Heṗesiánaċ 3
3
Graḋ Ċríosd ro iongantaċ, a soillsiuġaḋ na Cineaḋaċ ainbfiosaċ.
1Ar a naḋḃarsa atáimse Pól, um ḃráiġe Díosa Críosd ar ḃur sonsa a Ċíneaḋaċa, 2Má ċuálaḃair feaḋmanntas ġrás Dé tugaḋ ḋaṁ ḃur dtáoḃsa: 3Oir gur ḟoillsiġ sé ḋaṁ do réir ṫaisbéunta an rúindíaṁair; mar do sgríoḃ mé roiṁe go haiṫġearr; 4As ar féidir liḃ, ar na léuġaḋ ḋíḃ, meólussá a rúindíaṁair Ċríosd do ṫuigsin, 5Noċ sna haimsearruiḃ eile nár foillsiġeaḋ do ċlannuiḃ na ndáoine, do réir mar atá sé a nois ar na ḟoillsiuġaḋ dá absdaluiḃ náomṫa agus da ḟáiḋiḃ trés an Spioruid; 6Eaḋon go mbeidís na Cineaḋaċa na gcoṁoiġriḋiḃ, agus na gcoṁċorp, agus rannṗáirteaṁuil ann a ġeallaṁnasan a Gcríosd trés an soisgéul: 7Ar a ndearnaḋ minisdir ḋíomsa, do réir ṫioḋluice ġrás Dé tugaḋ ḋaṁ maille ré hoibriuġaḋ bríoġṁar a ċúṁaċdsan. 8Ḋúṁsa, is lúġ na an tí as lúġa do na huile náoṁuiḃ, do tugaḋ an grás so, eaḋon saiḋḃreas dóċúartuigṫe Ċríosd do ṡoisgéuluġaḋ a measg na Gcineaḋaċ. 9Agus a ḟoillsiuġaḋ do na huile ḋáoiniḃ créd é cumann ná rúindiaṁra, noċ do ḃí folaiġṫe ó ṫus an doṁain a Ndía, noċ do ċrúṫuiġ na huile neiṫer tré Iósa Críosd: 10Ionnus go ndéantáoi a nois follas trés a neagluis éagna éugsaṁuil Dé dúaċdaránuiḃ agus do ċúṁaċduiḃ ar neaṁ, 11Do réir an réiṁċinniḋ ṡíorruiḋe noċ do rinne sé a Níosa Críosd ar Dtíġearna: 12As a ḃfuil dánaċd aguinn agus sliġe ré ḋul a steaċ maille ré dóṫċas tré ċreideaṁ annsan. 13Uime sin iarruim daṫċuinġe gan siḃ do ḋul a nanḃfainne tré mo ḃuáiḋearṫuiḃse ar ḃur sonsa, noċ as glóir ḋáoiḃse.
14Ar a naḋḃarsa filleam mo ġlúine Daṫair ar Dtíġearna Iósa Críosd, 15As a nainmniġṫear a nuile aṫarḋaċd air neam agus air talaṁ. 16Ionnus go dtíuḃraḋ sé ḋiḃ, do réir ṡaiḋḃris a ġlóire, ḃeiṫ láidir neartṁar tré na Sbioruid sa duine don táoḃ a stiġ; 17Ionnus go ndéanaḋ Críosd coṁnuiḋe tré ċreideaṁ ann ḃur gcroiḋṫiḃ: 18Ionnas ar mbeiṫ díḃ, ar ḃur ḃfréuṁuġaḋ agus ar ḃur bfonndameantuġaḋ a ngráḋ, go maḋ féidir liḃ a ċoimsiúġaḋ maille ris na huile náoṁuiḃ créd é an leiṫead, agus an fad, agus an doiṁne, agus an aired; 19Agus eólus ro oirḋeirc ġráḋa Ċríosd do ḃeiṫ aguiḃ, ċum go lionfuiḋe siḃ ré huile iomláine Dé. 20Uime sin don tí lér féidir na huile neiṫe do ḋéunaṁ go hiomarcaċ tar mar iarrmuid nó mar smuáinemíd, do réir an ċúṁaċd oibriġeas ionnain, 21Don tí sin glóir sa neagluis tré Iósa Críosd ó ḋíne go dine, go sáoġal na sáoġal. Amén.
Currently Selected:
Heṗesiánaċ 3: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.