2 Croinicí 13
13
Réimeas Aibíá
1San ochtú bliain déag de réimeas an rí Iarobám, tháinig Aibíá i gcoróin ar Iúdá. 2Bhí sé i réim ar feadh trí bliana in Iarúsailéim. Míocáiá ab ainm dá mháthair, iníon Úiríéil ó Ghibeá. Bhí Aibíá ag cogaíocht le Iarobám. 3Chuaigh Aibíá chun catha le slua trodairí cróga, ceithre chéad míle fear tofa, agus chuir Iarobám a ocht gcéad míle de fhir thofa, gaiscígh chalma, in eagar ina aghaidh.
4Sheas Aibíá ar Shliabh Zamáraím in ardáin Eafráim. 5“A Iarobám agus a Iosrael go léir,” ar sé, “nach bhfuil a fhios agaibh gur thug an Tiarna flaitheas Iosrael do Dháiví agus dá shliocht go brách trí chonradh dosháraithe? 6Ach dá ainneoin sin rinne Iarobám mac Nabát, searbhónta do Sholamh mac Dháiví, ceannairc in aghaidh a mháistir. 7Bhailigh scraistí áirithe gan mhaith ina thimpeall, agus thugadar a ndúshlan faoi Rachabám mac Sholaimh agus Rachabám fós óg gan mhisneach agus gan ar a chumas cur ina gcoinne. 8Tá sibh ag caint anois ar chur in aghaidh fhlaitheas an Tiarna atá i seilbh shliocht Dháiví de bhrí go bhfuil mathshlua mór díbh ansin le bhur laonna óir a rinne Iarobám le bheith mar dhéithe agaibh. 9Nár dhíbir sibh sagairt an Tiarna, sliocht Árón agus na Léivítigh, dʼfhonn sagairt a dhéanamh daoibh féin dála muintir thíortha eile? Aon duine a thagann le tarbh agus le seacht reithe le hé féin a choisreacan, déantar sagart de do dhia nach dia ar bith! 10Maidir linne, is é an Tiarna ár nDia agus ní dhearnamar é a thréigean; tá sagairt againn ag fónamh don Tiarna; clann Árón iad agus is Léivítigh an lucht freastail. 11Déanann siad íobairt uileloiscthe a ofráil don Tiarna ár nDia gach maidin agus tráthnóna, le túis na spíosraí cumhra; leagann siad amach arán na láithreachta ar an mbord naofa, agus déanann siad cúram den choinnleoir óir le go mbeadh a lóchrann ar lasadh gach tráthnóna. Óir déanaimidne liotúirge an Tiarna ár nDia a chomhlíonadh, ach thréig sibhse é. 12Féach, tá an Tiarna linn, ar ár dtosach againn; féach a shagairt leis na stoic ar tí iad a shéideadh leis an ngáir chatha a chur suas i bhur n‑aghaidh. A chlann Iosrael, ná troidigí in aghaidh an Tiarna, Dia ár sinsear, mar ní rithfidh libh.”
13Chuir Iarobám buíon i luíochán timpeall laistiar le hiad a ionsaí i leith a gcúil; bhí a shluaite ar bhéala Iúdá dá bhrí sin agus an luíochán ar a gcúla. 14Dʼfhéach Iúdá ina dtimpeall agus chonaic siad lucht ionsaithe rompu amach agus ina ndiaidh. Ghlaoigh siad ar an Tiarna agus shéid na sagairt na stoic. 15Chuir sluaite Iúdá a ngáir chatha suas, agus nuair a rinne siad amhlaidh, bhris an Tiarna ar Iarobám agus ar Iosrael go léir roimh Aibíá agus Iúdá. 16Theith clann Iosrael roimh Iúdá agus thug Dia ar láimh dóibh iad. 17Rinne Aibíá agus a shluaite ár agus eirleach orthu; thit cúig céad míle dʼfhir thofa Iosrael marbh ar pháirc an áir. 18Cloíodh clann Iosrael an uair sin agus bhí an lá le Iúdá ar an gcuma sin mar go raibh muinín acu as an Tiarna, Dia a sinsear.
19Chuaigh Aibíá sa tóir ar Iarobám agus ghabh cathracha áirithe uaidh, Béitéil lena shráidbhailte, Iseáná lena shráidbhailte, agus Eafrón lena shráidbhailte. 20Níor fhéad Iarobám a chumhacht a ghnóthú ar ais le linn Aibíá, agus threascair an Tiarna é agus dʼéag sé. 21Ach chuaigh Aibíá i neart; thóg sé ceathrar ban déag chuige féin agus ghin sé beirt mhac ar fhichid agus seisear iníonacha déag. 22An chuid eile de stair Aibíá, a bhearta agus a ghníomhartha, nach bhfuil sin go léir scríofa i scéala an fháidh Ideo?
23Ansin chuaigh Aibíá chun suain lena shinsir agus cuireadh é i gcathair Dháiví. Tháinig a mhac Ásá i gcomharbacht air. Bhí an tír faoi shíocháin ar feadh deich mbliana lena linn.
Currently Selected:
2 Croinicí 13: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.