sa chath. 30Thug rí Arám ordú dá cheannairí carbad: “Ná tugaigí fogha faoi aon duine beag ná mór, ach faoi rí Iosrael.” 31Nuair a chonaic ceannairí na gcarbad Iahóiseáfát dúradar: “Sin é ar ndóigh, rí Iosrael,” agus dʼiompaíodar air. Ach chuir Iahóiseáfát gáir suas, agus tháinig an Tiarna i gcabhair air agus chuir Dia iad dá n‑ionsaí air, 32agus thuig ceannairí na gcarbad nárbh é rí Iosrael é, agus dʼéiríodar as an tóir.
33Ach tharraing duine de na saighdiúirí a bhogha de bhuille faoi thuairim, agus bhuail sé rí Iosrael idir éide chatha agus lúireach: “Iompaigh timpeall,” arsa an rí lena charbadóir, “agus beir leat as an gcath mé mar táim gonta.” 34Ach ghéaraigh ar an gcath i gcaitheamh an lae; choimeád an rí é féin ina sheasamh ina charbad le teanntaí agus a aghaidh ar na hAramaeigh go tráthnóna; agus dʼéag sé le fuineadh an lae.

Currently Selected:

2 Croinicí 18: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in