2 Croinicí 14
14
Síocháin i dTús Réimeas Ásá
1Rinne Ásá an ceart agus an chóir i bhfianaise an Tiarna a Dhia. 2Chuir sé deireadh leis na haltóirí deoranta agus leis na hardionaid, leag sé anuas na colúin agus ghearr anuas na cuaillí naofa, 3agus dʼáitigh sé ar Iúdá an Tiarna a nDia a thóraíocht agus idir dhlí agus aithne a chomhlíonadh. 4Dhíbir sé na hardionaid agus na haltóirí túise as gach cathair in Iúdá. Bhí síocháin sa ríocht faoina réim. 5Dʼatóg sé cathracha daingne Iúdá, mar bhí an tír faoi shíocháin gan aon chogadh na blianta sin mar dheonaigh an Tiarna síocháin dó. 6“Déanaimis na cathracha seo a atógáil,” ar sé le Iúdá, “agus cuirimis ballaí agus túir, geataí agus sparraí, timpeall á gcosaint. Fágfar an tír seo fúinn mar lorgamar an Tiarna ár nDia; lorgamar é agus thug sé síocháin dúinn ar gach taobh.” Rinneadar an tógáil dá bhrí sin agus bhí an rath orthu.
7Bhí arm de thrí chéad míle fear ó Iúdá le sciatha agus gathanna ag Ásá; agus dhá chéad ochtó míle fear ó Bhiniáimin a dʼiompair sciath agus a láimhseáil bogha; gaiscígh thréana iadsan go léir.
Ionsaí Zearach
8Tháinig Zearach an Cúiseach le harm milliún fear agus trí chéad carbad amach ina gcoinne agus tháinig sé chomh fada le Máraeiseá. 9Chuaigh Ásá amach ina gcoinne agus chuir cóiriú catha ar a shluaite i nGleann Zafátá ag Máraeiseá. 10Ghlaoigh Ásá chun an Tiarna a Dhia: “A Thiarna,” ar sé, “ní féidir le haon duine ach tusa seasamh leis an lag in aghaidh an láidir. Cabhraigh linn, a Thiarna ár nDia, mar tá muinín againn asat, agus is i dʼainmse atáimid ag dul in aghaidh an tslua seo. A Thiarna, is tú ár nDia; fágadh an duine gach ní fútsa.” 11Bhris an Tiarna ar na Cúisigh roimh Ásá agus Iúdá, agus theith na Cúisigh. 12Chuir Ásá agus a lucht leanúna tóir orthu chomh fada le Gearár. Thit na Cúisigh ar lár i dtreo nár fágadh fear inste scéil mar treascraíodh iad roimh an Tiarna agus a shlua. Chruinníodar a lán creiche, 13agus chloíodar na cathracha go léir timpeall ar Ghearár mar bhí eagla an Tiarna orthusan. Chreach siad iad go léir mar bhí a lán éadála iontu. 14Dʼionsaíodar freisin bothanna lucht an eallaigh agus thugadar leo raidhse caorach agus camall; agus ansin dʼfhilleadar ar Iarúsailéim.
Currently Selected:
2 Croinicí 14: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: