2 Croinicí 12
12
1Agus a luaithe a bhí a údarás ríoga bunaithe go daingean, rinne sé féin agus Iosrael go léir chomh maith dlí an Tiarna a thréigean. 2Sa chúigiú bliain de réimeas Rachabám tháinig Síseac rí na hÉigipte aníos i gcoinne Iarúsailéim mar go rabhthas mídhílis don Tiarna; 3bhí dhá chéad déag carbad agus trí fichid míle marcach, agus líon gan áireamh ón Éigipt ina theannta–Libiaigh, Suicím agus Aetópaigh. 4Ghabh sé cathracha daingne Iúdá agus tháinig chomh fada le Iarúsailéim. 5Thionól Rachabám agus ceannairí Iúdá láimh le Iarúsailéim nuair a bhí Síseac ag bagairt, agus tháinig an fáidh Seamaiá chucu agus dúirt sé leo: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘Thréig sibhse mise, agus dá bhrí sin dʼfhág mise sibhse i láimh Shíseac.’ ” 6Ansin dʼumhlaigh ceannairí Iúdá agus an rí iad féin agus dúirt: “Is cóir é an Tiarna.” 7Nuair a chonaic an Tiarna gur umhlaíodar iad féin, tháinig briathar an Tiarna go Seamaiá. “Rinne siad iad féin a umhlú,” dúirt sé, “agus ní dhéanfaidh mé iad a scriosadh. Fóirfidh mé orthu ar ball beag. Ní luífidh mo fhearg ar Iarúsailéim trí láimh Shíseac. 8Beidh siad ina ndaoir aige mar sin féin i dtreo go dtuigfidís a bhfuil idir seirbhís domsa agus seirbhís do ríochtaí na dtíortha iasachta.”
9Tháinig Síseac rí ná hÉigipte aníos más ea in aghaidh Iarúsailéim, agus thug sé leis na seoda ó Theampall an Tiarna agus na seoda ón bpálás ríoga; thug sé gach rud leis, fiú na sciatha óir go léir a rinne Solamh. 10Ina n‑áitsean rinne Rachabám sciatha cré-umha, agus chuir iad faoi chúram oifigigh gharda gheata pháláis an rí. 11Aon uair a théadh an rí chun an Teampaill, dʼiompraíodh na gardaí iad, agus thugaidís ar ais chun seomra an gharda iad ina dhiaidh sin. 12De bhrí gur umhlaigh sé é féin, dʼiompaigh fearg an Tiarna uaidh agus níor scrios sé ar fad é. Bhí an scéal go maith acu in Iúdá.
13Dhaingnigh Rachabám a fhlaitheas in Iarúsailéim agus bhí faoi réim ann. Bhí Rachabám bliain agus daichead dʼaois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé seacht mbliana déag i réim in Iarúsailéim, an chathair ar threibheanna Iosrael go léir a thogh an Tiarna lena ainm a lonnú ann. Námá, an tAmónach mná, ab ainm dá mháthair. 14Rinne sé an t‑olc mar nár luigh sé ó chroí le tóraíocht an Tiarna.
15An chuid eile de stair Rachabám ó thús deireadh, nach bhfuil sé go léir scríofa in Annála Sheamaiá an fáidh, agus Ideo an físí, faoi eagrú na Léivíteach agus faoin tsíorchogaíocht idir Rachabám agus Iarobám? 16Ansin chuaigh Rachabám chun suain lena shinsir agus cuireadh é i gcathair Dháiví, a athair, agus tháinig a mhac Aibíá i gcomharbacht air.
Currently Selected:
2 Croinicí 12: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: