YouVersion Logo
Search Icon

Geinis 44

44
Cruthuigheann Seosamh a dh'reathracha. Úmhail-impighe ag Iúda air.
1Agus thug Seosamh órdú do mhaor a thighe, a rádh: “Líon a gcuid sac dóibh le h-arbhar, lán go béal, agus cuir airgead gach éinne aca i mbéal an tsaic. 2Agus chuir i mbéal an tsaic ag an té is óige aca mo chorn airgeaddha, agus an t-airgead a thug sé ar an chruithneachta. Agus rinneadh sin.
3Agus le bánú an lae cuireadh ar a dtriall iad, le n-a gcuid asal. 4Agus nuair d'fhág siad an chathair, agus iad tamall beag ar an bhealach, chuir Seosamh fios ar mhaor a thighe, agus ars é: “Eirigh, agus téigh sa tóir ar na fir, agus nuair a thiocfas tú suas leo, cuir ceist ortha: ‘Cad chuige díbh an t-olc a dheanamh in-aghaidh na maitheasa? 5An corn a ghoid sibh, sin ancorn as a n-ólann mo thighearna, agus as a mbaineann sé táiringeóracht. Tá fíor-dhroch-bheart deanta agaibh.’”
6Rinne sé (an maor) mar d'órduigh Seosamh dó agus nuair tháinig sé suas leo, labhair sé na focla sin leobhtha. 7Agus d'fhreagair siad-san: “Cad is chiall do'n chainnt sin ár dtighearna, 'bheith a' smaoitiú go ndeanfadh do sheirbhísigh a léithid ed choir? 8An t-airgead a fuaireamar i mbéala na sac thugamar linn ar ais duit é as crích Chanaáin. Cionnus a dheanfamaois ór agus airgead a ghoid as tigh do thighearna mar sin? 9Cibé duine de do sheirbhísigh againn ag a bhfuighidh tú an rud a chuartuigheann tú, cuirtear chun báis é, agus beidh muidinne sásta bheith n-ár ndaoir ag mo thighearna.” 10Agus ars eisean leo: “Bíodh sé mar sin: Cibé duine a bhfuil sé aige, bíodh sé n-a sheirbhíseach agam, agus ní cuirfear aon mhilleán oraibh-se.” 11Gan mhoill thóg siad na saic anuas 's chuir ar an talamh iad, agus d'fhoscail gach fear a shac féin. 12Agus tar éis iad a chuartú, ó shac an fhir a b'aosta go dtí sac an fhir a b'óige, fuair sé an corn i sac Bhenjamín.
13Le sin stróic siad a gcuid éadaigh, agus chuir na saic ar na h-asail arís, agus phill isteach ar an bhaile mhór. 14Agus chuaidh Iuda 's threaoirigh a dh'reathracha isteach chuig Seosamh, (óir níor fhág seisean an áit fós,) agus thuiteadar go léir ar an talamh os a chómhair. 15Agus arsa sé leo: “Cad chuige go ndeanfadh sibh a léithid? Nach bhfuil fhios agaibh nach bhfuil duine ar bith ionchurtha lom-sa san ealadham ná san dtairngeóracht.” 16Agus arsa Iuda leis: “Caidé an freagra bhearfas muid, a thighearna? No caidé deirfeas muid, no cad é an leith-scéal le fírinne thig linn a thabhairt? D'fhiosruigh Dia an t-olc in do sheirbhíseacha: Féach, gur daorannaidhthe ag mo thighearna shinne go léir,—sinne chomh maith an té go bhfuarthas an corn in a sheilbh.” 17D'fhreagair Seosamh: “Nár leigidh Dia go ndearnfainn sin. Bíodh an té a ghoid an corn uaim, 'n-á dhaornnaidhe agam, agus scaoilim sibh-se saor, agus ar ais libh chuige bhur n-athair.”
18Annsin dhruid Iuda isteach ní ba chómhgharaighe dó, agus labhair gan faitchíos: “Impighim ort a thighearna, cluas a thabhairt le briathar do sheirbhísigh, agus gan bheith i bhfeirg leis: óir, indiaidh Pharao is tú— 19Mo thighearna: Cheistigh tú do sheirbhíseacha an chead uair: ‘An bhfuil athair no d'reathair agaibh?’ 20Agus do fhreagair sinne, a thighearna: ‘Tá athair againn, in a shean duine é, agus buachaill óg a rugadh (dó) 'n-a shean-aois; agus d'reathair dó, mac a mháthar-san, atá marbh; agus níl beo de chloinn a mháthar acht é, agus tá gean mór ag a athair air.’ 21Agus dubhairt tusa le do sheirbhíseacha (linne): ‘Tabhairigidh chugam é, no go (agus) leigid mé mo shúile air.’ 22Mholamar do mo thighearna: ‘Ní féidir an buachaill a scarú ó n-a athair. No má scartar, gheobhaidh an t-athair bás.’ 23Agus arsa tusa (linne) le do sheirbhíseacha: ‘Muna dtagann bhur nd'reathair óg libh, n
í leigfidh sibh súil orm níos mó.’ 24“Agus nuair chuamar suas chuige do sheirebhíseach—ár n-athair—d'ársuigh muid dó gach uile rud a dubhairt mo thighearna. 25Agus (b'é) dubhairt ár n-athair: ‘Imthigidh arís agus ceannuigidh beagán éigin cruithneachta dúinn.’ 26Agus arsa sinne leis: ‘Ní thig linn dhul ann. Má thagann an d'reathair is óige sios linn, imtheóchamuid le chéile, gan é, ní ceadóchaidhe dúinn súil a leigint ar an bhfear.’ 27D'fhreagair seisean shinn (sin): ‘Tá fhios agaibh gur rug mo bhean-sa beirt (mhac). 28Cailleadh duine aca, agus dubhairt sibh-se: “D'ith beitheach caraosach é,” agus níor facthas ó shoin é. 29Má glactar é seo uaim freisin, agus má bhuaileann tubáisde éigin san bhealach dó, tarraingeóchaidh sibh mo cheann liath fa bhuadhradh síos go h-ifrinn.’
30“Mar sin de, má phillim ar ais chuige do sheirbhíseach, ár n-athair, agus an gasúr ar iarraidhe,—a bhfuil a anam a' brath ar a bheo—siud— 31agus go bfeicfidh seisean nach bhfuil an gasúr linn, gheobhaidh sé bás, agus tarraingeóchaidh do sheirbhíseach anuas (síos) fa bhuadhradh agus ceann liath go h-ifrinn é. 32Leig dom bheith i mo sheirbhíseach urradhasach duit, mise a chuaidh i mbannaidhe agus a thug gealltanas dó, a rádh: ‘Mura dtugaim slán ar ais arís é, beidh mé cionntach go bráth i peaca i n-aghaidh m'athar.’ 33Mar sin de, fanfaidh mise, do sheirbhíseach, i n-áit an ghasúra, a dheanamh seirbhise do mo thighearna, agus leig-se do'n ghasúr pilleadh le n-a dh'reathracha. 34

Currently Selected:

Geinis 44: ABNPOD

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in