Heṗesiánaċ 5
5
Caibidil V
Go ḃfuil Iosa inleanṁuinne, a ngráḋ agus a nglan dleasdanas do gaċ neaċ; 25 agus an pósaḋ na scaṫan ar ċeangal agus ionnanus Ċriosd ré na eagluise.
1Uime sin biġiḋse ḃur luċd leanṁana Dé, mar ċloinn ġráḋuiġ; 2Agus siúḃluiḋ a ngráḋ, aṁuil do ġráḋuiġ Críosd sinne, agus tug sé é féin air ar son a ofráil agus na ioḋbairt ḋeaġḃaluiḋ do Ḋía.
3Giḋeaḋ sdrióbaċas, nó neaṁġloine ar biṫ, nó saint, ná hainmniġṫear aṁáin ḃar measg íad, mar as iomċuḃaiḋ do náoṁuinḃ; 4Ná gáirrseaṁlaċd, ná coṁráḋ báoṫ, ná cnáid ċainte, noċ is neiṫe neaṁċuḃaiḋ: aċd go maḋ fear liḃ breiṫ ḃuiḋeaċais. 5Oír atá a ḟios so aguiḃ, naċ ḃfuil oiġreaċd a ríoġaċd Ċriosd agus Dé, ag sdríopuiḋ ar biṫ, aig neaċ neaṁġlan, ná ag duine sanntaċ, noċ as íoḋalaḋruiġ,
6Ná meallaḋ éainneaċ siḃ ré bríaṫruiḃ dioṁáoineaċa: óir tug fearg Dé ar son na neiṫeannsa ar ċloinn na heasúṁlaċda. 7Uime sin ná bíġíḋ na gcumann. 8Oír do ḃáḃair ar uáiriḃ ḃar ndorċadus, aċd a nois ḃár sola sa Dtíġearna: siuḃluiḃ mar ċloinn an tsolais. 9(Oír atá toraḋ na Sbioruide sa nuile ṁaiṫ agus ḟíreuntaċd agus ḟírinne;) 10Ar mbeiṫ ḋáoiḃ ag dearḃaḋ créd é an ní iona mbí deagṫoil an Tíġearna. 11Agus ná bíoḋ cumann aguiḃ ré hoibriġiḃ neaṁṫarḃaċa an dorċaduis, aċd go maḋ luáiṫe ríḃ ḋá loċduġaḋ. 12Oír as gráineaṁuil ré a ninnisin aṁáin na neiṫe do níd síad ós íseal. 13Giḋeaḋ bíd na huile neiṫe follas ar mbeiṫ ḋóiḃ diomolta ón tsolas: óir a sé an solas do ní gaċ ní gaċ ní foillsiġe. 14Uime sin a deir sé, Músguil a ḋuine átá ad ċodlaḋ, agus éiriġ ó na ṁarḃuiḃ, agus do ḃéura Críosd solas duit.
15Uime sin táḃruiḋ dá ḃur náire cionnas do ṫiucfaḋ riḃ siúḃal go haireaċ: ní mar ḋruing gan eagna, aċd mar ḋruing eagnuiḋe, 16Ag fúasglaḋ na haimsire do ḃríġ go ḃfuilid na laeṫe go holc. 17Uime sin na bíġiḋ neaṁġlic, aċd tuigiḋ créd í toil an Tíġearna. 18Agus ná bíġiḋ ar meisge ó ḟíon, iona ḃfuil cráos; aċd bíġiḋ ar ḃur líonaḋ don Sbioruid; 19Ag láḃairt ré ċéile a salmuiḃ agus a ḃfonnuiḃ diaġa, agus a gcaintiġiḃ sbioradálta, ag seinm agus ag déunaṁ ceóil do Tíġearna ann ḃur gcróiḋṫiḃ. 20Ag breiṫ ḃuíḋeaċais do ṡíor ré Día agus an Taṫair, a nainm ar Dtíġearna Iósa Críosd, ar son na nuile neíṫeann; 21Ag déunaṁ úmlaċda ḋá ċéile a neagla Dé.
22A ṁná, bíġiḋ úṁal dá ḃur ḃfearuiḃ féin, aṁuil do ḃíaḋ siḃ don Tíġearna. 23Ar a naḋḃarsin gur ab é an fear ceann na mná, aṁuil a sé Críosd ceann na heagluise: agus is é slánaiġṫeóir na cuirpé. 24Uime sin aṁuil atá a neagluis úṁal do Ċríosd, go maḋ haṁluiḋ sin ḃías na mná dá ḃfearuiḃ féin a ngaċ éinní. 25A ḟiora, bíoḋ gráḋ aguiḃ dá ḃur mnáiḃ, mar do ġráḋuiġ Críosd a neagluis, agus tug sé é féin air a son; 26Ionnus go ndéanaḋ náomṫa í ar na glanaḋ ḋó a niġe uisge trés an mbréiṫir, 27Ċum a déunta ḋó féin na heagluis ġlórṁuir, gan ċáiḋe, gan ċasaḋ, ná ní as cosṁuil ríu sin; aċd ionnus go mbíaḋ sí náoṁṫa neiṁċionntaċ. 28As aṁluiḋ sin as coir do na fearuiḃ a mná do ġráḋuġaḋ mar a gcorpuiḃ féin. An tí ġráḋuiġeas a ḃean a sé féin ġráḋuiġeas sé. 29Oír ní ṫug éunduine ríaṁ fós fúaṫ ḋá ḟeóil féin; aċd do ḃeir beaṫa agus clúḋaḋ ḋi, do réir mar do ḃeir an Tiġearna don neagluis. 30Oír as buill dá ċorpsan sinne, dá ḟeóil, agus dá ċnáṁuiḃ. 31Dá ḃríġ so fúigfiḋ duine a aṫair agus a ṁaṫair, agus bíaḋ sé ceanguilte ḋá ṁnáoi, agus béid a ráon na náoin ḟeóil. 32As seicréid ṁór so: aċd as air Ċríosd agus a neagluis láḃruimse. 33Uime sin gráiḋeaḋ gaċ áon aguiḃ a ḃean mar é féin; aċd go mbíaḋ an ḃean eaglaċ rioṁ an ḃféar.
Currently Selected:
Heṗesiánaċ 5: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: