YouVersion Logo
Search Icon

2 Croinicí 15

15
Mionn Dílseachta
1Tháinig spiorad Dé ar Azairiá mac Ódaed 2agus ghabh sé amach i gcoinne Ásá agus dúirt leis: “Éist linn, a Ásá, a Iúdá agus a Bhiniáimin go léir. Tá an Tiarna in éineacht libh fad tá sibhse in éineacht leis. Má lorgann sibh é, gheobhaidh sibh é, ach má thréigeann sibh é, tréigfidh sé sibh. 3Is iomaí lá a chaith Iosrael gan Dia fírinneach, gan sagart le teagasc a thabhairt, gan dlí. 4Ach dʼiompaigh siad chun an Tiarna Dia Iosrael as a n‑anachain; lorg siad é agus fuair siad é. 5San am sin, ní raibh síocháin ag aosánach ar bith, mar bhí trioblóidí ina mílte sa mhullach ar áitritheoirí na gcríoch. 6Smiotadh iad; rinne náisiún náisiún a threascairt, agus cathair cathair eile, mar rinne Dia iad a chiapadh le gach sort anó. 7Ach maidir libhse, bíodh misneach agaibh, ná ligigí do bhur lámha dul i laige, mar gheobhaidh sibh luach bhur saothair.”
8Nuair a chuala Ásá na focail sin agus an fháistine sin (le hÓdaed an fáidh), tháinig misneach chuige agus dhíbir sé na híola gráiniúla ó thír Iúdá agus Bhiniáimin, agus ó na cathracha a ghabh sé in ardáin Eafráim, agus dheisigh sé altóir an Tiarna a sheas os comhair phóirse an Tiarna. 9Thionóil sé Iúdá agus Biniáimin go léir, agus muintir Eafráim, Mhanaise agus Shimeon a bhí ag cur fúthu ina dteannta, mar ghabh líon mór daoine anonn chuige ó Iosrael nuair a chonaic siad go raibh an Tiarna, a Dhia, ina theannta. 10Thángadar le chéile in Iarúsailéim sa tríú mí den chúigiú bliain déag de réimeas Ásá. 11Dʼofráladar mar íobairt don Tiarna an lá sin as an gcreach a ghabhadar: seacht gcéad damh agus seacht míle caora. 12Agus rinne siad conradh go lorgfaidís an Tiarna, Dia a sinsear, lena gcroí go hiomlán agus lena n‑anam go hiomlán, 13agus cibé duine nach lorgfadh an Tiarna Dia Iosrael, go gcuirfí chun báis é, cibé acu óg nó aosta é, fear nó bean. 14Thug siad mionn os ard don Tiarna le gártha agus le séideadh stoc agus adharc. 15Chuir an mionn a thugadar le lánchroí lúcháir ar Iúdá go léir. Rinne siad an Tiarna a thóraíocht le dúthracht chroí agus fuair siad é agus thug sé síocháin dóibh ar gach taobh. 16Bhain Ásá rí dínit na ríonmháthar dá mháthair Mácá mar go dearna sí dealbh ghráiniúil do Aiséará. Ghearr Ásá an dealbh anuas agus dhóigh í i nGleann Chidreon. 17Cé nár scuabadh chun siúil na hardionaid, bhí croí Ásá gan locht i gcaitheamh a shaoil go léir. 18Chuir sé isteach i dTeampall Dé na tabhartais a thíolaic a athair agus é féin, idir ór agus airgead agus ghréithe.
19Go dtí an cúigiú bliain tríochad de réimeas Ásá, ní raibh aon chogadh.

Currently Selected:

2 Croinicí 15: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for 2 Croinicí 15