YouVersion Logo
Search Icon

Geinis 45

45
Cuireann Seosamh é féin i n-aithne d'á dh'reathracha: Agus cuireann fios ar a athair.
1Níor fhéadh Seosamh leansan do'n scéal mar seo i láthair na ndaoine. Agus d'órduigh sé dóibh go léir shul amach, 's gan aon stráinséar bheith i láthair le linn aithniu a chéile.
2Agus d'árduigh sé a ghlór caointe, a cloiseadh ag na h-Éighphtínigh, agus ag gach duine ar theaghlach Pharao. 3Agus ars é le n-a dh'reathracha: “Is mise Seosamh. An bhfuil m'athair beo fós?” Ní rabh sé ar a gaumas ag n-a dh'reathracha freagra a thabhairt air, le méad an eagla mhóir a ghabh iad. 4Agus ars é go deas leo: “Druidigidh isteach níos comhgharaighe liom.” Agus nuair d'ruid siad isteach.
Ars eisean: “Is mise Seosamh, bhur nd'reathair féin, a dhíol sibh isteach i grích na h-Éighphte. 5Ná bíodh aon eagla oraibh, 's ná smaoitigidh gur cruaidh an rud a rinne sibh nuair dhíol sibh mé isteach ins na tíortha so, b'é Dia a sheoil chun na h-Éighphte rómhaibh mé le bhur gcoimhead slán. 6Óir tá dhá bhliain thart anois ó tháinig an gorta ar an tír, aus tá cúig liadna eile le theacht, gan treabhadh gan fóghmhar. 7Agus do sheoil Dia roimhe mé, ionnus go mairfeadh sibh ar an domhan, agus biadh do bheith agaibh le mbur gcoinneal beo. 8Ní ar bhur gcómhair-sa cuireadh annso mé,—b'é toil Dé, Dia a rinne díom athair do Pharao, mar deirfeá, agus tighearna ar a theaghlach uiligh, agus prionnsa ar thír uile na h-Éighphte.
9“Brostuigidh, agus téighigidh suas chuig m'athair, agus abraigidh leis: ‘Seo mar labhrann do mhac Seosamh: “Rinne Dia 'mo thighearna mé ar thír uile na h-Éighphte. Tar anuas chugam gan mhoill. 10Agus dean do chómhnaidhe i gcrích Ghessein, agus bhí in-aice liom, tú féin agus do chlann mhac, agus a gclann mhac-san, agus do chuid caora, do thréada, agus gach a bhfuil agat. 11Agus gheobhaidh tú biadh annso, (óir tá cuig bliadna eile de'n ghorta rómhainn fós), ar eagla go gcaillfidhe thú féin agus do heaghlach agus gach nidh atá agat.”’ 12Féachaidh! Tchí sibh, agus tchí mo dh'reathair Benjamín, gur as mo bhéal féin an chainnt seo libh. 13Innsigidh do m'athair fa mhéad mo chómhachta (glóire), agus fa gach a bhfaca sibh san Éighphte. Brostuigidh oreaibh anois, agus beirigidh chugam é.”
14Agus rug sé barróg ar mhuinéal ar Bhenjamín, agus ghoil sé, agus rinne Benjamín an rud céadna air-sean. 15Agus phóg Seosamh a dh'reathracha uilig, agus shil deora ar gach duine in-diuidh a chéile, a thug misneach dóbhtha labhairt leis.
16Agus cualthas é, agus leath an scéal ar fud cúirt' an ríogh: “Tá d'reathair Sheosamh annso.” Agus bhí lúthghair ar Pharao agus ar a theaghlach go léir. 17Agus labhair sé le Seosamh, “A rádh leis go mbadh chóir dó órdú a thabhairt d'á dh'reathracha. ‘'S é sin: Lóduigidh bhur mbeithigh, agus trialluigidh libh isteach i grích Chanaáin, 18agus beirigidh libh bhur n-athair agus a mhuintir as sin, 's taraigidh annseo chugam-sa. Agus bhearfaidh mise rogha agus de togha de mhaithe na h-Éighphte díbh, agus go niosaidh sibh meithe na talmhan.’ 19Órduigh dóibh freisin: ‘Carbaid e[] thabhairt leo as crích na h-Éighphte le n-a gcuid paísdí agus na mná a iomchar,’ agus abair: ‘Tabhairigidh bhur n-atha[] aníos annseo, agus deanaigidh deirfir. 20Agus ná fágtar aon earraidh tighe in bhur ndiadh, óir beidh saidhbhreas uile na h-Éighphte aga[].’”
21Agus rinne mic Israeil mar h-órduigheadh dó[], agus thug Seosamh na carbaid dóbhtha fé mar d'órduigh Pharao dhó, agus roinnt bídh i gcó[] an aistir. 22Thug sé órdú, freisin, dhá bhrat (róbaí) a thabh[] amach i gcóir gach duine, acht thug sé cúig bro[] de'n adhhar a b'fhearr, agus trí céad píosai airgid, do Bhenjamín. 23Agus chuir sé oiread eile d'éadaigh agus d[] airgead chuig a athair, agus chomh maith le sin deich gcinn d'asailibh firinne, le saidhbhreas [] na h-Éighphte d'iomchur, agus an uimhir chéadna d'asailibh baininne, le cruithneacht agus arói[] a iomchur i gcóir an bhealaigh. 24Chuir sé ar a dtriall, a dh'reathracha, [ag] ar im theacht dóbhtha, ars eisean: “Ná bíodh aon fhearg oraibh 'rith an bhealaigh.”
25Agus d'imthigheadar leo suas as an Éighphte, agus tháinig go críoch Chanáin, chuig a n-athair, Iacob. 26Agus d'innis siad dó, a rádh: “Ta do mhac Seosamh beo, agus tá sé n-a phrionnsa ar thír uile na h-Éighphte.” Agus ar chlois an scéal do Iacob, mhúscail sé mar bheadh se tar éis trom-shuan a chur de, agus char chreidh sé iad. 27Acht d'innis siad-san an scéal uilig-go-léir ó thús go deireadh. Agus nuair chonnaic seisean na carbaid, agus an méad sin de mhaitheasaí a chuir sé chuige, thóg sin a chroidhe. 28Agus ars é: “Is leor domh-sa má tá mo mhac Seosamh beo. Rachaidh mé chun é 'fheiceal sul má fhaghaim bás.”

Currently Selected:

Geinis 45: ABNPOD

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in