Ḃfilippiánaċ 1
1
Caibidil I
Guiḋe arson méuduġaḋ seirce agus sair-eóluis 27 agus impiḋe ar bi crúadalaċ cróiḋetrén fa leaṫtrom.
1Pol agus Timotéus, searḃḟoġantuiġiḋ Iósa Críosd, ċum na nuile náoṁ a Niósa Críosd naċ atá a Ḃfilippi, maille ris na heasbuguiḃ agus ris na deacanuiḃ: 2Grasa maille riḃ, agus síoṫċáin, ó Ḋía ar Naṫair, agus on Dtíġearna Iósa Críosd.
3Beirim buiḋeaċas ré mó Ḋía gaċ uáir ċoiṁniġim oruiḃse, 4Ag síḋéunaṁ úrnuiġe maille ré gáirdeaċus um uile ġuiḋe ar ḃur sonnsa uile, 5Do ḃríġ ḃur gcumuinn ris a tsoisgéul ón gcéud lá gus a nois; 6Ar mbeiṫ ḋaṁ dearḃṫa as an ní céudnasa, eaḋon an tí do ṫionnsguin obair ṁaiṫ ionnuiḃ go gcuirfe sé críoċ uirrṫe go lá Iósa Críosd: 7Már as cóir ḋaṁ an breaṫnuġaḋsa do ḃeiṫ agum oruiḃ uile, do ḃríġ go ḃfuil siḃ agam um ċróiḋe; go raḃaḃair uile páirteaċ ré mo ġrása, ré linn mo ġéiḃeann, agus mo ċosanta agus mo ḋaingniġṫe ar a tsoisgéul. 8Oír atá Día dfíaḋnuise agum, ar ṁéud mo ḋúile ionnuiḃ uile ó ḟréuṁaċ mo ċróiḋe a Níosa Críosd. 9Agus íarruim so daṫċuinġe, ḃur ngráḋsa do líonaḋ fós ní sa ṁó ná ċéile a neólas agus a nuile ṫuigse; 10Ionnus go ndearḃaḋ siḃ na neiṫe as fearr; as go mbíaḋ siḃ fíorġlan gan tuisleaḋ ar bíṫ go lá Ċríosd; 11Ar mbeiṫ líonta do ṫórrṫuiḃ fíréuntaċda, noċ tré Iósa Críosd, lionus ċum glóire agus molta Dé.
12Agus as mían riom a ḟios do ḃeiṫ aguiḃ, a ḋearḃráiṫre, na neiṫe ṫárrlá ḋaṁ gur éiriḋ ríu barr oirḋearcuis do ċur ar a tsoisgéul; 13Ionnus go ḃfuilid mo ċuiḃriġṫese ar son Ċríosd óirḋeirc ar feaḋ an Ṗálais uile, agus sna huile áitiḃ eile; 14Ionnus gur móide dánaċd na coda as mó do na dearḃraiṫriḃ sa Dtíġearna, ċum na bréiṫré do laḃairt go neiṁeaglaċ, an ṁeisneaċ do ġaḃadar ċuca as mo ċuiḃriġṫiḃse.
15Do ní dream áiriġe go ḋearḃṫa Críosd do ṡeanmóruġaḋ tré ṫnúṫ agus tre ċonsbóid; agus dream eile tré ḋeaġṫoil: 16Do ní dream aca Críosd do ṡeanmóruġaḋ trés ċonsbóid, ní ó inntínn ġloin, ag sáoilsin dóiḃ go gcuirfid tuilleaḋ buáiḋearṫa a gceann na gcuiḃreaċ atá oramsa: 17Aċd dreim eile ó ġráḋ, ar mbeiṫ a ḟeasa aca, go ḃfuilimse arm o ċur ċum féasda ar son an tsoisgéil.
18Créd eile máseaḋ? atá Críosd fós dá ṡeanmóruġaḋ ar gaċ éunċor, más a rioċd fírinne nó fós a ḃfírinne féin; agus do nímse ḋá ḃríġ so gáirdeaċas, agus fós do ḋéunad gáirdeaċas. 19Oír atá a ḟios agum go raċuid so ċum slánuiġṫe ḋaṁ tré ḃur núrnuiġṫese, agus tré ċungnaḋ iomlán Sbioruide Iósa Críosd, 20Do réir mar atá mo ṡúil agus mo ṁuiniġin go géur ris, náċ ccuirfiġṫear aḋnáire oram a náoin ni, aċd maille ré gaċ uile ḋóṫċas, aṁuil do ṫarrla ḋaṁ a ríaṁ, go náirdeoċar Críosd a nois mar an gcéudna um ċorp, más tré ḃeaṫa, nó tré ḃás é.
21Oír as éudáil daṁsa Críosd, más beaṫa no bás daṁ. 22Agus dá dteagṁuiġ ḋaṁ ḃeiṫ beó sa gcoluinn, biáiḋ sé tarḃaċ ḋaṁ: agus créd do ḃéuruinn do roġain ní eadair mé. 23Oír atáim a gcúṁgaċ ar gaċ táoḃ, ar mbeiṫ ḋaṁ fonnṁar ar ḃeiṫ fá reír, agus ar ḃeiṫ a ḃfoċair Ċríosd; óir ni ḃfuil ann ní as fear ná sin: 24Giḋeaḋ as riaċdanuiġ ḋiḃsé mé ḟuireaċ sa gcoluinn. 25Agus atá a ḟios dearḃṫa so agum go ḃfanfad agus go ndéunad coṁnuiḋe ḃur ḃfoċairse uile, ċum siḃse ċur ar ḃur naḋuiġ, agus ċum gáirdeaċais créidiṁ; 26Ionnus go líonfaḋ ḃur luaṫġáirse a Niósa Críosd dom ṫáoḃsa ó ḃeiṫ ḋaṁ a rís a láṫair agaiḃ.
27Aṁáín iomċruiḋ siḃ féin go cuḃaiḋ do ṡoisgéul Ċríosd: ionnas dá dtigiḋ mé agus go ḃfaicfeaḋ siḃ, nó dá raiḃ mé uáiḃ, gi ḃfuiġead sgéula oruiḃ, go ḃfuiltí ag fuireaċ a náoin Sbioruid, agus ag cur lé ċéile déininntinn a gcreideaṁ an tsoisgéil; 28Agus ná bíoḋ eagla na druinge ċuireas ḃur naḋuiġ oruiḃ a gcáil ar biṫ: noċ is coṁarṫa sgriosda ḋóiḃsion, aċd sláinte ḋíḃse, agus sin ó Ḋía. 29Oír tugaḋ ḋíḃse a naisgiḋ ar son Ċríosd, ní hé aṁáin creideaṁ ḋíḃ ann, aċd mar an gcéudna fulang ar a ṡon; 30Ar mbeiṫ do ċóṁrac ċéudna aguiḃse noċ do ċonncaḃair ionnamsa, agus a nois do ċluintí ḃeiṫ ionnam.
Currently Selected:
Ḃfilippiánaċ 1: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.