Heṗesiánaċ 6
6
Caibidil VI
Ríaġlaiġte tiġeaḋais. 10 agus náoṁairm ċoṫuiġṫe na beaṫa coġṫaċsa.
1A ċlann, bíġiḋ úṁal dá ḃur naiṫriḃ agus da ḃur maiṫriḃ sa Dtíġearna: óir as coir so. 2Taḃair onóir dod aṫair agus dod ṁaṫair; (noċ as é ċéud áiṫne maille ré geallaṁuin;) 3Ionnus go mbíaḋ raṫ ort, agus go mbíaḋ fad-sáoġuil agad ar an dtalaṁ. 4Agus, a aiṫreaċa, ná brosduiġe ḃur gclann ċum feirge: aċd tógḃuiḋ súas íad a dteagusg agus a ḃfoirċeadal an Tíġearna.
5A ṡearḃḟoġantuiġiḋ, bíġiḋ úṁal dá ḃur maiġisdriḃ do réir na féola, maille ré faitċeas agus ré crioṫnuġaḋ, a ḃfíorġloine ḃur gcroiḋeaḋ, aṁuil do ḃíaḋ siḃ, do Ċríosd; 6Ní ag déunaṁ seirḃíse don tsúil, mar an luċd do ní toil na ndáoine; aċd mar ṡearḃḟoġantuiġiḃ Ċríosd, ag déunaṁ toil Dé ó ċróiḋe; 7Maille ré deagṫoil ag déunaṁ seirḃíse, aṁuil do Tíġearna, agus ní do ḋáoiniḃ: 8Ar mbéiṫ a ḟeasa aguiḃ giḋ bé maiṫ do ḋéunas gaċ áon, go ḃfuiġe sé a lúaiḋeaċd ón Dtíġearna, más dáor nó sáor é. 9Agus, a ṁaiġisdri, déunuiḋse na neiṫer céudna ḋóiḃsion, ag cur bagair ar gcúl: ar mbeiṫ a ḟeasa aguiḃ go ḃfuil ḃur Maiġisdir féin air neaṁ mar an gcéudna; agus naċ ḃfuil féuċuin do ṗearsuinn seaċ a ċéile aige.
10Fá ḋeóiġ, a ḋearḃráiṫreaċa, bíġiḋ neartṁar sa Dtíġearna, agus a gcúṁaċd a neirtsion. 11Cuiriḋ iomuiḃ armáil Dé go huiliḋe, ionnus go maḋ féidir liḃ seasaṁ a naḋuiġ ṡliġṫeadóireaċd an Díaḃail. 12Oír ní ré fuil agus ré féoil do níomuid sbáirn, aċd ré húaċdaranuiḃ, ré cúṁaċduiḃ, ré prionnsuiḋiḃ an doṁuin ḋorċaduis an tsáoġailse, ré droċsbioraduiḃ, noċ atá sna hionaduiḃ árda. 13Uime sin glacuiḋ ċuguiḃ armáil Dé go huiliḋe, ċum go maḋ-féidir liḃ cur na naḋuiġ a ló an ríaċdanuis, agus seasaṁ ar gcríoċnuġaḋ, na nuile neiṫeann dáoiḃ. 14Uime sin seasuiḋ, ar mbeiṫ dá ḃur leasraċuiḃ ar na gcreasluġaḋ ré firinne, agus ar gcur éidiġ uċda na fíreantaċda iomuiḃ; 15Agus brogan ullṁuiġṫe ṡoisgéil na sioṫċána fá ḃur gcosaiḃ; 16Agus tar gaċ uile ní, glacuiḃ ċuguiḃ, sgíaṫ an ċreidiṁ, tré na dtucfuiḋ ḋíḃ uile ġáeṫe tinntiġe na droċsbioruidedo ṁúċaḋ. 17Agus gaḃuiḋ ċuguiḃ clogud na sláinte, agus cloiḋeaṁ na Sbioruide, eaḋon bríaṫar Dé. 18Ar mbeiṫ díḃ ag úrnuiġe do ṡíor ré gaċ áoin ġné úrnuiġe agus aṫċuinġe trés an Sbiorúid, agus ag féire sá ní gcéudna maille ré gaċ uile ḃúanas agus ġuiḋe ar son na nuile náoṁ; 19Agus ar mo ṡonsa, ionnus go dtiuḃarṫáoi ḋaṁ cumas laḃarṫa, a nosglaḋ mo ḃéil maille ré danaċ, ċum seicreide an tsoisgéil do ḟoillsiuġaḋ ḋaṁ. 20Dá ḃfuilim um ṫeaċdaire a ngéiḃeann: ionnus go ndéunuinn danaċd laḃarṫa as, mar as éigean daṁ láḃairt.
21Aċd ionnus go mbíaḋ fios aguiḃse air na neiṫiḃ ḃeanas riomsa, agus créd do nim, foillseóċuiḋ Tiċicus, dearḃráṫair gráḋaċ agus minisdir díleas sa Dtíġearna, na huile neiṫe ḋiḃ: 22Noċ do ċur mé ċuguiḃ a dtimċioll a náḋḃairse féin, ionnus go mbíaḋ fios na neiṫeann ḃeanus rinne aguiḃse, agus go dtíuḃraḋ cóṁḟurtaċd dá ḃur gcróiḋṫiḃ.
23Sioṫċáin ris na dearḃráiṫriḃ, agus gráḋ maille ré creideaṁ, ó Ḋía Aṫar agus on Dtíġearna Iósa Críosd. 24Grása maille ris na huile ḋáoiniḃ ġráḋuiġeas ar Dtíġearna Iósa Críosd maille ré neaṁṫruáilleaḋ. Amén.
Currently Selected:
Heṗesiánaċ 6: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.