2 Croinicí 17
17
Tús Réimeas Iahóiseáfát
1Tháinig Iahóiseáfát a mhac i gcomharbacht air agus dhaingnigh sé a cheannas ar Iosrael. 2Chuir sé buíonta saighdiúirí i gcathracha daingne Iúdá go léir, agus cheap sé ceannairí i dtír Iúdá agus sna bailte in Eafráim a ghabh a athair Ásá. 3Bhí an Tiarna i dteannta Iahóiseáfát mar gur lean sé sampla a athar mar a bhí i dtús a résean, agus ní dheachaigh sé i muinín na mBálaím, 4chloígh sé le Dia a athar, agus lean a aitheanta in áit sampla Iosrael. 5Dhaingnigh an Tiarna, dá bhrí sin, an ríocht ina ghreim, agus thug Iúdá go léir cáin do Iahóiseáfát, agus bhí saibhreas agus maoin go flúirseach aige. 6Bhí misneach ina chroí le siúl i gcosáin an Tiarna agus scrios sé arís na hardionaid agus na cuaillí naofa i Iúdá.
7Sa tríú bliain dá réimeas chuir sé a fheidhmeannaigh: Bein Haíl, Obaidiá, Zacairiá, Natanael agus Míocáiá le teagasc a thabhairt i gcathracha Iúdá. 8Ghabh na Léivítigh seo leanas leosan: Seamaiá, Natainiá, Zabaidiá, Asáhael, Simíreámót, Iahónátan, Adoinía, Tóibíá agus Tób Adóinía. Léivítigh iadsan, agus in éineacht leo bhí na sagairt Eilíseámá agus Iahórám. 9Rinne siad teagasc in Iúdá agus leabhar dhlí an Tiarna acu agus chuaigh siad timpeall cathracha uile Iúdá ag teagasc an phobail. 10Thit eagla an Tiarna ar ríochtaí uile na gcríoch i gcóngar Iúdá agus ní dhearna siad cogadh ar Iahóiseáfát. 11Thug cuid de na Filistínigh bronntanais go dtí Iahóiseáfát agus airgead mar cháin; thug na hArabaigh féin seacht míle seacht gcéad reithe agus seacht míle seacht gcéad pocán gabhair. 12Chuaigh Iahóiseáfát i neart agus i neart. Thóg sé daingin agus cathracha stóir in Iúdá; 13bhí lón mór aige i gcathracha Iúdá. Bhí buíon saighdiúirí gaiscígh ghroí, in Iarúsailéim. 14Seo mar a rangaíodh iad de réir finí: de Iúdá, mar cheannairí míle: Adná an ceannaire le trí chéad míle curadh calma; 15faoina cheannas-san Iahóchánán an ceannaire le dhá chéad agus a hochtó míle fear; 16faoina cheannas-san Amásá mac Zicrí, óglach i seirbhís an Tiarna, le dhá chéad míle curadh calma. 17De Bhiniáimin: Eiliádá gaiscíoch calma, le dhá chéad míle fear iompartha bogha agus scéithe; 18faoina cheannas-san Iahózábád le céad agus a hochtó míle armtha chun cogaidh. 19Sin iad na fir a bhí ag déanamh seirbhíse don rí seachas an mhuintir a chuir an rí san cathracha daingne ar fud Iúdá ar fad.
Currently Selected:
2 Croinicí 17: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.