YouVersion Logo
Search Icon

2 Croinicí 11

11
Dea-Bhearta Rachabám
1Ghabh Rachabám suas go Iarúsailéim agus chuir sé tionól ar theaghlach Iúdá agus ar Bhiniáimin, céad agus a hochtó míle de thogha na ngaiscíoch, ionas go gcuirfí cath ar theaghlach Iosrael agus go mbuafaí a ríocht ar ais do Rachabám. 2Ach tháinig briathar an Tiarna go Seamaiá, an giolla Dé, agus dúirt: 3“Abair é seo le Rachabám, mac Sholaimh, rí Iúdá, agus leis na hIosraelaigh go léir in Iúdá agus i mBiniáimin: 4Mar seo a deir an Tiarna: ‘Ná téigí chun troda in aghaidh bhur mbráithre. Filleadh gach duine ar a bhaile; an rud seo a tharla, is mise is cúis leis.’ ” Dʼéisteadar le briathar an Tiarna agus dʼfhilleadar in ionad máirseáil in aghaidh Iarobám.
5Chuir Rachabám faoi in Iarúsailéim agus thóg sé cathracha daingne in Iúdá. 6Dʼatóg sé Beithil agus Éatám agus Teacóá 7agus Béit Zúr agus Sócó agus Adulám 8agus Gat agus Máraeiseá agus Zíf 9agus Adóraím agus Láicís agus Azaecá 10agus Zorá agus Aiálón agus Heabrón, cathracha daingne in Iúdá agus i mBiniáimin. 11Dhaingnigh sé na dúnta agus chuir ceannasaithe iontu agus stórais bhia agus ola agus fíona. 12Chuir sé sciatha agus gathanna sna cathracha go léir agus neartaigh sé go mór iad le Iúdá agus Biniáimin a choimeád faoi smacht.
13Dʼfhág na sagairt agus na Léivítigh go léir na háiteanna ina raibh siad ar fud Iosrael agus thángadar chun cónaithe in aice leis. 14Thréig na Léivítigh a dtailte féaraigh agus a ngabháltais agus tháinig siad go Iúdá agus Iarúsailéim, mar dhíbir Iarobám agus a mhic iad as sagartacht an Tiarna, 15agus cheap sé a shagairt féin do na hardionaid, do na bocánaigh, agus do na laonna a rinne sé. 16Baill de threibheanna Iosrael, daoine a bhí tíolactha ar fad do sheirbhís an Tiarna Dia Iosrael, lean siad iad agus tháinig siad go Iarúsailéim le híobairt a dhéanamh don Tiarna, Dia a sinsear. 17Chuireadarsan le neart ríocht Iúdá agus bhí siad ina dtaca ag Rachabám mac Sholaimh ar feadh trí bliana, mar lean sé sampla Dháiví agus Sholaimh ar feadh trí bliana.
Mídhílse Rachabám
18Ghlac Rachabám mar chéile, Machalat, iníon Irímiot mac Dháiví, agus Aibiochaíl iníon Eilíáb mac Ieise. 19Rug sí clann mhac dó: Ieúis, Seamairiá agus Záham. 20Ina diaidh sin ghlac sé Mácá iníon Aibseálóm mar chéile agus rug sí Aibíá, Atai, Zízeá, agus Sealomaít. 21Thug Rachabám grá do Mhácá iníon Aibseálóm thar a mhná agus a leannáin go léir. Bhí, dála an scéil, ocht mbean déag aige agus trí fichid leannán, agus bhí ochtar mac ar fhichid aige agus trí fichid iníon. 22Cheap Rachabám Aibíá mac Mhácá ina cheann fine, mar thaoiseach ar a bhráithre, mar gur mhian leis rí a dhéanamh de. 23Rinne sé a ghnó go críonna agus scaip sé cuid dá chlann mhac ar fud críocha Iúdá agus Bhiniáimin go léir agus sna cathracha daingne go léir agus thug sé lón go leor dóibh. Ach théadh sé i gcomhairle lena lán déithe de chuid a bhan.

Currently Selected:

2 Croinicí 11: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in