YouVersion Logo
Search Icon

1 Croinicí 1

1
Ginealaigh
Ó Ádhamh go hIosrael
1Ádhamh, Séat, Eanóis. 2Céanán, Mahalael, Iárad, 3Eineoc, Matúsalach, Láimic, 4Naoi, Séam, Hám, Iáfat. 5Clann Iáfat: Gómar, Mágóg, Mádai, Iáván, Tubál, Meisic, Tíoras. 6Clann Ghómar: Aisceanaz, Dífeat, Tógarmá. 7Clann Iáván: Eilíseá, Tairsís, Citím, Dodánaím. 8Clann mhac Hám: Cúis, Miosráím, Pút, Canán. 9Clann mhac Chúis: Seabá, Havalá, Sabtá, Rámá, Sabtaca. Clann mhac Rámá: Seabá, Deadán. 10Ghin Cúis Niomrod, an chéad fhear ar talamh a ndearnadh flaith de.
11Ghin Miosráím muintir Lúd agus Anám agus Laháb agus Naftúch, agus 12Patrús, agus Caslúch, ónar shíolraigh na Filistínigh, agus Caftór. 13Ghin Canán Síodón a chéad mhac agus Héat, 14agus na Iabúsaigh, na hAmóraigh, na Giorgáisigh, 15na Hivigh, na hArcaigh, na Suínigh, 16na hArvádaigh, na Zamáraigh, na Hamátaigh. 17Clann mhac Shéam: Éalám, Aisiúr, Arpaicsead, Lúd, Arám, Úz, Húl, Geitir, Meisic. 18Ghin Arpaicsead Seálach, agus ghin Seálach Éibir. 19Rugadh beirt mhac do Éibir; tugadh Roinnt ar an gcéad duine mar gur lena linn a roinneadh an talamh, agus tugadh Ioctán ar a dheartháir. 20Ghin Ioctán Almódád, Seilif, Hazarmávat, Iárach, 21Hadórám, Úzál, Dicleá, 22Éabál, Abmael, Seabá, 23Óifir, Havalá, Ióbáb; clann Ioctán iadsan go léir. 24Séam, Arpaicsead, Seálach. 25Éibir, Roinnt, Reú. 26Sarúg, Náchór, Tearach. 27Abrám is é sin Abrahám. 28Clann mhac Abrahám: Íosác agus Ísmeáél. 29Seo iad a sliocht: Nabáiót céadghin Ísmeáél; ansin Céadár, agus Abdael, agus Miobsám, 30agus Mismeá agus Dúmá agus Masá, agus Hadad, agus Taemá, 31agus Iatúr agus Náifís agus Céadamá. Sin iad clann mhac Ísmeáél.
32Clann mhac Chatúrá, leannán Abrahám: rug sí clann mhac dó: Zimreán, Iocseán, Madán, Midián, Isbeác, Siúach. Clann mhac Iocseán: Seabá agus Dadán. 33Clann mhac Mhidián: Éafá, Éifir, Hanoch, Aibídeá, Ealdá. Clann Chatúra iadsan go léir.
34Ghin Abrahám Íosác. Clann mhac Íosác: Éasau agus Iosrael. 35Clann mhac Éasau: Eilífeáz, Reúél, Ieúis, Ialám, Córach. 36Clann mhac Eilífeáz: Téamán, Ómár, Zeifí, Gatám, Canaz, Timneá, Amailéic. 37Clann mhac Reúél: Nachat, Zearach, Seamá, Mizeá.
38Clann mhac Shaeír: Lótán, Seobál, Zibeon, Aná, Diseon, Éizir, Diseán. 39Clann mhac Lótán: Hoirí agus Homám. Ba í Timneá deirfiúr Lótán. 40Seo iad clann mhac Sheobál: Alván, Mánachat, Éabál, Seifi, Ónám. Clann mhac Zibeon: Aiá agus Aná. 41Clann Aná: Diseon. Clann mhac Dhiseon: Hamrán, Eisbeán, Itreán, Carán. 42Clann mhac Éizir: Bileán, Záván, Ácan. Clann mhac Dhiseán: Úz agus Arán.
43Seo iad na ríthe a bhí i réim i dtír Eadóm sular tháinig aon rí Iosraelach i réim: Beala mac Bheór, agus Dineábá a ba ainm dá chathair. 44D'éag Beala agus tháinig Ióbáb mac Zearach ó Bhozrá i réim ina dhiaidh. 45D éag Ióbáb agus tháinig Húiseám ó thír na dTéamánach i réim ina dhiaidh. 46D'éag Húiseám; agus Hadad mac Bheadad, an té a chloígh Midián i gcríoch Mhóáb, tháinig sé i réim ina dhiaidh. Aivít a ba ainm dá chathair. 47D'éag Hadad agus tháinig Samlá ó Mhasraeca i réim ina dhiaidh. 48D'éag Samlá agus tháinig Seáúl ó Rachóbót ar an Eofrataes ina dhiaidh. 49D'éag Seáúl agus tháinig Bálchánán mac Acbór i réim ina dhiaidh. 50D'éag Bálchánán agus tháinig Hadad i réim ina dhiaidh. Páí ab ainm dá chathair. Mihéataibil iníon Mhatraed iníon Mhé Záháb ab ainm dá bhean. 51D'éag Hadad; ansin ba iad taoisigh Eadóm: an taoiseach Timneá, an taoiseach Alvá, an taoiseach Iataet, 52an taoiseach Oholabámá, an taoiseach Éalá, an taoiseach Píonón, 53an taoiseach Canaz, an taoiseach Téamán, an taoiseach Mibzeár, 54an taoiseach Maigdíél, an taoiseach Iórám. Sin iad taoisigh Eadóm.

Currently Selected:

1 Croinicí 1: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy