Heṗesiánaċ 2
2
Caibidil II
Olcus staid ḋuine ó nádur, 13 aċd gu rug Críosd a ḃfogus do ḋeaġ-ḃeaṫa, 18 agus do Ḋía é.
1Agus dó ḃeóḋuiġ sé siḃse, ar mbeiṫ díḃ marḃ a gcionntuiḃ agus a bpeacuiġiḃ; 2Ann a raḃaḃair a nallód ag siuḃal do réir nóis an tsáoġailse, do réir an ṗrionnsa agá ḃfuil cúṁaċda a naiéir, agus na sbiorúide óibriġeas a nois a gcloinn na heasúṁlaċda: 3Agá raḃamairne uile mar an gcéudna nar gcoinḃearsaid a nallód a nainṁíanuiḃ na colla, ag taḃairt a tóla féin don ċoluinn agus do na smuáintiġiḃ; agus do ḃámar ó nadúir ar gcloinn na féirge, éaḋon mar ċáċ. 4Aċd Día, noċ atá saiḋḃir a dtrócaire, tré na ṁórġráḋ lér gráḋuiġ sé sinn, 5Ar mbéiṫ ḋúinn fós marḃ tré ċionntuiḃ, do ċóiṁḃeóḋuiġ sé sinn maille ré Críosd, is lé grásuiḃ ṡlánaiġṫear siḃ; 6Agus do ċomṫóg sé súas, agus do ċomṡuiġiḋ sé sinn air neaṁ a Niósa Críosd: 7Ionnus go ḃfoillseóċaḋ sé sna haimsearuiḃ atá ċum teaċda saiḋḃreas rolíonṁar a ḃrás tré ṁaiṫeas ḋár dtáoḃne a Níosa Críosd. 8Oír as tré ġrás atá siḃ ar ḃur slánuġaḋ tré ġrás atá siḃ ar ḃur slánuġaḋ tré ċreideaṁ; agus ní uáiḃ féin so: aċd tioglacaḋ Dé: 9Ní ó oibriġṫiḃ, deagla go ndéanaḋ áonduine uáill as féin. 10Oír as sinne a obairsion, air a gcrúṫuġaḋ a Níosa Críosd ċum déaġoibriġeaḋ, noċ do ullṁuiġ Día roiṁ láiṁ, ċum sinne do ṡiuḃal ionnta.
11Uime sin bíoḋ ar coiṁne aguiḃ, ar mbeiṫ ḋaóiḃ a nallód ḃur Gcineaḋaċuiḃ sa ḃfeóil, da ngoirṫí an Neaṁṫimċillġearraḋ ris an druing da ngoirṫear an Timċillġearraḋ do níṫear lé laṁuiḃ sa ḃfeóil; 12Go raḃaḃair sa naimsirsin a néuġṁais Ċríosd, ar mbeiṫ ḋáoiḃ gan buáin aguiḃ ré maiṫeas puibliḋe Israél, agus ḃur gcoiṁiġṫeaċuiḃ do ċonnarṫuiḃ na geallaṁna, ar mbeiṫ díḃ gan muiniġin, agus gan Día ar biṫ aguiḃ san tsáoġal: 13Aċd a nois a Níosa Críosd atá siḃse ḃi ar uáiriḃ neaṁċóṁgaracg ar ḃur ndéunaṁ coṁgaraċ tré ḟuil Ċríosd. 14Oír as eision ar síoṫċáinne, noċ do rinne áon dinn aráon, agus do ḃris síos balla méaḋónaċ na teóruinne; 15Ar gcur a naiṁdeanuis ar gcúl dó tré na ḟeóil, éaḋon reaċd na naiṫeantaḋ maille ris na hórduiġṫiḃ; ionnus go ndéanaḋ sé áonduine aṁáin núaḋ do ḋías ann féin, ag déunaṁ sioṫċána; 16Agus go ndéanaḋ réiḋ ar áon íad ré Día náonċorp tres an gcroiċ, lér ċuir sé an naiṁdeanas ar gcúl: 17Agus ar dteaċd ḋó do ṡoisgéil sé sioṫċáin diḃse náċ raiḃ na ċoṁgar, agus don druing do ḃí na ċoṁgar. 18Oír is trídsion atá ar sliġe ar áon ré dul steaċ ċum a Naṫar a náoin Spioruid. 19Uime sin ní ḃfuiltí ní sa ṁó ḃur gcoiṁiġṫeaċuiḃ ná ḃur gcoigcríoċuiḃ, aċd ḃur luċd áonċaiṫreaċ do na náoṁuiḃ, agus ḃur luċ tiġe Dé; 20Ar mbeiṫ díḃ áitiġṫe ar ḟonndameint na nabsdal agus na ḃfáiġeaḋ, ar mbeiṫ Díosa Críosd féin na ċloiċ ċinn ag an ccuáinne; 21As a ḃfásann an teaguis uile súas ar mbeiṫ ḋó go ceart ceanguilte ḋa ċéile annsan ċum ḃeiṫ na ṫeampoll náoṁṫa sá Dtiġearna: 22Ann a ḃfuil siḃse mar an gcéudna ar ḃur gcomṫógḃáil súas ionnus go mbíaḋ siḃ ḃur dteaġuís ċoṁnuiḋe ag Día trés an Spioruid.
Currently Selected:
Heṗesiánaċ 2: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: