YouVersion Logo
Search Icon

Heṗesiánaċ 4

4
Caibidil IV
Brosdaḋ na Ccineaḋaċ ċum áondaċd eatorra fein, 17 agus scur ó na seanġnáṫaiġṫiḃ mioṫarḃaċ, mionáireaċ.
1Uime sin, sirimse air mbeiṫ um ḃráiġe ar son an Tíġearna, daṫċuimġe oruiḃ síuḃal dáoiḃ mar is iomċuḃaiḋ do ġairm ċum ar goireaḋ siḃ, 2Maille ris a nuile úṁlaċd inntinne agus ċeannsaċd, maille ré foiġid ḟada, ag iomċur ré ċeile a ngráḋ; 3Ag déunaṁ díṫċill air áondaċd na Sbioruide do ċoiṁéud a gcoiṁċeangal sioṫċána. 4Eúnċorp, agus éin Spiorad atá ann, aṁuil fós do goireaḋ siḃ a néunṁuiniġin ḃur ngarma; 5Eín Tíġearna, einċreideaṁ, éun ḃaisdeaḋ, 6Eín Ndía agus Aṫair na nuile, noċ atá ós cionn na nuile, agus trés na huiliḃ, agus ionnuiḃse uile. 7Aċd tugaḋ grás dá gaċ áon aguinn do réir ṁiosúir ṫioġlaice Ċríosd. 8Uime sin a deir sé, Ar ndul dó súas a náirde, go rug sé an ḃruid a mbráiġdeanas ris, agus tug sé tioġlaice do ḋáoiniḃ. 9Aċd go ndeaċuiḋ sé súas, créd is cíall dó aċd go ndeaċuiḋ sé síos ar tús mar an gcéúdna go hionaduiḃ iaċdaraċa na talṁan? 10An tí do ċuáiḋ síos a sé an neaċ céudna do ċuáiḋ súas go hard ó na huile neaṁuiḃ, ċum na nuile do líonaḋ ḋó. 11Uime sin tug sé drung áiriġe, na nabsdaluiḃ; agus drung eile, na ḃfaiḋiḃ; agus drung eile, na náoḋairiġiḃ agus na luċd teaguisg; 12Ċum na náoṁ do ċeangal go diongṁálta ré ċéile, ċum oibre na miniosdrálaċda, agus ċum follamnuiġṫe ċuirp Ċríosd: 13Go teaċd dúinn uilea náonḋaċd an ċreidiṁ, agus eólais Ṁic Dé, mar ḋuine iomlán, agus do réir ṁiosúir áoise iomláine Ċríosd: 14Ionnus naċ beimís ó so amaċ ar leanbuiḃ, dár mbogaḋ agus dár nglúasaċd, fa gcuáirt ré gaċ uile ṡuinnéun teaguísg, ré cleasraḋ dáoineaḋ, agus ris an ngliocas ceilge, an a mbíd ag luiġeaċan ċum mealltóireaċd; 15Aċd ar mbeiṫ ḋúinn ag leanṁuin do ḟírínne a ngráḋ, fásam sna huile neiṫiḃ, ċum an tí as ceann ann, eaḋon Críosd: 16O na ḃfaġann an corp uile ar mbeiṫ ḋó go ceart coimċeanguilte, agus dluṫaiġṫe ré ċéile tré ċoiṁċeangal na nuile ḃall ré a gcoiṁlíontar é, maille ré hoibriuġaḋ bríoġṁar do réir ṁiosúir gaċ éunḃuill, fás iomċuḃaiḋ cuirp ċum a ḟollaṁuiġṫe féin a ngráḋ.
17Uime sin a deirim so, agus tógḃuim an Tíġearna dfíaḋnuise air, gan siḃse do ṡiúḃal feasda, mar ṡiúḃluid na Cineaḋaċda eíle, a ndioṁáoineas a ninntinne, 18Agá ḃfuil a dtuigse ar na dallaḋ, ar mbeiṫ ḋóiḃ na gcoiṁiġṫeaċuiḃ do ḃeaṫa Dé do ḃríġ a nainḃfis atá ionnta, tré ċrúas a gcroiḋe: 19Noċ ar mbeiṫ ḋóiḃ gan móṫuġaḋ ionnta tug iad féin do ṁíonáire, ċum gaċ uile neaṁġloine do ḋéunaṁ maille ré saint. 20Aċd ní mar sin fúaraḃairse foġluim Ċríosd; 21Má ċúalaḃair é, agus má teaguisgeaḋ siḃ ris, (aṁuil atá a nfírinne a Níosa:) 22Gur coir ḋáoiḃ do réir na céud ċoinḃearsáide an seanduine do ċur ḋíḃ, noċ atá ar na ṫruáilleaḋ ó ainṁíanuiḃ seaċráin; 23Agus ḃeiṫ ḋáoiḃ ar ḃur naṫnúaḋuġaḋ a sbioruid ḃur ninntinne; 24Agus an duine núaḋ do ċur íomuiḃ, noċ atá ar na ċrúṫuġaḋ do réir Dé a ḃfiréuntaċd agus a ḃfíornáoṁṫaċd.
25Uime sin ar ndealuġaḋ ris an mbréig ḋáoiḃ, láḃraḋ gaċ áon aguiḃ a nfírinne ré ná ċoṁarsuin: óir as buill dá ċéile sinn. 26Bíoḋ fearg oruiḃ, giḋeaḋ ná déunuiġ peacaḋ: ná maireaḋ ḃur ḃfearg go dul na gréine fáoi: 27Agus ná tuguiḋ áit do diáḃal. 28An tí do rinne goid ná gadah ní sá ṁó: aċd go maḋ luáiṫe ḋeánas sé sáoṫar, ag oibriuġaḋ maiṫeasa ré na láṁuiḃ féin, ionnus go mbíáḋ ní aige ré ṫaḃairt don tí air ḃfuil ríaċdanus. 29Ná tiġeaḋ bríaṫar ar biṫ ṫruáilliġe amaċ as ḃur mbéul, aċd giḋ bé bríaṫar ḟoġnas ċum follamnuiġṫe, ionnus go dtíuḃraḋ grása don luċd éisdeaċa. 30Agus ná cuiriḋ doilġeas ar Sbioruid náomṫa Dé, lér cuireaḋ séula oruiḃ go lá an ḟúasgluiġṫe. 31Bíoḋ gaċ uile ṡearḃus, agus gaċ aingiḋeaċd, agus gaċ fearg, agus gaċ gárrṫa, agus gaċ iṫiomraḋ, ar ná ṫogḃáil uáiḃ, maille ris a nuile olc: 32Biġiḋ soċroiḋṫeaċ, trócaireaċ ḋá ċéile, ag taḃairt maiṫeaṁnuis uáiḃ, aṁuil tug Día mar an gcéudna maiṫeaṁnus dáoiḃse a Gcríosd.

Currently Selected:

Heṗesiánaċ 4: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in