YouVersion Logo
Search Icon

1 Macabaech 1

1
Tús
1Tháinig Alastar na Macadóine mac Philib ó thír Chitím agus bhris sé ar Dháire rí na bPeirseach agus na Méideach, agus tháinig sé i gcoróin ina dhiaidh, ar dtús sa Ghréig Mhór. 2Is iomaí cogadh a d'fhear sé agus dún a ghabh sé; agus chuir sé ríthe na ndúichí chun báis. 3Ghabh sé ar aghaidh go himill na cruinne agus chreach sé na náisiúin ceann ar cheann; thit tost ar an domhan roimhe agus bhorr a chroí uallach le teann díomais. 4Bhailigh sé arm tréan cumhachtach, chuir cúigí, náisiúin, agus prionsaí faoi chois agus chuir faoina ghéillsine iad. 5Ach tháinig an lá nuair a thug Alastar an leaba air féin, agus a fhios aige go raibh an bás chuige. 6Chuir sé fios ar chompánaigh, uaisle a oileadh in éineacht leis óna óige, agus roinn sé a ríocht orthu fad bhí sé fós beo. 7Bhí Alastar dhá bhliain déag i réim nuair a d'éag sé. 8Chuir gach duine dá chompánaigh bun air féin ina dhúiche féin. 9Ghabh gach duine díobh coróin chuige féin tar éis a bháis, rud a rinne a gclann mhac freisin ina ndiaidh ar feadh mórán blianta; agus thug siad a lán urchóidí ar an talamh.
Géarleanúint faoi Aintíochas
10D'eascair géag pheacúil uathu, Aintíochas Eipifeanaes, mac Aintíochas rí. Ba ghiall eisean sa Róimh trá. 11Tháinig sé i gcoróin sa tseachtú bliain ar thríocha ar chéad de fhlaitheas na nGréagach. Um an dtaca sin bhorr dream coirpeach in Iosrael agus chuir siad a lán daoine ar seachrán. “Téanam,” a deiridís, “tagaimis chun réitigh leis na págánaigh atá inár dtimpeall, óir is iomaí mí-ádh a casadh orainn ó scaramar leo.” 12Glacadh leis an moladh seo 13agus chuaigh cuid de na daoine go fonnmhar os comhair an rí le hiarratas agus thug sé cead dóibh na deasghnátha págánacha a chleachtadh. 14Thóg siad giomnáisiam in Iarúsailéim mar a bhíonn ag na págánaigh. 15Chuir siad bréigriocht ar a dtimpeallghearradh, thréig siad an conradh naofa, agus ghéill siad do cheannas na bpágánach mar dhaoráin ag an olc dá ndeoin féin.
16Nuair a chonaic Aintíochas go raibh a fhlaitheas bunaithe go daingean, bheartaigh sé coróin na hÉigipte a bhaint amach agus a bheith i gceannas ar an dá thír. 17Rinne sé ionradh ar an Éigipt dá bhrí sin le harm tréan, le carbaid, le heilifintí, le marcshlua agus le cabhlach mór. 18Chuir sé cath ar Ptoilimí rí na hÉigipte; chas Ptoilimí ar a sháil agus theith roimhe, agus rinne sé ár agus eirleach ar a lán. 19Gabhadh cathracha daingne thír na hÉigipte agus rinne Aintíochas an tír a chreachadh. 20Tar éis dó an Éigipt a ghabháil, sa bhliain céad daichead a trí, d'fhill Aintíochas agus thug a aghaidh ar Iosrael agus ar Iarúsailéim le fórsa tréan. 21Rop sé isteach sa sanctóir le barr uaille agus thug sé leis an altóir órga, an coinnleoir don solas agus gach ar bhain leis, 22agus an bord d'arán na láithreachta, na soithí do na hofrálacha dí, na coirn, na túisteáin óir, an fial, na corónacha, agus na maisiúcháin órga ar thosach an Teampaill; thóg sé gach ní chun siúil uaidh. 23Thóg sé leis an t‑airgead agus an t‑ór agus na soithí luachmhara; d'aimsigh sé na seoda rúnda agus rug leis iad. 24D'imigh sé ar ais chun a thíre féin agus an méid sin go léir á mbreith leis aige; d'fhág sé an áit ina chosair easair agus briathra mórdhíomais á gcur as aige.
25Bhí caoineadh agus olagón ar fud Iosrael go léir:
26Bhí uachtaráin agus seanóirí ag caoineadh;
Bhí ógmhná agus ógánaigh á gcnaí;
chlaochlaigh lí agus snó na mban.
27Chrom gach fear nuaphósta ar chaoi,
agus bhí gach brídeog go brónach ar a leaba lánúnais.
28Bhí an talamh féin ar crith ar son a muintire,
agus bhí teaghlach Iacóib go léir faoi aonbhrat náire.
29Dhá bhliain ina dhiaidh sin chuir an rí ceannaire [na Míosach] ar fud cathracha Iúdá. Tháinig sé go Iarúsailéim le díorma láidir. 30Labhair sé leo, mar dhea, i mbriathra síochánta, agus ghéill siad dó. Ach thug sé fogha go tobann faoin gcathair agus bhuail í go tubaisteach, agus scrios a lán de mhuintir Iosrael. 31Chreach sé an chathair, chuir trí thine í, leag anuas a tithe agus na ballaí ina timpeall, 32sciob na mná agus na leanaí leis ina mbránna, agus ghabh an t‑eallach mar chreach. 33Ansin rinne siad cathair Dháiví a dhaingniú le balla láidir agus le túir dhaingne, agus bhí sí acu mar dhúnfort. 34Bhuanaigh siad ann díorma de choirpigh, ropairí a chuir cóir chosanta orthu féin ann. 35Chuir siadsan airm agus lón i dtaisce ann agus bhailigh siad creach Iarúsailéim go léir isteach ann; rinne ábhar mór caismirte díobh.
36Rinneadh de luíochán ar an sanctóir,
namhaid buan urchóideach d'Iosrael.
37Dhoirt siad fuil neamhchiontach mórthimpeall an tsanctóra,
agus shalaigh siad an sanctóir féin.
38Theith áitreabhaigh Iarúsailéim dá mbarr,
rinne áitreabh coimhthíoch di,
áit dheoranta dá pór féin;
thréig a clann í.
39Bánaíodh a sanctóir mar a bheadh fásach ann;
rinneadh caoineadh dá féilte,
agus rinneadh asachán dá sabóidí
agus aithis dá honóir.
40Bhí a náire feasta ar chomhchéim lena glóir tráth.
Rinneadh dobrón dá maorgacht.
41Chuir an rí forógra amach ansin dá ríocht go hiomlán, ag ordú go ndéanfaí aon phobal amháin díobh uile 42agus go n‑éireodh gach duine as a shain-nósanna féin. 43Rinne na págánaigh go léir de réir ordú an rí. Ghlac cuid mhór de na hIosraelaigh lena chreideamh chomh maith agus bhídís ag ofráil íobairtí do dhéithe bréige agus ag briseadh saoire na sabóide.
44Chuir an rí teachtairí le litreacha go Iarúsailéim agus go cathracha Iúdá á ordú dóibh nósanna iasachta a chleachtadh; 45cosc a chur le hofrálacha uileloiscthe, le híobairtí, agus le hofrálacha dí sa sanctóir; sabóidí agus féilte a thruailliú; 46an sanctóir agus na sagairt a shalú; 47altóirí láithreacha naofa agus scrínte a thógáil d'íola, muca agus ainmhithe neamhghlana a íobairt; 48gan a gclann mhac a thimpeallghearradh, agus iad féin a tháiriú le gach sórt mígheanmnaíochta agus gráiniúlachta, 49i dtreo go ligfidís an dlí i ndearmad, agus a achtanna go léir a athrú. 50“Aon duine nach gcomhlíonfaidh ordú an rí, cuirtear chun báis é.”
51Scríobh sé teachtaireacht mar sin go gach cearn dá ríocht, agus chuir sé féitheoirí i bhfeighil an phobail go léir agus d'ordaigh sé do chathracha Iúdá íobairt a ofráil ceann ar cheann. 52D'aontaigh a lán den phobal leo - an mhuintir go léir a thréig an dlí is é sin - agus rinne siad an t‑olc sa tír, 53agus chuireadar iallach ar Iosrael dul i bhfolach i ngach áit dídine a bhí ar fáil.
54Ar an gcúigiú lá déag de Chisléu, sa bhliain céad daichead a cúig, thóg [an rí] gráiniúlacht an léirscriosta os cionn na haltóra, agus tógadh altóirí i gcathracha Iúdá mórthimpeall, 55agus ofráladh túis i ndoirse na dtithe agus sna sráideanna. 56Sracadh agus dódh leabhair an dlí ar thángthas orthu. 57Duine ar bith ar thángthas air agus cóip den chonradh ina sheilbh aige, nó é ag cleachtadh an dlí, dhaor forógra an rí chun báis é. 58Leanadar orthu ag imirt lámh láidir ar Iosrael, ar an muintir a d'aimsídís sna cathracha mí i ndiaidh na míosa. 59Ar an gcúigiú lá fichead den mhí d'ofrálaidís íobairt ar an altóir a tógadh ar altóir an uileloiscthe. 60Chuir siad chun báis, de réir an fhorógra, na mná a rinne a gclann a thimpeallghearradh 61agus a leanaí ar crochadh acu lena muineál, agus a líon tí agus lucht déanta an timpeallghearrtha. 62Ach bhí go leor in Iosrael a sheas go daingean agus a raibh sé de mhisneach iontu bia neamhghlan a dhiúltú. 63B'fhearr leo an bás ná iad féin a thruailliú lena leithéid de bhia nó an conradh naofa a shárú, agus cuireadh chun báis iad. 64Ba uafásach an fraoch feirge a imríodh ar Iosrael.

Currently Selected:

1 Macabaech 1: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy